Bhíomar croíbhriste gur buadh ar ár bhfoireann, ach ní raibh an phian chomh léanmhar an babhta seo

Níor chas Gaillmheach amháin féin liom a dúirt nach raibh an chraobh tuillte ag Ciarraí agus is cinnte gur ruaig ardtaispeántas Shane Walsh cuid mhaith den ghruaim

Bhíomar croíbhriste gur buadh ar ár bhfoireann, ach ní raibh an phian chomh léanmhar an babhta seo

Is mór an sólás é an mótarbhealach agus duine ag filleadh abhaile as Páirc an Chrócaigh lá nach n-éiríonn lena fhoireann cluiche mór a bhuachan ansiúd. Laghdaíonn sé an t-achar a chaitheann tú san áit údaí ar a dtugtaí Purgadóir fadó.

Ar mhaithe libhse nach raibh ar an saol aimsir an dianteagaisc, ní raibh an teocht sa bPurgadóir céanna baileach chomh hard agus a bhí sé in Ifreann. Chomh maith leis sin ba ghnách le coimeádaí na n-eochracha an geata a oscailt anois agus arís, rud nach ndearna fear na n-adharc ariamh.

Mar sin féin níorbh áit é chuig a dtiocfá ar do thoil féin.

Ar mo bhealach siar tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite agus mé caochta ag solas na gréine a bhí ag dul fúithi siar ó Árainn a chuimhnigh mé air sin. Chuimhnigh mé freisin ar na haistir fhada a déanadh faoi bhuairt – anoir trí Leamhcán, Léim an Bhradáin, Maigh Nuad, Cionn Átha Gad, Bealach Bhaile an Mhuilinn, Droichead Chaisleán Loiste, Móta Gráinneoige, Baile Átha Luain, Béal Átha na Sluaighe, Baile Locha Riach agus Órán Mór gur shroich duine cathair na Gaillimhe faoi dheireadh.

Bhíodh an trácht chomh dona sin go raibh an deis ann líon na gcustaiméirí i chuile thábhairne a chomhaireamh ach an doras ansiúd a beith oscailte – na hainmneacha os cionn na ndoirse sin greanta chomh soiléir i do chuimhne agus a bhí na cinn i do cheantar féin.

Tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite bhí an comhrá sa ngluaisteán chomh gann céanna agus a bhíodh, ach a bhuíochas don M6 ba ar éigean a bhí grian Árann gaibhte as amharc nuair a bhíothas ag casadh na heochrach sa doras sa mbaile.

Ar chúis éicint ní raibh an phian chomh léanmhar an babhta seo. Tá siad ann a déarfadh gurb í an aois is cúis leis sin agus chuirfeadh lucht an tsearbhais ar mo shúile gur imithe i gcleachtadh ar a leithéid atá mé.

Ní thiocfainn leo.

Ó bheith ag caint le cairde agus le comharsana le seachtain, tá go leor acu sa mbád céanna. Croíbhriste gur buadh ar a bhfoireann, ach thar a bheith bródúil as an imirt a rinne siad sa gcluiche ceannais agus go deimhin sa bhfeachtas a thug chomh fada leis sin iad.

Tá aitheantas freisin ann go mba ag Ciarraí a bhí an fhoireann ab fhearr nuair a tháinig an crú ar an tairne. I gcluichí gur beag a bhíonn idir na foirne cuimhnítear ar chuile bhotún a rinne imreoirí/réiteoirí, agus ar sheansanna agus ar phasanna a chuaigh ar strae.

Fós níor chas Gaillmheach amháin féin liom a bhí doicheallach nó a dúirt nach raibh sé tuillte ag Seán O’Shea agus ag Joe O’ Connor corn Mhig Uidhir a ardú.

Níl aon amhras ach an oiread orm ach gur ruaig ardtaispeántas Shane Walsh cuid mhaith den ghruaim a bheadh go hiondúil orthu siúd a raibh mé ag caint leo.

Ní dóigh liom go bhfaca mé a shárú in aon cheann de na cluichí ceannais eile a chonaic mé – sin beagnach 60 cluiche má chuireann tú athimirtí san áireamh.

Feicim beagán argóna ar siúl ó shin maidir leis an ngradam ‘Laoch na hImeartha’ a bheith tuillte aige. Le fírinne níl ansin ach seó sráide. In imirt foirne ní bhíonn ina leithéid de ghradam ach tuairimíocht duine amháin nó cúpla duine. I gcluichí móra is féidir glacadh leis beagnach i gcónaí gur ar an bhfoireann bhuacach a bheas an té sin.

Gradam é nach raibh mórán tóra ariamh agam air agus is lú mo shuim anois ann nuair is ar mhaithe le poiblíocht a thabhairt do chomhlachtaí gnó a bhaineann a leath.

Ná ceap mar sin féin nach dtréaslaím a ghradam le David Clifford. Lomchlár na fírinne nach mbuafadh Ciarraí dá uireasa siúd Dé Domhnaigh ach an oiread agus a bheadh Gaillimh chomh gar sin don sprioc ag an deireadh d’uireasa an Bhreathnaigh.

Chomh maith leis sin is é an rud is lú a bhíonn ó leithéid Shane Walsh nuair a shéidtear an fheadóg i gcluichí ar nós cheann an Domhnaigh seo caite go mbeadh orthu aghaidh a thabhairt ar cheamaraí teilifíse agus iarracht a dhéanamh guaim a choinneáil orthu féin – gan ann ach an duais ba mhó a bhí uathu i saol an spóirt sciobtha chun siúil.

Ní móide go mbeinn chomh buíoch céanna do mórtarbhealach an M6 dá mba siar a bhí an corn le dhul.

Tar éis do Ghaillimh an bua a fháil ar Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iomána 1988, faoi dhó féin a bhreathnaigh muid ar an athfhéachaint Tigh Harry i gCionn Átha Gad. Bhí muid tosaithe ar an tríú ceann nuair a chuimhnigh duine éicint go raibh gasúir curtha ar féarach.

Fág freagra ar 'Bhíomar croíbhriste gur buadh ar ár bhfoireann, ach ní raibh an phian chomh léanmhar an babhta seo'