Bhí sé ina bháisteach i reilig Mhaínse nuair a leagadh Máire T síos sa ngaineamh geal

Cuimhníonn ár gcolúnaí ar bheirt bhan mhisniúla a raibh croí, cumas agus ceanúlacht go smior iontu

Bhí sé ina bháisteach i reilig Mhaínse nuair a leagadh Máire T síos sa ngaineamh geal

Dr Mary Redmond agus Máire T. Uí Chuinneagáin

Bhí an Dr Mary Redmond ar dhuine chomh suntasach agus a chas dhom agus mé ag dul ó háit go háit ag tuairisceoireacht do Raidió na Gaeltachta. Sna blianta ar chuir mé aithne uirthi, ag teannadh le deireadh na 1980idí, bhí Mary Redmond ina Cathaoirleach ar Ghluaiseacht na hOspíse in Éirinn. Cé go raibh daoine go leor bainteach leis an iarracht leis na hospísí a fhorbairt tugadh síos do Mhary Redmond go mba í an ceannródaí í.

Ní dochtúir leighis a bhí intí, bhain an dochtúireacht a bhí aicí le cúrsaí dlí. Saineolaí a bhí inti maidir leis an dlí saothair agus rialacha oibre. Mar a mhíníodh sí féin, bhíodh uirthi go minic comhairle a chur ar dhaoine ar an toirt – b’fhéidir go raibh duine le leagan as a phost agus go gcuirfeadh an fostóir glaoch uirthi, sin nó gurb é a mhalairt a bheadh ann. Cruacheisteanna an tsaoil dá láimhsiú ag bean a raibh croí agus ceanúlacht go smior inti.

Chuir Mary Redmond suim ar leith in obair na n-ospísí go hidirnáisiúnta tar éis dá hathair cuid mhaith a fhulaingt sular bhásaigh sé leis an ailse. Bhí sí go diongbháilte ag iarraidh nach mbeadh pian ná saothar ar dhaoine agus iad ag teannadh le deireadh a saoil. Cé go bhfuil craobhacha den Ospís ar fud na tíre anois, saol eile a bhí ann sna 1980idí. 

Seans go raibh cuid den dearcadh ann gurb é Dia a chuir an fhulaingt inár dtreo agus go gcaithfí cur suas léi. Ach bhí dochtúirí ann freisin a bhfacthas dóibh – agus an ceart ag cuid acu – go raibh siadsan ag déanamh obair na hospíse sula raibh caint ar bith ar an ngluaiseacht sin. Ar ndóigh, bhí roinnt ‘polaitíochta’ ann freisin agus Boird Sláinte anseo agus ansiúd amhrasach mar gur chreideadar go rabhadar ag cailleadh smachta ar chuid den chóras leighis. Ach, sheas Mary Redmond a talamh.

Bhí buanna iontacha aice. Bhí sí thar a bheith feiceálach agus gifte na háilleachta aici rud a thug chuile dhuine chun suntais. Ach bhí áilleacht níos tábhachtaí ag baint léi; bhí tuiscint agus trua aice do dhuine ar bith a bhí buailte ag tuirse an tsaoil agus ag tinneas agus pian nach bhféadfaí éalú uathu.

D’fhás gluaiseacht na hospíse agus í ina ceannaire ar an eagraíocht. Faraor, theagmhaigh an ailse do Mhary Redmond í féin agus bhásaigh sí óg go maith ina saol. Chonaic mé pictiúr di i nuachtán sna blianta sin agus í ag éagaoin, ba bhrónach an pictiúr é. Bhí sí traochta, tanaí agus suaite agus dath geal tagtha ar a cuid gruaige a bhí ina folt rua tráth den saol. Bhí a croí agus a hanam tugtha aice ar mhaithe le suaimhneas agus sólás a thabhairt do dhaoine eile.

Níor tharla go raibh mé istigh in Ospís riamh go dtí na laethanta beaga roimh an Nollaig seo. In Ospís na Gaillimhe a bhí mé agus mé ag tabhairt cuairt ar mo chol ceathrar, Máire T. Uí Chuinneagáin (Cathánach roimh phósadh di.)

Bhí Máire T. ag tabhairt uaithi go mór an uair sin. Ach, bhí a hintinn go maith agus í ag caint go líofa. Bhí leabhar Iorras Aithneach na bliana seo lena taobh; thaitin alt Phádraig Standún go mór léi. D’fhiafraigh mé di an raibh aon phian uirthi. Dúirt sí liom nach raibh agus nach raibh aon phian uirthi ó tháinig sí isteach san ospís. Chuimhnigh mé ar an Dr Mary Redmond agus ar a cuid oibre; bean mhisniúil a sheas leis an gcine daonna ag an tráth ba laige a rabhadar sa saol.

Bhásaigh Máire T. san ospís tobann go maith beagán laethanta ina dhiaidh sin; ní raibh saothar ná pian uirthi. Bhí an suaimhneas sin dlite di.

Rinne sise a cuid treafa sa saol ar thailte eile seachas an cineál saoil a bhí ag Mary Redmond ach níor lú tábhacht an tsaothair sin. Múinteoir a bhí inti i Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna. Sheas sí go láidir ar son an phobail sin aici féin – Carna agus Cill Chiaráin. Ba bhreá uaithi labhairt; ní de thimpiste a cuireadh í ar fhoireann Mheánscoil Charna – Scoil Phobail Mhic Dara anois – a bhuaigh Craobh Díospóireachta na hÉireann san aimsir a caitheadh. 

Ach bhí níos mó ná caint i gceist: thaistil sí le daoine a bhí tinn nó gortaithe in otharcharr pobail Ord Mhálta Charna; d’eagraigh sí Cóisir na Nollag do dhaoine a bhí ag dul amach sna blianta. Rinne sí féin agus daoine eile athbheochan ar Fheis Charna agus thug na daoine óga ar an stáitse aríst. Mar chathaoirleach ar Choiste Forbartha Charna throid sí cathanna móra ar mhaithe le bóithre agus seirbhísí eile. Bhí misneach agus teacht aniar ag teastáil ar bhealaí go leor. Níor loic Máire T.

Bhí sé ina bháisteach i reilig Mhaínse nuair a leagadh Máire T síos ar a suaimhneas sa ngaineamh geal. Níor sheas sí go leataobh nuair a theastaigh sí. Níor ghéill sí don éadóchas. Choinnigh sí an misneach sin nó gur chinn an saol uirthi in Ospís na Gaillimhe. Thit na deora as an spéir i reilig Mhaínse. Bhí an t-aistear thart.

Fág freagra ar 'Bhí sé ina bháisteach i reilig Mhaínse nuair a leagadh Máire T síos sa ngaineamh geal'

  • Seán Mag Leannáin

    Píosa ómósach an-deas ar an mbeirt acu.

  • Liam Ó C

    Alt ar dóigh, a Mháirtín.