Bhí sé oibrithe amach ag na haiceálaithe go bhfuil Gaeilge agam…

Ní bheadh aon chall againn le reachtaíocht teanga dá mbeadh an aird chéanna ag eagraíochtaí na tíre seo ar an nGaeilge is atá ag spíodóirí an idirlín

Bhí sé oibrithe amach ag na haiceálaithe go bhfuil Gaeilge agam…

Abair do rogha rud faoi chaimiléirí an idirlín, ach ní féidir a rá ná nach dtugann siad cothrom na Féinne don Ghaeilge. Ní bheadh aon chall againn le reachtaíocht teanga  dá mbeadh an aird chéanna ag eagraíochtaí na tíre seo ar an nGaeilge is atá ag monarchana na haiceálaithe bradacha agus gan aon tseirbhís á héileamh ag aon duine orthu.

Bhí mé leath a’ breathnú ar fhíseán ar YouTube an lá cheana nuair a thosaigh na fógraí i nGaeilge. Cheap mé ar dtús go raibh Raidió na Gaeltachta tagtha ar an bhfón trí thimpiste go dtí gur thosaigh mé ag breathnú i gceart air.

Físeán ag fógairt aip ghutháin a bhí ann ag gealladh go ndéanfadh sí do shaibhreas duit ach cúpla nóiméad sa lá a chaitheamh léi. Bhí sé oibrithe amach ag an algartam óna chuid spíodóireachta uathoibríche go bhfuil Gaeilge agam agus is dóigh gur díríodh an fógra i nGaeilge chugam dá bharr.

‘Féach an fear seo. Tá sé saibhir. Bhí sé ag imirt na haipe seo ina am saor agus ansin rinne sé go leor airgid. Chuaigh an t-airgead isteach ina chuntas bainc. Rinne sé teach mór dó fhéin. Tá bean bhreá aige. Tá carr daor aige. Cliceáil anseo. Beidh tusa saibhir freisin.’

Ní raibh a fhios acu chuile shórt fúm, is mór an faoiseamh, nó ní bheidís ag iarraidh mé a mhealladh le físeán de bhuachaill báire, lena theach mór, a charr spóirt agus a lámh ar choim na mná finne aige.

Nach maith gur fiú do haiceálaithe na Rúise fógraí i nGaeilge a chur amach. Is dóigh nár chóir dom a rá gur ‘feirmeacha’ haiceálaithe na Rúise a bhí ann nuair nach bhfuil a fhios agam dháiríre cá bhfuil siad.

Caithfidh go bhfuil ‘feirmeacha’ haiceálaithe eile ar an domhan is nach ag na Rúisigh atá an margadh uilig. D’fhéadfadh gur thuas i mBéal an Mhuirthead atá siad go bhfios domsa, nó thall i Londain Shasana, ach fébí [pébí] cá bhfuil siad i bhfolach tá Gaeilge acu, Gaeilge sách maith freisin. B’fhéidir gur chóir don Údarás cuid acu a mhealladh go dtí an Ghaeltacht, anois ó tá a fhios againn go bhfuil tóir acu ar an nGaeilge.

Is mó ceisteanna a chothaigh an fógra dom ná freagraí. An é go bhfuil siad a cheapadh gur Gaeilge atá ag chuile dhuine sa tír? Nó an é gur uirlis uathoibríoch atá acu a aistríonn chuile fhógra go dtí an teanga atá ar do ghuthán? Nó, agus seo’d í an cheist is mó a chuireann imní orm, an é go bhfuil an tástáil déanta acu agus go bhfuair siad amach gur fiú dóibh díriú ar Ghaeilgeoirí lena gcuid fógraí bradacha? An bhfuil dúil acu san euro Gaelach? Is an fiú dóibh dul ina dhiaidh?

Is fada an  lá ó  chuala muid caint den chéad uair ar an bpunt bándearg, téarma a cumadh sna 1980idí agus gnólachtaí ag iarraidh leas a bhaint as cumhacht caite airgid an phobal aeraigh.

Ní shílim go raibh an tóir chéanna ag  gnólachtaí na tíre ar an euro Gaelach ach is léir go bhfuil dúil anois ag na haiceálaithe ann. Más fiú do na haiceálaithe an euro Gaelach, an bhfuil cás ann do ghnólachtaí eile? Nach fiú dóibhsean é freisin?

Bhí fonn orm an aip a íoslódáil an lá cheana ar son na cúise. B’fhéidir go raibh a gcuid taighde déanta go maith acu ina dhiaidh sin uilig.

Fág freagra ar 'Bhí sé oibrithe amach ag na haiceálaithe go bhfuil Gaeilge agam…'

  • Art

    Iontach!