Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2017?
Nuair a bhuamar an Chraobh Idirmheánach cúpla mí ó shin. Ní raibh mórán buaite ag an nGaeltacht le roinnt blianta anuas agus bhaineas sárthaitneamh as an gceiliúradh. Bhí an t-ádh liom a bheith ar an bhfoireann a bhuaigh an chraobh idirmheánach sa bhliain 1998 agus bhí sé go diail é a dhéanamh an tarna babhta leis an dream óg iontach seo.
An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2017?
Chailleamar cluiche ceannais roinn a haon cúpla seachtain ó shin in aghaidh Chrócaigh Chill Airne. Ní raibh an fhoireann iomlán againn ar an lá agus má tánn tú chun buachtaint ar na Crócaigh bheadh ort an painéal ar fad a bheith agat chun seans éigin a bheith agat.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2017?
D’eagraigh Dara Ó Cinnéide oíche iontach i gCill Airne cúpla seachtain ó shin. Oíche ómóis a bhí ann dom féin agus mo dheartháireacha agus bhí an t-airgead á bhailiú ar son fhorbairt na páirce nua peile a bheidh againn. Bhí imní orm nach mbeadh a lán daoine ann an oíche sin ach buíochas le Dia bhí an áit dubh le daoine.
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2017?
Cara pearsanta atá breoite faoi láthair.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2017?
An tábhacht a bhaineann leis an bpainéal sa chaid agus cé chomh tábhachtach is atá gach aon imreoir atá sa chumann faoi láthair.
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2017?
Ó thaobh an chlub bhí bliain iontach againn agus bhuamar na comórtaisí go léir a bhí tábhachtach dúinn agus le cúnamh Dé cuirfear críoch mhaith leis an scéal tar éis na Nollag.
Fág freagra ar '‘Bhí sé go diail é a dhéanamh an dara babhta leis an dream óg iontach seo’ – súil siar ar 2017 le Marc Ó Sé'