‘Bhí sé an-soiléir gur aontaíodh go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach’ – iar-cheann foirne Tony Blair

Tá ráite go minic ag baill den DUP nár aontaigh an páirtí sin riamh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach ach deir Jonathan Powell gur cuimhin leis go maith gur aontaíodh a leithéid le linn na gcainteanna roimh Chomhaontú Chill Rímhinn

‘Bhí sé an-soiléir gur aontaíodh go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach’ – iar-cheann foirne Tony Blair

Jonathan Powell

Tá ráite ag Jonathan Powell, iar-cheann foirne Tony Blair, gurb é a chuimhne siúd ná gur thángthas ar réiteach maidir le cosaint a thabhairt do phobal na Gaeilge ó thuaidh le linn na gcainteanna roimh Chomhaontú Chill Rímhinn in 2006.

D’oibrigh Powell mar phríomh-idirbheartaí do rilatas Blair sna cainteanna ó thuaidh.

Tá ráite go minic ag baill den DUP nár aontaigh an páirtí sin riamh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach, ainneoin gealltanas a bheith i gComhaontú Chill Rímhinn go ndéanfaí a leithéid.

Mhaígh an t-iar-aire cultúir Edwin Poots, mar shampla, gur “socrú dá gcuid féin” idir ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, agus iarPhríomh-Aire na Breataine, Tony Blair, a bhí sa ghealltanas Acht Gaeilge a thabhairt isteach.

Dúirt Jonathan Powell inné, áfach, go raibh sé ‘an-shoiléir’ gur aontaíodh go dtabharfaí reachtaíocht chosanta isteach don Ghaeilge.

“I know how vexed a political point that is here now, but I’d have to say that my memory of the negotiations is very clear that we, the Government had agreed to the Irish language issue.

“Now the DUP will have to interpret what happened in the negotiations in their way, but it was very clear that was agreed there as far as we were concerned,” a dúirt an t-iarchomhairleoir de chuid Tony Blair.

Luaitear Acht Gaeilge go sonrach faoin gceannteideal ‘Cearta an Duine, Comhionannas, Íospartaigh agus Ceisteanna eile’ i gComhaontú Chill Rímhinn.

“Tabharfaidh an Rialtas Acht Gaeilge isteach bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh i gcomhar leis an bhFeidhmeannas nuathofa le forbairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a chosaint,” a scríobhadh sa Chomhaontú a shínigh an DUP in 2006.

Tá ceist an Achta Gaeilge ar an dris chosáin is mó sna cainteanna atá ar bun idir an DUP agus Sinn Féin maidir le hathbhunú Fheidhmeannas Stormont.

Fág freagra ar '‘Bhí sé an-soiléir gur aontaíodh go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach’ – iar-cheann foirne Tony Blair'

  • Cailleach Bhearra

    cén nach mbeadh………………….. nach throid muid ar son Gaeilge san Aontas Europe
    teanga ár dtír ??????????????????