Bhí sé sa gcinniúint go mba é an Cainníneach a bhí ann – leathchos dá chuid ar an taobhlíne agus é ionann is 50 méadar amach…

Bua na Gaillimhe i gcraobh iomána na hÉireann a bhaineann buaic na bliana dár gcolúnaí, ach tríd is tríd beidh cuimhne ar éachtaí go leor a rinne lúthchleasaithe ban sa mbliain 2017

Bhí sé sa gcinniúint go mba é an Cainníneach a bhí ann – leathchos dá chuid ar an taobhlíne agus é ionann is 50 méadar amach…

Is beag iontas a chuirfeas sé oraibh a fheiceáil gurb é Corn Mhic Cárthaigh a bheith tugtha ar ais chun an iarthair ag iománaithe na Gaillimhe den chéad uair ó 1988 a bhaineann buaic mo bhliain spóirt.

Aisteach go leor ní mheasfainn go mba sa mbua ar Phort Láirge i mbabhta ceannais na craoibhe a thit cor cinniúnach an tséasúir amach, ach sa gcluiche leathcheannais idir Gaillimh agus Tiobraid Árann.

Ba choimhlint a bhí ann a bhí chuile orlach chomh maith, nó b’fhéidir níos fearr, ná na cluichí idir na contaetha céanna le trí bliana, ná go deimhin níos fearr ná na cinn idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh in 2009, 2010 agus 2014. Cuir leis sin gur chríochnaigh sé le píosa scile agus misnigh a chuir an dlaoi mhullaigh ar aon rud eile atá feicthe agamsa ar pháirc na himeartha in aon spórt.

Leathdhosaen uair a bhí Gaillimh agus Tiobraid Árann ar comhscór sa gcéad leath i bPáirc an Chrócaigh ar an 6 Lúnasa, áit a raibh farasbarr cúilín amháin ag na Muimhnigh ag leath ama.

Bhí Gaillimh ar ais ar comhscór in imeacht nóiméid den dara leath agus ba amhlaidh dóibh cúig huaire eile faoin am ar scóráil Brendan Maher cúilín do Thiobraid Árann agus nóiméad d’am cúitimh gortuithe caite.

Athimirt go cinnte, a mheasamar, go háirithe nuair nach shroich buille saor a ghlac Joe Canning, agus é go domhain ina leath féin den pháirc, an sprioc. Chomh fada le Johnny Coen a chuaigh iarracht na dTiobraid Árannach ar an sliotar a ghlanadh – bhí seisean cuibhrithe agus é ina sheasamh ar an taobhlíne agus ní raibh aige ach í a sheoladh chuig an nGaillimheach ba ghaire dó – ag Coen féin amháin atá a fhios arbh eol dó ag an am cé a bhí lena ais.

Bhí sé sa gcinniúint go mba é an Cainníneach a bhí ann – leathchos dá chuid ar an taobhlíne agus é ionann is 50 méadar amach ón gcúl agus geansaithe gorma agus óir á gcaitheamh ag an triúr ba ghaire dó.

Ní móide go bhfuil iománaí eile sa tír a dhéanfadh an gaisce a rinne sé agus beidh an lasair a bhí ina shúil sa ngrianghraf iontach, a ghlac Piaras Ó Mídheach agus a bhí sna nuachtáin lá arna mhárach, greanta i m’intinn choíche.

Dá bhfaighinn aois Choilm de Bhailís (110 bliain) ní bhainfidh mé aon bhreithiúnas as ar thit amach i gCluiche Ceannais na Craoibhe Sinsir Peile in 2017.

Seachtain sular imríodh an cluiche bhí mé ar aon intinn lena mbunáite amuigh ansin agus ag ceapadh go mbuafadh Baile Átha Cliath ar a dtoil é. Ag drannadh leis an lá thosaigh mé ag teacht ar an tuairim go raibh seans beag ag Maigh Eo dá ndéanfadh siad cúpla rud i gceart: srian a choinneáil ar Chiarán Kilkenny, laghdú ar líon na bhfeall agus níos mó a scóráil ón imirt iad féin ná a dhéanann siad de ghnáth.

Ba as an imirt oscailte a fuair Maigh Eo 13 den 17 scór a bhí acu. Níor cheadaigh siad ach trí scór as ciceanna saora do Bhaile Átha Cliath sa gcluiche ba lú ar fhág Kilkenny lorg a láimhe air i gcaitheamh an chomórtais. Fós níor éirigh leo.

Den dara bliain as a chéile ba pheileadóir as Maigh Eo a bhuaigh gradam ‘Imreoir na Bliana’, ainneoin nárbh iad a fhoireann buaiteoirí na craoibhe.

Bhuaigh Baile Átha Cliath ar Mhaigh Eo freisin i gcluiche ceannais sinsir na mban agus 46,286 duine i láthair i bPáirc an Chrócaigh – sin 11,000 níos mó ná a bhí ag cluiche ceannais Chorn FA na mBan i Sasana, 18,000 níos mó ná a bhí i láthair ag Cluiche Ceannais Chraobhacha Sacair 2017 na hEorpa agus os cionn a dhá oiread go leith níos mó ná an méid a bhí ag Cluiche Ceannais Chorn Rugbaí an Domhain do na Mná i mBéal Feirste cúpla seachtain roimhe sin.

Comórtas a bhí ansin a raibh súil ag mná na hÉireann go ndéanfadh siad go maith ann tar éis dóibh críochnú sa cheathrú háit in 2014, ach d’fhág cliseadh in aghaidh na Fraince gur chinn orthu na babhtaí leathcheannais a shroicheadh in 2017.

Bliain a bhí inti go deimhin inar léirigh an IRFU agus an FAI dímheas ar imirt na mban. D’fhógair lucht an rugbaí go mba chóitseálaí páirtaimseartha a bheadh ag an bhfoireann idirnáisiúnta feasta agus níos luaithe sa mbliain bhagair mná an tsacair baghcat siocair gan iad a bheith ag fáil a gcearta ón FAI.

Idir an 5 Meán Fómhair 2016 agus an 9 Deireadh Fómhair 2017 d’imir foireann sacair na bhfear 10 mbabhta cáilithe i réamhbhabhtaí Chorn Sacair an Domhain 2018 – ceann amháin a chailleadar. Fós fágann an ceann sin nach mbeidh siad sa Rúis an samhradh seo chugainn – dhá lá tar éis do Ghaillimh Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan i bPáirc an Chrócaigh dhá chiliméadar bealaigh ó bhaile scóráil Aleksandar Kolarov an cúl a thug an bua don tSeirbia san Aviva agus a d’fhág go mba acusan a bhí an cosán díreach chun na Rúise i ndeireadh báire.

Fuair Éire seans cúldorais in aghaidh na Danmhairge an mhí seo caite, ach ní raibh gaire dá laghad acu orthu.

I léimrásaiocht na gcapall facthas gradam thraenálaí na bliana idir dhá cheann na meá go dtáinig lá deireanach an tséasúir – Gordon Elliott chun cinn nó go ndeachaigh Willie Mullins ‘fad sróine’ chun cinn air ar an líne, ach téarmaíocht an spóirt féin a úsáid.

Ach ba le Jessica Harrington agus lena capall Sizing John an duais mhór ag Féile Cheltenham. Leathdhosaen uair i gcliathrásaí a fuair an capall Douvan an ceann ab fhearr air i rásaí dhá mhíle ar fhad, ach nuair a thuig Harrington go mbeadh Sizing John in ann ag na léimeanna móra agus ag míle sa mbreis, chuaigh sí sa seans agus bhuaigh an Corn Óir.

Tríd is tríd beidh cuimhne ar éachtaí go leor a rinne lúthchleasaithe ban sa mbliain 2017 – bhuaigh agus rinne Katie Taylor cosaint ar chraobh an domhain. Bhí Mona McSharry ar an gcéad Éireannach a bhuaigh bonn óir ag Craobhacha Snámha Sóisearacha an Domhain – bhuaigh cailín Shligigh dhá bhonn óir agus ceann airgid ag Craobhacha na hEorpa freisin agus cá bhfágfá caint Ríona Ní Bhuachalla ar chéimeanna Ardán an Ógánaigh, corn na hÉireann ina glac, an 18ú bonn ina póca agus teanga ársa na nGael ar a teanga.

Fág freagra ar 'Bhí sé sa gcinniúint go mba é an Cainníneach a bhí ann – leathchos dá chuid ar an taobhlíne agus é ionann is 50 méadar amach…'

  • Seán de Paor

    Cuilin mioruilteach ionspraideach suaithni ab ea i…teilgeadh an sliotar chuige i bhfaitheadh na sul, gan choinne seans, rinne ionramhail mhaistriuil uirthi, Tiobradaigh chonfaidh ag drannadh leis go micheatach, gan aon sli tarraingthe aige nach mor, sea, cos leis ar an taobhline, buaileann speach alainn ghlormhar ona chroi amach, ona dhuchas, ona shinsireacht. Ce eile a bheadh ann ach Joe. Mairfidh a chuimhne sin go deo. ‘Cuid d’aoibhneas an tsaoil’ …solas gle i mbeal maidine.