‘Bhí súile gorma aici agus gruaig fhionn…’ Nach cuma?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: dúshlán ar leith is ea é cur síos a dhéanamh ar charachtair fhicseanúla gan dul i muinín mionsonraí fisiciúla fadálacha.

‘Bhí súile gorma aici agus gruaig fhionn…’ Nach cuma?

An dtarlaíonn sé duit riamh go gcuireann duine éigin é féin in aithne duit ach go ndéanann tú dearmad ar ainm an duine sin láithreach bonn?

Is minic a tharlaíonn a leithéid domsa agus leabhar ficsin á léamh agam.

‘Bhí súile gorma ag Saoirse, gruaig fhada fhionn agus bhí meangadh gáire ar a haghaidh.’

Cur síos cruinn agus beacht, gan dabht – ach thar a bheith sodhearmadta. Dúshlán ar leith don scríbhneoir cur síos a dhéanamh ar charachtair fhicseanúla ar chaoi éigin a chuirfidh ar chumas an léitheora cuimhneamh ar chuma fhisiciúil na gcarachtar.

An lá cheana, shocraigh mé an scil áirithe sin a thraenáil.

Bhí mé ar thraein ardluais idir Barcelona agus Páras.

Ar feadh an aistir, bhí bean ina suí fiarthrasna uaim, i suíochán ar an taobh eile den phasáiste. Bhí rud éigin fúithi – fuinneamh pearsanta éigin a bheadh soiléir do dhuine ar bith a d’fheicfeadh í san fhíorshaol nó fiú amháin i scannán, ach a bheadh deacair a chur in iúl i bhfocail.

Thóg mé amach mo pheann agus mo leabhar nótaí agus thug dúshlán dom féin: pictiúr a phéinteáil den bhean seo i bhfocail ach gan dul i muinín clichés sodhearmadta na mionsonraí fisiciúla.

Seo cuid den mhéid a scríobh mé:

‘Straoiseog déanta as feoil, fuil agus cnámha í a haghaidh – na mothúcháin éagsúla á léiriú ar an mbealach ríshoiléir, nach mór áiféiseach, céanna agus a léiríonn aghaidheanna beaga buí an mhéarchláir iad. A teanga amach as a béal agus loinnir ina cuid súl agus í ag caint ar an bhfón – lena buachaill, b’fhéidir. A súile ar leathadh agus meangadh ceanúil ar a haghaidh agus í ag breathnú ar ghrianghraf éigin ar an scáileán, leanbh a deirféar, cá bhfios. A béal ina líne thanaí dhíreach nuair a shuíonn duine in aice léi. Tá dhá leabhar agus leabhar nótaí ar an mbord os a comhair ach ní bhacann sí leo; breathnaíonn sí amach an fhuinneog, ag fústráil le dlaoi dá cuid gruaige.’

Níor luaigh mé dath na gruaige céanna ar chor ar bith, ná dath a súl nó a craicinn. Ach ar airigh tú uait iad? Níor luaigh mé a haois ach an oiread, ach thuigfeá ó na tagairtí dá ‘buachaill’ agus do ‘leanbh a deirféar’ go bhfuil sí ina cuid 20í nó 30í, nó, ar a mhéad, i dtús na 40í.

Seo cleachtadh scríbhneoireachta don té a mbeadh fonn air tabhairt faoi. Suigh síos i dteach caife nó go deimhin ar thraein, tóg amach peann agus leabhar nótaí nó go deimhin d’fhón póca, roghnaigh duine atá ar an láthair, agus déan cur síos ar an duine sin mar a rinne mise ar an traein, gan dul i muinín na mionsonraí fisiciúla follasacha. 

Fág freagra ar '‘Bhí súile gorma aici agus gruaig fhionn…’ Nach cuma?'