Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2023?
Tharla go leor rudaí i 2023 go bhfuil muid ag obair orthu i TG4 le blianta fada anuas. Is iad na ceannlínte a bhí ann ná, ainmniúchán do na Oscars, seoladh Cúla4 agus Kneecap ag oscailt Féile Scannán Sundance. Ach tháinig na rudaí seo ar fad as obair foirne den scoth go hinmheánach i TG4, earnáil chruthaitheach atá anois faoi bhláth agus tacaíocht aici ón Aire Catherine Martin a chreideann i bhfís TG4.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2023? Bhí sé de phribhléid agam a bheith in amharclann an Stella i Ráth Maonais ar an 24 Eanáir nuair a fógraíodh ainmniúchán An Cailín Ciúin, sruthaithe beo as Los Angeles. Is lánúin álainn, lách agus cliste iad Cleona Ní Chrualaoí agus Colm Bairéad agus chuir an scéal an-áthas orm mar go raibh duais a gcuid saothair tuillte go hiomlán ag an mbeirt óg chruthaitheach seo.
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2023? Cogadh ag leanacht san Úcráin, cogadh ag tosú i nGaza.
Cén tír nó áit is spéisiúla a thug tú cuairt uirthi i mbliana? Thug RÚV, craoltóir na hÍoslainne, cuireadh dom chuig comhdháil in Reykjavík le roinnt bheag ard-stiúrthóirí eile chun straitéis RÚV a phlé. Thug siad ar cuairt muid freisin ar cheantar an ‘Golden Circle’ – easanna móra, géasair, sneachta agus teas mór ag brúchtaíl aníos as an talamh. Chuir mé suim freisin sa daonlathas fadbhunaithe atá acu agus an DNA Gaelach a bhí ag na mná i bpobal bunaidh na hÍoslainne. Ba bhreá liom dul ar ais agus níos mó ama a chaitheamh ann.
Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort? Sunday Miscellany gach Domhnach. An Cúinne Dána agus Arena nuair is féidir liom. Clár Ogie faoi Bhrendan Óg Ó Dufaigh a chraol RnaG arís nuair a bhuaigh an clár duais ag Féile na Meán Ceilteach sa Chlochán Liath.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2023? An rud céanna a d’fhoghlaim mé in 2016, 2017, 2018, 2019, 2020, 2021 agus 2022 – nach bhfuil fís nó uaillmhian ag an stát do phobal labhartha na Gaeilge. Agus gach bliain ó 2016, tá mé ag rá liom féin go dtiocfaidh athrú air sin an chéad bhliain eile…
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2023? Lean mé orm le Duolingo na Spáinnise agus fuair mé cabhair mhór ó dhuine d’fhoireann TG4 a chuir ranganna Spáinnise ar fáil dúinn ag am lóin. Bhí samhradh fliuch againn agus rinne mé níos lú snámha i bhfarraige agus níos lú siúlóide sna sléibhte ná mar a bhí beartaithe agam.
Fág freagra ar '‘Bhí sé de phribhléid agam a bheith i láthair nuair a fógraíodh ainmniúchán Oscar ‘An Cailín Ciúin’'