Ar cheann de na hamhráin Nollag is cáiliúla dá bhfuil againn tá an t-amhrán faoin bhfia a bhfuil an tsrón dhearg air. Rudolf an t-ainm atá air. Deirtear gurb é an naoú fia a bhíonn faoin gcarr sleamhnáin ag Deaidí na Nollag é. Is é an fia is óige acu é freisin.
Ní raibh caint ar bith air go dtí gur scríobhadh scéal agus go ndearnadh amhrán faoi. Fear darbh ainm Robert L May a chuir ar pháipéar é. Meiriceánach a bhí ann a bhíodh ag réiteach ábhar fógraíochta do chomhlachtaí éagsúla.
Le linn dó a bheith ag obair don chomhlacht Montgomery Ward d’iarr siad air leabhrán a d’fheilfeadh do ghasúir a scríobh i gcomhair na Nollag. Bhíodh Montgomery Ward ag ceannacht leabhair dhathúcháin do pháistí roimhe sin agus á dtabhairt in aisce do dhaoine a bhíodh ag ceannacht earraí ina gcuid siopaí.
Shíl siad anois gurbh fhearr dóibh leabhrán den chineál sin a chur ar fáil iad féin. Shábhálfadh sé airgead dóibh agus beart maith fógraíochta a bheadh ann.
Bhí an-ghanntanas airgid ar Robert Lewis May ag an am. Bhí a bhean chéile ag fáil bháis den ailse agus bhí costais ollmhóra sláinte á bhánú.
Ar chuma ar bith shocraigh sé go mbunódh sé scéal an leabhráin ar fhia. Ainmhí a bhí ann a bhain leis an Nollaig agus theastaigh uaidh cineál ‘lachaín gránna’ a dtáinig athrú ar a shaol a dhéanamh de, mar a rinne Hans Christian Andersen ina scéal siúd. Bhí sé féin an-chuthaileach nuair a bhí sé ina ghasúr agus chuimhnigh sé air sin anois
Bhí iníon ceithre bliana d’aois aige agus thug sé leis í go dtí Gairdín na nAinmhithe i bPáirc Lincoln i Chicago Satharn amháin go bhfeicfeadh sé cén chuma a chuirfeadh sé ar an bhfia a bheadh sa scéal aige. Tháinig ealaíontóir darbh ainm Dewer Gillen in éineacht leo freisin.
Chuaigh sé ag obair as éadan ar an leabhrán ansin. Caoga uair a’ chloig a thóg sé air an obair a chríochnú.
De réir mar a chríochnaíodh sé páirt den leabhrán léadh sé an méid a bhí scríofa aige don chailín beag. Bhí sé a cheapadh dá mbeadh sise in ann tuiscint a fháil ar an ábhar go mbeadh leis.
Chomh luath agus a bhí an focal deireanach scríofa aige léigh sé dise agus dá seantuismitheoirí é. D’aithin sé ón loinnir a tháinig ina súile go ndeachaigh an scéal i bhfeidhm go mór orthu.
Rinne deartháir céile Robert L May, Johnny Marks, amhrán as an scéal. Chuir Gene Autrey ar cheirnín é. Díoladh dhá mhilliún go leith cóip de an chéad bhliain agus na milliúin eile de leaganacha de a chas amhránaithe éagsúla ó shin.
Is é an scéal atá san amhrán ar ndóigh go mbíodh na réinfhianna eile ag magadh faoi Rudolf mar gheall ar a shrón dhearg ach gur athraigh sé sin nuair a threoraigh solas lonrach a shróine Deaidí na Nollag oíche a raibh sé ag dul amú sa mbáisteach agus sa gceo.
Mar seo atá an leagan Gaeilge a rinneadh de:
Rudolf an fia rua
Bhí loinnir ar a shrón chomh maith
Agus dá bhfeicfeá ariamh é
Déarfá linn go raibh sé geal.
Bhíodh na fianna eile
Ag gáire is ag magadh faoi,
Ní ligeadh siad ariamh do Rudolf
Páirt a ghlacadh i gcluichí.
Oíche Nollag cheomhar bhán
Tháinig San Nioclás,
“Rudolf le do shrón gheal ghlé
An rachaidh tú os comhair mo shlé?”
Bhí grá ag na fianna eile dó
Is bhéic siad amach os ard.
“Rudolf an fia rua
Nach ortsa a bheas an clú is cáil.”
Therese McGuire
Nach iontach an t alt seo. Bhain mé an taitneamh as. Agus tá focal an amhráin agam anois! GRMMA!