Ní mó ná sásta atá roinnt daoine leis An Caighdeán Oifigiúil nuafhoilsithe. Foirm tháite an bhriathair agus a laghad aitheantais atá tugtha di atá ag dó na geirbe acu. Ar ndóigh, ní le Cúige Mumhan amháin a bhaineann an fhoirm tháite den bhriathar ach fillfidh mé ar an gceist sin i gceann tamaillín. Sílim nár mhiste a rá ar an gcéad dul síos go bhfuil sé in am againn beagán soiléiriú (nó ‘beagán soiléirithe’) a fháil ar ról agus ar fheidmiú an Chaighdeáin, cathain ba cheart é a chur i bhfeidhm agus cén áit ar cheart é a chur i bhfeidhm. Má tá daoine imníoch nach bhfuiltear ag tabhairt aitheantas do leaganacha áirithe atá acu féin sa chaint go nádúrtha, leomhfainnse a rá go mb’fhéidir go bhfuil an iomarca ómóis á thabhairt againn don Chaighdeán, bíodh is gur maith ann dó.
Ina dhiaidh sin féin, measaim gurbh olc an mhaise dúinn gan a admháil go bhfuil éiginnteacht áirithe ann i dtaobh seasamh leaganacha bailí canúnacha de bharr an Chaighdeáin chéanna agus go bhfuil sé in am treoirlínte a leagan síos faoi úsáid na leaganacha sin ar pár – go mór mór i scoileanna Gaeltachta agus i réimse an oideachais fré chéile. Bheadh idir fhoirmeacha briathartha agus leaganacha malartacha d’ainmfhocail (variants Uí Dhónaill) i gceist leis an méid sin agus é curtha in iúl go mbeidís-sean ar comhchéim le haon fhoirmeacha caighdeánacha atá ann, ach soiléiriú a bheith déanta ar an gcomhthéacs a bhainfeadh leo.
Go deimhin féin, ba mhaith an t-am é seo le cur leis na treoirlínte atá déanta cheana ag Dónall P. Ó Baoill agus a chomhscoláirí, ‘Caighdeán Cúng agus Caighdeán Leathan’, ach cur leo sa tslí is go gcumhdófaí na réimsí thuas. Ós rud é gur i dtaobh leis an ‘oifigiúlacht’ atáimid sna cúrsaí seo, déarfainnse go bhfuil sé in am beannacht oifigiúil, údarásach a thabhairt do na treoirlínte sin anois.
Mholfainn freisin gur cainteoirí dúchais Gaeltachta atá oilte ar an gceird a chuideodh le cur leo más gá athchuairt a thabhairt orthu. Beannacht na hoifigiúlachta a fháil dóibh i scoileanna Gaeltachta, i nGaelscoileanna agus in Ollscoileanna an gad is giorra do scornach an údair seo – agus comhionannas idir caighdeán agus canúint a bheith á bhaint amach dá réir.
Tá sé léirithe cheana ag foireann Raidió na Gaeltachta agus ag foireann nuachta TG4 gur féidir a leithéid a dhéanamh ach daoine oilte a bhfuil ciall acu a bheith bainteach leis an gceird.
Má dhéanaimid an méid sin, b’fhéidir go n-éireodh linn cuid de na leaganacha breátha canúnacha atá againn thuaidh, thiar agus theas a chaomhnú agus comhionannas a bhaint amach dóibh, óir samhlaítear stádas níos ísle a bheith ag roinnt leo nuair nach dtugtar aitheantas oifigiúil dóibh.
Gné lárnach den chaomhnú sin is ea amhráin agus scéalta béaloidis a mhúineadh an athuair agus modúl den chineál sin a bheith mar chuid de chúrsaí Gaeilge na tíre ar gach leibhéal.
Le filleadh ar cheist na foirme táite, áfach, léiríonn an chaint ar fad ar ‘feall’ a bheith déanta ar Ghaeilge na Mumhan sa Chaighdeán nua gur beag atá a fhios againn faoi chanúintí a chéile agus gur gá cur leis an bhfoghlaim i gcónaí.
Is minic a chloisfeá an fhoirm tháite den bhriathar i gCúige Chonnacht agus ceist á freagairt; a leithéid seo ag beirt as Conamara, mar shampla: ‘An raibh tú amuigh aréir, a Mháirtín?’ ‘Bhíos’.
Nó é seo agam féin le máthair mo pháirtí le déanaí agus mé ag iompú ar Ghaeilge na háite: ‘Tá mise a dhul a bheith dána agus burger a bheith a’m.’
‘An bhfuilir?!’ ar sise liom.
Ní fhéadfainn a rá le fírinne gur chaitheas mórán ama i nDún na nGall, ach thugas suntas don sampla seo ag Dónall P. Ó Baoill in ‘An Teanga Bheo’ (Gaeilge Dhún na nGall):
‘An [n-]ólfaidh tú tae?’ ‘Ólfad’.
Tabhair cúpla lá ar oileáin Árann agus cloisfidh tú meascán den dá chóras – foirm tháite is foirm scartha – ag muintir na n-oileán, go mór mór in Inis Oírr, áit a dtáinig Gaeilge na ndaoine faoi anáil Ghaeilge Chontae an Chláir, canúint a mhair go dtí deireadh na ndaicheadaí seo caite agus a raibh idir thréithe Muimhneacha agus tréithe Connachtacha ag roinnt léi.
An chanúint bheo is cóngaraí do Ghaeilge úd an Chláir sa lá inniu ná Gaeilge na nDéise, mar a bhfaighidh duine corrshampla den fhoirm scartha sa chéad phearsa, uimhir iolra, agus amhráin an cheantair sin á scagadh aige (e.g. bhímíd = bhíoma[i]r, bhí muid) – rud a thagann salach ar nósmhaireacht na Mumhan i gcás na pearsa áirithe sin.
Os a choinne sin, chuala cara liom samplaí den fhoirm tháite sa chéad phearsa uimhir iolra ag seanathair a chéile (e.g. cheapama[i]r etc), cainteoir dúchais as an gCeathrú Rua.
Dá fhorleithne samplaí den dá fhoirm i ngach canúint, áfach, is í an fhoirm scartha atá in uachtar anois – go háirithe i measc cainteoirí óga – agus is i dtreise a rachaidh an scéal sin amach anseo. Mar seo thíos atá an córas ag cainteoirí óga i nGaeltacht Chonamara – agus cloisfir a leithéid seo ag cainteoirí breátha atá os cionn an dá scór agus go fiú os cionn an trí scór anois:
Bheadh mé (mise), bheadh tú (tusa), bheadh sé/sí, bheadh muid(e), bheadh sibh(se), bheadh siad(san).
Díol suntais do roinnt, b’fhéidir, an cruth atá ar an gcéad dá phearsa thuas, mar aon leis an bpearsa dheireanach, óir ní hiad atá ann go stairiúil sa chaint sa mhodh coinníollach i gConnachta theas. Ach is iad atá sioctha sa chaint thiar anois, a bheag nó a mhór. Samplaí eile a chloisimse ó lá go lá sa taobh seo tíre a léiríonn éabhlóid na cainte: An mbíodh tú, ní thuigfeadh mise, thabharfadh siad, dhéanfadh tusa agus déanann mise.
Glactar leo seo go forleathan anois agus ar éigean a thugtar faoi deara iad, má thugtar in aon chor. Mar bharr ar mhiondifríochtaí canúna, is iad na leaganacha thuas a fhágann beagán cúthaileach mo leithéidse agus foirmeacha mar gheibhimísne (CO = d’fhaighimisne, caint Chonamara = “d’fhaigheadh muide”) á rá agam. Ná ní chloisfear leaganacha mar ní déarfainn nó ní dú[i]rt anseo timpeall ach oiread.
Is go fíordhrogallach, cuir i gcás, a d’fhiafróinnse de dhuine de mhuintir na háite ‘A’ n-imríteása leo sin?’ agus club áitiúil peile sa treis againn. Céard a bheadh aigesean ach ‘A’ mbíodh tú féin ag imirt leo sin?’ Is duine láidir an té a sheasfaidh leis na leaganacha sin agus gan faitíos air go ‘gceartófaí’ é, nó, nach dtuigfí é más aige amháin atá na leaganacha sin sa pharóiste ina bhfuil sé ag cur faoi. Is é seo an rud a mbaisteann sochtheangeolaithe ‘imní shóisialta’ air sa Ghaeilge Nua, ach tá imní faoi aineolas agus easpa tuisceana laistiar de chomh maith, ní áirím easpa glacadh (CO = easpa glactha).
Is chuige seo atáim: bíonn glacadh sóisialta lárnach sna cúrsaí seo agus déanfaidh daoine a gcuid féin den teanga ar shlí thar a bheith daonlathach, dár ndeoin nó dár n-ainneoin. Idir an dá linn, áfach, bímis ag foghlaim faoi chanúintí a chéile – mar a bhí is mar atá – agus cuirimis fáilte roimh an éagsúlacht.
Mar fhocal scoir, tá samplaí áirithe den fhoirm tháite cosctha ar an Muimhneach, ar an gConnachtach agus ar an Ultach araon, cé gur ar an té atá ag cur faoi in iarthar na Mumhan is mó a ghoillfidh an cosc seo. Ina dhiaidh sin is uile, ní gá don Chaighdeán a bheith ina mháistir ar éinne againn agus is féidir linn idir Chaighdeán agus Chanúint a fhoghlaim má thograímid é, ach treoirlínte soiléire a bheith leagtha síos don dá bheithíoch agus an dearcadh ceart a bheith againn chuige.
Cuimhnímis gur údar gairdis na canúintí beo Gaeilge nach bhfuil teora lena n-áilleacht ná lena saibhreas. Ceiliúraimis iad agus ná déanaidís deighilt eadrainn – tá an iomarca cneácha is créachtaí le cneasú againn mar atá agus is i dteannta a chéile is fearr sinn/muid/muinn.
Muid
Alt ciallmhar meáite, mar is dual do Kevin Hickey.
Áine
Tá ciall lena bhfuil anseo,… Is ‘caighdeán oifigiúil’ atá i gceist… sin do cháipéisí oifigiúla stáit agus más gá duit do scéala a mhíniú i gGaeltachtaí uile na tíre agus mar sin di… ní ionann sin agus a rá agus go bhfuil aon rud ‘mícheart’ leis an gcanúint áitiúil agus tá sé fíor-thábhachtach go háirithe ag an mbunscoil agus sa meánscoil go múinfí an chanúint áitiúil… (i.e. tá gá go mbeadh eolas cruinn ar an gcanúint áitiúil agus ar an gcaighdeán ag múinteoirí)…. ansin ach a mbeadh an chanúint áitiúil ar a dtoil ag daoine…. is furasta an caighdeán a mhúineadh mar nach bhfuil ann ach leaganacha eile ar an nGaeilge… cuireann an iomarca caint ar ‘chaighdeán’ mearbhall ar dhaoine… dá ndíreofaí ar Ghaeilge chruinn labhartha na háite .. ansin an gramadach a mhúineadh agus ansin labhairt ar chaighdeán… is maith mar a éiríonn le foireann nuachta RnaG agus Nuacht TG4 tabhairt faoi seo mar go n-úsáideann na léitheoirí Gaeilge chruinn cheart ach i cibé canúint a bhíonn ag an duine féin… an chumarsáid is tábhachtaí agus duine a bheith nádúrtha ina gcuid cainte agus go mbeadh scéal agat ina ndiaidh …seachas líon ainmfhocal, tuiseal ginideach cruinn ceart….tá tábhacht le cruinneas ach is tábhachtaí fós tuiscint agus cumarsáid… ach i dteannta a chéile is fearr iad.
Tash
Aontaím go hiomlán leat a Áine.
Caighdeán óifigiúil ar son cursaí oifigiúil agus canúintí nádúrtha ar son gnáth caint nádúrtha na daoine.
sinn/muid/muinn
Is dócha go bhfuil údar an ailt seo ag caint faoi rud éigin níos leithne ná an ‘Caighdeán Oifigiúil’ agus sin é easpa tuisceana faoi éagsúlachtaí canúna i measc muintir na Gaeilge. Déarfainn féin gurb í an easpa tuisceana sin an chúis is mó a bhíonn leis an ‘imní shóisialta’ a luann sé san alt. (Ní gá bheith imníoch faoi foirmeacha canúnacha má tá daoine ar an eolas fúthu.) Dár ndóigh, ní dhéanann an Caighdeán – ná an córas oideachais mar atá – aon rud chun dul i ngleic leis an easpa tuisceana seo. Bheadh ‘Caighdeán Leathan’, caighdeán tuairisciúil a chuirfeadh síos ar na mór-chanúintí go léir agus a bheadh mar uirlis oideachais sna scoileanna ina chabhair mhór dúinn ón taobh sin de. Agus, dá mba rud é go mbeadh ‘Caighdeán Leathan’ den saghas seo againn, bheifí ábalta ‘Caighdeán Cúng’, caighdeán saintreorach gan roghnachas ar bith a bheadh oiriúnach don rialtas amháin, a chur ar fáil don rialtas agus dá chuid oibrithe.
Ní cainteoir dúchais atá ionam ach tuigim go maith nach mbeadh státseirbhíseach ó Chiarraí sásta le Caighdeán a aithníonn tréithe canúnacha dá chomhghleacaí as Tír Chonaill agus nach n-aithníonn tréithe canúnacha dá chanúint féin. Táim cinnte go bhfuil ‘Caighdeán Oifigiúil’ de dhíth, ba chóir áfach go mbeadh an caighdeán sin ina ‘Chaighdeán Cúng’ – .i. Caighdeán cruinn simplí gan roghnachas ar bith. Is é an ‘Caighdeán Cúng’ a bheadh oiriúnach do dhaoine a bhfuil cúramaí stáit orthu agus an ‘Caighdeán Leathan’ a bheadh oiriúnach do dhaoine a bhfuil eolas faoin saibhreas atá sna canúintí go léir á lorg acu.
Os rud é nach bhfuil ach aon chaighdeán amháin againn áfach, b’fhearr liom go leathnófaí an ‘Caighdeán Oifigiúil’. Níor chóir, ar aon nós, go mbeadh muid sásta le Caighdeán a thugann neamhaird ar rudaí chomh bunúsacha leis an slí ina ndeirtear ‘ólfaidh mé’, ‘bhí tú’, ‘bhris sibh’, ‘an bhfuil siad’, agus mar sin de, in aon chanúint dár gcuid. Bheinn an-sásta, dá bharr, dá gcuirfí i bhfeidhm ‘Córas na Foirme Scartha’ agus ‘Córas na Foirme Táite’ mar a bhí luaite san alt eile a foilsíodh an tseachtain seo caite. Faoi láthair, tá meascán amaideach de na foirmeacha scartha agus de na foirmeacha táite sa Chaighdeán – meascán nach bhfuil in úsáid go nádúrtha in aon chanúint ná ag aon chainteoir is dócha. (Mar a deir údar an ailt, tá an fhoirm scartha in úsáid go forleathan ar fud na tíre agus ceapaim go bhfuil sí chomh hoiriúnach don fhocal scríofa oifigiúil agus mar atá sí don fhocal labhartha.) Tá sé thar am ‘Córas na Foirme Scartha’ a chur ar bun, ach ní gá fáil réidh leis an bhfoirm tháite chun é sin a dhéanamh – léiríonn an roghnachas atá sa Chaighdeán cheana féin nach gá.
Má cheap coiste an Chaighdeáin gur theastaigh ó na státseirbhísigh rogha oifigiúil idir ‘tá muid ag dul i ngleic leis an fhadhb’ agus ‘táimid ag dul i ngleic leis an bhfadhb’, taibhsítear dom nach ndéanfadh sé aon dochar d’aon duine dá mbeadh rogha oifigiúil idir foirmeacha de nós ‘Chuadar/Chuaigh siad i ngleic leis an fhadhb’ agus ‘Bá choir go rachaidís/rachadh siad i ngleic leis an bhfadhb’. An té a mbeadh deacrachtaí le foirmeacha de nós ‘Chuadar’ nó ‘Rachadh siad’ aige, is féidir leis dul i muinín le ceann amháin de na foclóirí iontacha atá ar fáil – saor in aisce! – ar an idirlíon anois.
Maidir le húsáid na foirme táite sna canúintí eile, léigh mé tráth nach n-úsáidtear í ach amháin chun ceisteanna a fhreagairt. Is é sin an difear mór atá idir an úsáid a bhaintear aisti i gCanúint na Mumhan agus sna mór-chanúintí eile. Fág amach an méid a dúirt máthair pháirtí an údair agus is freagraí ar cheisteanna iad gach ceann de na samplaí a luann sé. (I dtaobh an shampla ó mháthair a pháirtí, ceapaim féin go raibh sise ag baint úsáid as a chanúint díreach mar a bhí déanta aige nuair a bhain seisean úsáid as a canúintse. Tarlaíonn sé sin go minic agus Gaeil a bhfuil canúintí éagsúla acu i mbun cainte le chéile.) Mar sin féin, aontaím go hiomlán leis go bhfuil na héagsúlachtaí idir na canúintí an-shuimiúil ar fad agus ba chóir go mbeadh siad – nó go mbeidís, fiú! – ar eolas ag níos mó do na daoine a labhraíonn an Ghaeilge. Cúis eile ‘Caighdeán Leathan’ tuairisciúil faoi na canúintí go léir a chur le chéile, dar liom!