Bhí saol ar a suaimhneas ag muintir Beit nó gur chuala an Dr Rose Dugdale fúthu

Is fiú cuairt a thabhairt ar Theach Russborough i gcontae Chill Mhantáin agus ní hamháin ar mhaithe leis na scéalta faoin robáil

Bhí saol ar a suaimhneas ag muintir Beit nó gur chuala an Dr Rose Dugdale fúthu

Tá ionsaithe ar shaothair ealaíne go mór faoi chaibidil na laethanta seo – péint, anraith agus fiú amháin na fataí á gcaitheamh leo i ndánlanna éagsúla. Ag tarraingt airde ar an bhfeachtas in aghaidh na hola atá an lucht agóide, a deir siad.  

Baintear úsáid as an ealaín go minic ar an gcaoi sin. San am a caitheadh rinneadh iarrachtaí éagsúla sa tír seo saothair ealaíne a robáil ar chúiseanna polaitíochta nó ar chúiseanna dúmháil – ag iarraidh airgead mór lena dtabhairt ar ais. Ní go rómhaith a d’éirigh leo. 

An teach is minice a robáladh nó, ar a laghad an teach is minice ar robáladh saothair ealaíne as ná Teach Russborough i gcontae Chill Mhantáin. 

Léigh mé faoi, chonaic mé cláracha teilifíse faoi, ach ní raibh mé riamh sa teach féin go dtí le déanaí. 

Is cuma cé mhéad alt a léifidh tú, nó cé mhéad clár teilifíse a fheicfidh tú, beidh rudaí áirithe a bhainfeas stad asat nuair a thabharfaidh tú cuairt phearsanta ar áit. Ní raibh a fhios agam, mar shampla go raibh dlúthchairdeas idir an t-ealaíontóir Derek Hill agus Muintir Beit. 

Ba mhó mo shuim féin sna pictiúir a robáladh as an teach. Ach nuair a thug mé cuairt ar an teach le gairid agus mé ar thuras treoraithe timpeall an tí, bhí pictiúr le Derek Hill ar ceann de na chéad saothair a chonaic mé. An Tiarna Alfred Beit agus a bhean Clementine, a bhí sa phictiúr. Agus bhí cúpla ceann eile scaipthe mórthimpeall ar an turas. 

Robáladh an teach seo chomh minic sin nach bhfuil a fhios cinnte fós ar robáladh uair amháin é i bhfad siar agus nach raibh a fhios go ceann i bhfad ina dhiaidh sin céard go díreach a tharla do na pictiúir sin. 

Bhí saothair ealaíne leis an bpéintéir Vernet crochta i gceann de na seomraí suí thíos staighre uair amháin ach nuair a cheannaigh Alfred Beit an teach sna 1950idí, bhíodar ar iarraidh. I bhfad ina dhiaidh sin a tháinig saineolaithe ar an tuairim gur goideadh iad agus nach raibh dé orthu ina dhiaidh sin. Ar aon nós chuaigh Beit i mbun bleachtaireachta, fuair sé ‘leide’ cá rabhadar agus cheannaigh sé ar ais iad agus gan a fhios aige go mb’fhéidir gur gadaíocht a bhí taobh thiar den eachtra sa gcéad áit. 

Is dócha gur cheap an lánúin go raibh a mbailiúchán ealaíne slán sábháilte agus iad amuigh faoin tuath, in áit iargúlta ar chúlbhóthar agus foireann oibre ag fanacht sa teach leo. 

Deirtear go bhfuil Teach Russborough ar cheann de na tithe Seoirseacha is áille sa tír. Ba é an t-ailtire Richard Cassells a dhear an teach a tógadh i lár na 1700idí. Tá an balla ‘tosaigh’ nó an ‘façade’ ar ceann de na ballaí tí is faide in Éirinn – thart ar 700 troigh. 

Ní shin le rá go bhfuil an teach mór millteach. Sa lár atá an chuid is suimiúla agus is tarraingtí – is ann atá na seomraí suí agus thuas staighre tá seomraí leapan. Ar chaon taobh tá áiteacha maireachtála agus bialann, oifigí agus mar sin de. 

Sna seomraí suí agus i gcuid de na seomraí leapan atá na saothair ealaíne agus na píosaí troscáin is mó aird anois. Cé go bhfuil na saothair is iomráití – Vermeer, Metsu, Gainsborough, Hobbema agus saothair mór le rá eile, tugtha ar láimh don Stát, tá roinnt saothar tarraingteach fós le feiceáil ansin crochta ar na ballaí. 

Don Tiarna Milltown a tógadh an teach ar dtús – ba ‘Leeson’ an sloinne a bhí orthu agus ar ndóigh is iadsan a thug an t-ainm ‘Leeson’ don tsráid sin sa chathair. Choinnigh siadsan an teach sa chlann ar feadh i bhfad agus ní raibh mórán úinéirí eile ag an teach gur chaith Alfred Beit a shúil air. Deirtear go bhfaca sé pictiúr de agus gur i dteileagram a cheannaigh sé é. 

Bhí bailiúchán mór ealaíne aige- cuid de a fágadh le huacht aige, agus cuid a cheannaigh sé féin. Rinne a athair Otto agus a uncail Alfred saibhreas ins na mianaigh san Afraic Theas – bhí ceangal acu le Cecil Rhodes, polaiteoir, iar-Phríomhaire na hAfraice Theas (an ‘Cape Colony’), an fear a thug a ainm don Róidéis (an tSaimbia agus an tSiombáib anois). Ar ndóigh ba é a bhunaigh an comhlacht diamaint de Beers, a raibh an gnó domhanda ar fad beagnach faoina stiúir uair amháin. 

Deirtear go raibh Beit míshocair leis an gcóras cinedheighilte san Afraic Theas agus gurbh é sin an fáth gur fhág sé an tír sin, tar éis roinnt blianta ina chónaí ann. Phós sé bean a raibh ceangal aici le Clann Mitford – deartháireacha ab ea a hathair agus athair na Mitfords. Tá grianghraf de na deirfiúracha Mitford crochta i seomra leapan Clementine i dTeach Russborough. 

D’aithin mo chompánach roinnt saothar le healaíontóirí móra le rá as an tír seo sa seomra céanna agus d’aontaigh an treoraí go raibh na Beits go maith ó thaobh tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí na tíre seo. 

D’inis sí dúinn gur minic a d’fhan Derek Hill ansin i gcaitheamh na mblianta. (Nuair nach raibh sé ag péinteáil ina bhothán i dToraigh agus ag tabhairt inspioráide d’ealaíontóirí áitiúla san oileán.) 

Má fhágaim an scéal thuas faoi phictiúr le Vernet as an áireamh, is cinnte gur robáladh an teach ceithre uaire. Bhí saol iontach ar a suaimhneas ag na Beits nó gur chuala an Dr Rose Dugdale fúthu agus faoina gcuid ealaíon. Bhí Rose Dugdale ar dhuine den dream a robáil 19 pictiúr as an teach sa mbliain 1974. Ní raibh na gardaí i bhfad ag breith uirthi agus frítheadh na pictiúir ar fad ina dhiaidh sin. 

Sa mbliain 1986 robáil an coirpeach cáiliúil Martin Cahill 18 cinn de na pictiúir ach ní raibh mórán tairbhe le baint astu – bhíodar rócháiliúil agus frítheadh ar ais gach ceann acu, an ceann is deireanaí i 1993. 

Páirtnéir le Martin Cahill, ceaptar, a bhí i mbun dhá eachtra ina dhiaidh sin. Bhí na pictiúir ba cháiliúla ar fad tugtha don Stát faoin am sin. Frítheadh ar ais gach saothar ealaíne ach amháin dhá cheann leis an ealaíontóir Guardi.  

Trí huaire a robáladh an saothar ‘Madame Bacelli’ leis an ealaíontóir cáiliúil Gainsborough ach tá sí ar ais ina háit féin ar an mballa i dTeach Russborough tar éis a cuid eachtraí ar fad. Tá an pictiúr le Goya a goideadh faoi dhó sa Ghailearaí Náisiúnta anois, áit a bhfuil 17 de phictiúir Beit fágtha ag an Stát anois. 

Cé go raibh Muintir Beit sa teach nuair a tharla na chéad eachtraí – go deimhin, buaileadh eisean agus ceanglaíodh a gcuid lámh sular caitheadh ar an urlár iad, d’fhan siad sa teach ar feadh an chuid eile dá saol. Rinneadh árasán sa sciathán ar chlé agus d’fhanadar ansin ach thugadar an teach don Stát i 1976. Tá bord stiúrtha ann anois a stiúrann an charthanacht atá i bhfeighil an tí agus a bhfuil ann. 

Fuair Alfred, an Tiarna Beit bás sa mbliain 1994 agus bhásaigh Clementine sa mbliain 2005. Is féidir cuairt agus turas a fháil ar phraghas an-réasúnta agus tá siúlóidí deasa thart faoin bpáirc amach os comhair an tí. Tá rudaí taitneamhacha eile is féidir a dhéanamh ansin le páistí – páirc spraoi, ionad éin fhiáine agus cathair ghríobháin in aice an tí chomh maith. Níl an teach ach cúpla ciliméadar síos an bóthar ó Bhaile Coimín, i gCo Chill Mhantáin. 

Fág freagra ar 'Bhí saol ar a suaimhneas ag muintir Beit nó gur chuala an Dr Rose Dugdale fúthu'

  • Seán Mag Leannáin

    Cuntas spéisiúil ar an eachtra a raibh Dugdale páirteach ann i leabhrán dar teideal An Stát versus Dugdale le Pádraig Ua Maoileoin, foilsithe ag Coiscéim sa mbliain 2001.