Bhíodh 30 duine ar an mbus scoile as an gCaiseal, ní bhíonn ach mórsheisear ar an aistear sin anois

Sampla maith de thréigean agus tanaíochan na tuaithe is ea An Caiseal i gConamara. Is doiligh a rá céard atá i ndán do cheantair mar é

Bhíodh 30 duine ar an mbus scoile as an gCaiseal, ní bhíonn ach mórsheisear ar an aistear sin anois

An bheocht agus an misneach agus an óige ag imeacht. Ní scéal nua é i bpobal tuaithe an iarthair. Tá samplaí eile ag teacht chun cinn go minic. Cur i gcás an Caiseal in iarthar Chonamara.

Tá an Caiseal suite sa mbearna idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht. Ceantar maith go leor turasóireachta a bhíodh ann cé gur cosúil go bhfuil an tionscal sin lagaithe sa taobh sin tíre le cúpla bliain. “Gabhfaimid ar an gCaiseal agus díolfaidh muid an t-asal, mé féin agus tú féin” a dúradh san amhrán a bhíodh ag an ngrúpa Na Cloigne Folmha tamall maith siar sna blianta. Bheadh an-díth céille uilig go léir ar na Cloigne Folmha dá ngabhfaidís ar an gCaiseal ag díol an asail anois. An t-aonach a bhíodh ann sna blianta a caitheadh, tá sé imithe le fada an lá. Tharla sé sa saol gur imigh aontaí sráide go leor, athrú saoil a bhí ann. Ach tá níos mó ná an t-aonach imithe as an gCaiseal – i bhfad níos mó.

Is dóigh gurb é an socrú nach mbeadh an tAifreann deireadh seachtaine sa Séipéal áitiúil ach uair sa gcoicís feasta an rud a tharraing tuilleadh lagmhisnigh ar an bpobal le gairid. Tá an Caiseal i bparóiste eaglasta Chloch na Rón atá taobh le sagart amháin anois – sagart as an bPolainn, mar a tharlaíonn. Beidh air siúd freastal ar oileán Inis Bó Finne feasta. Níl sé de thriáil aige Aifreann a rá ar an gCaiseal ach uair sa gcoicís.

Tháinig dhá scór duine chuig cruinniú oscailte a d’eagraigh Comhairle Mhuintir an Chaisil Teoranta in Ionad Pobail an Chaisil beagán oícheanta ó shin. Cruinniú mór a bhí ann nuair a chuirtear daonra agus aoisghrúpaí an cheantair san áireamh.

Pobal beag é an Caiseal. Cé go bhfuil seoladh poist an Chaisil tugtha síos le bailte fearainn Dhamhrois, Leitir Ard, Ghlinsce, Chaladh an Chnoic agus Ghabhla níl cuid ar bith acu sin ar an gCaiseal, baineann siad le pobal Charna. Tharla sé gur as Teach Posta an Chaisil a bhíodh fear an phoist ag teacht chuig na bailte sin; ba ansin a bhíodh an oifig dáileacháin. Ach níl ciall ar bith leis an seoladh anois mar go bhfuil teach an phoist imithe as an gCaiseal le cosamar chúig bliana déag. Na bailte fearainn atá ar an gCaiseal, sách scáinte amach atá siad.

Tá an lear den daonra atá os cionn 65 ag bordáil ar 70% i gcuid de na bailte. Bailte fearainn Gaeltachta leath acu sin cé go bhfuil an Ghaeilge scáinte amach freisin.

D’insíodh Pádraic Mac an Rí as Bun na hAbhann dom – fear a fuair aois mhór – gur chuimhneach leis go dtagadh an máistir scoile amach sa gclós spraoi i scoil an Chaisil lena linn féin agus go bhfógraíodh sé ar na gasúir gan a bheith ag Gaeilgeoireacht. Breis agus 100 bliain ó shin anois.

Tá go leor eile imithe le sruth le cúpla scór blianta.

Socraíodh os cionn fiche bliain ó shin nach mbeadh aon sagart lonnaithe ar an gCaiseal as sin amach. Ina dhiaidh sin, d’imigh teach an phoist. D’imigh na siopaí de réir a chéile. Bhíodh ceithre shiopa ar an gCaiseal nuair a bhí an grúpa ceoil  Na Cloigne Folmha agus an t-amhrán faoin ‘asal’ sna ‘charts’ ceoil i gConamara. Níl siopa ar bith ann anois.

De réir mar a bhí an cúlú sin ag tarlú laghdaigh an líon daoine óga freisin. Bhíodh deich nduine fhichead ar an mbus scoile ag teacht as an gCaiseal i dtreo Scoil Phobail Charna sna blianta sin siar. Níl ach mórsheisear ar an aistear sin anois. Cén cosán mar sin atá amach roimh phobail ar nós an Chaisil agus go leor pobal nach é ar imeall thiar na hÉireann?

Bhíodh nath cainte ag iar-aire na Gaeltachta, Donncha Ó Gallchobhair as Acaill, go ndeána Dia grásta air. ‘Is doiligh a rá’ a d’abraíodh Donncha nuair a bhíodh ceist chasta éigin á plé. Is doiligh a rá freisin faoi phobail tuaithe atá ag snámh in aghaidh easa. Ní hin le rá nach féidir iarracht a thabhairt faoi na deacrachtaí agus faoin gcúlú. Ina dhiaidh sin féin, éiríonn an sé níos deacra iarracht a dhéanamh de réir mar a bhíonn an pobal ag laghdú agus ag dul in aois. Sin é scéal an Chaisil.

Ar ndóigh, tá an chontúirt soiléir go mbeidh pobail eile tuaithe agus Gaeltachta i gConamara ag dul an treo céanna. Nuair a imíonn an óige, imíonn a bheocht agus laghdaítear an misneach.

Fág freagra ar 'Bhíodh 30 duine ar an mbus scoile as an gCaiseal, ní bhíonn ach mórsheisear ar an aistear sin anois'