Bhí Peter O’Connor ar an lúthchleasaí ab fhearr ar domhan sa léim fhada

Bhí a dhóthain feicthe ag Peter O’Connor. Dhreap sé suas ar an bpolla gur tharraing anuas bratach Sheáin Bhuí agus chuir ‘Erin go Brách’ ar foluain

Bhí Peter O’Connor ar an lúthchleasaí ab fhearr ar domhan sa léim fhada

Peter O'Connor ag na Cluichí Oilimpeacha san Aithin i 1906

Trí scór bliain sula ndearna Tommie Smith agus John Carlos an agóid ar thagair mé di ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, ba Éireannach darbh ainm Peter O’Connor an chéad duine riamh a bhain leas as ardán na gCluichí Oilimpeacha ar mhaithe le hagóid a dhéanamh.

Ag na hIdirchluichí san Aithin a tharla sin i 1906, ócáid nach dtugtar aitheantas ar bith anois di i dtaifid na Comhairle Idirnáisiúnta Oilimpí, cé go mba iadsan féin a d’eagraigh í ar an gcéad dul síos. Inniu níl trácht ná tuairisc orthu sa Mhúsaem atá acu in Lausanne na hEilvéise.

Bhí a bpolaitíocht féin ag baint leis na hIdirchluichí sin a bheith ar an saol beag ná mór. Bhí bearna míle go leith bliain idir deireadh na seanChluichí (a eagraíodh in Olympia na Gréige idir 776BC agus 393AD) agus na cinn nua a reáchtáladh san Aithin sa mbliain 1896, faoi cheannas na heagraíochta a chuir an Francach, Pierre de Coubertin le chéile.

Bhí an-rath ar a chuid iarrachtaí siúd , ach ba mar chuid de mhórthaispeántais tráchtála a mhair bliain a eagraíodh na Cluichí a lean i bPáras (1900) agus i St. Louis (1904). Mheas de Coubertain go raibh gné an spóirt á plúchadh ag an tráchtáil agus bheartaigh go raibh gá le hIdirchluichí i 1906 le beocht a chur faoina ghluaiseacht féin arís.
Bhí a eagraíocht faoi bhrú freisin ag na Gréagaigh, a bhí den tuairim go mba ina dtír féin ba cheart na cluichí a reáchtáil i gcónaí, ós rud é go mba inti a tháinig siad ar an saol.

Mheas de Coubertin go mba chirte cathracha an domhain a thaisteal. Ní raibh aon dul as aige sa gcás seo mar bhí a eagraíocht scoilte ina dhá leath agus le grá don réiteach ceadaíodh na hIdirchluichí san Aithin i 1906.

Na Cluichí Oilimpeacha san Aithin i 1906

Faoin tráth sin bhí Peter O’Connor ar an lúthchleasaí ab fhearr ar domhan sa léim fhada. In Áth na Fuinseoige i gcontae Chill Mhantáin a tógadh an Conchubhaireach ach chaith sé formhór a shaoil i gcathair Phort Láirge.

I 1901 bhain sé curiarracht an domhain amach nuair a chaith sé léim a bhí i bhfoisceacht ¼ horlaigh den 25 troigh ag comórtas i mBaile Átha Cliath. Bhí scór bliain eile caite sular sáraíodh a ghaisce in aon áit ar domhan agus níor tharla sé sa tír seo go dtáinig 1990.

Náisiúnach ab ea Peter O’Connor agus cé go raibh sé san iomaíocht minic go leor i gCraobhacha na Breataine, is ionann agus cinnte gur fhág a sheasamh nach raibh aon suim aige a bheith san iomaíocht i bPáras ná i St. Louis ós rud é go mba mar bhall d’fhoireann na Breataine a dhéanfadh sé sin. Is é is dóigh gur mheas sé go mba léiriú de chineál eile ar a chuid náisiúnachais a dhul go Sasana agus an bláth a bhaint de phlúr na lúthchleasaithe ansiúd.

Cén fáth mar sin a ndeachaigh sé chuig na hIdirchluichí i 1956, é 34 bliain d’aois agus ag drannadh le deireadh a chuid iomaíochta?

Freagra na ceiste go mba iad comhairle lúthchleasaíochta Chumann Lúthchleas Gael agus an IAAA a d’ainmnigh go mbeadh sé féin agus beirt Éireannach eile, Con Leahy agus John Daly, ag dul chuig na Cluichí ar son na hÉireann. Tugadh seaicéid agus caipíní uaine dóibh ar a raibh an tseamróg agus na focail ‘Erin go Brách’ greanta.

Faoin am ar bhaineadar láthair an chomhraic amach bhí na rialacha athraithe agus cead iomaíochta teoranta dóibh siúd amháin a raibh ainmniúchán faighte acu ó Chomhairle Oilimpeach a dtíre féin – eagras nach raibh a leithéid in Éirinn agus nach mbeadh go ceann na ndéaga de bhlianta ina dhiaidh sin.

Ar fhaitíos nach mba leor sin, nuair a thug O’Connor faoin léim fhada thug sé faoi deara go mba é an bainisteoir ag bhí ar fhoireann na Stát Aontaithe a bhí ag déanamh maoirseachta ar an gcomórtas ina raibh an tÉireannach agus an Poncánach Myer Prinstein gob ar ghob. Ba ag Prinstein a bhí an churiarracht a sháraigh Peter cúig bliana roimhe.

Uair i ndiaidh uaire d’éiligh an tÉireannach go raibh éagóir á déanamh air ach ba í an chluas bhodhar a fuair sé nó gur fógraíodh faoi dheireadh an bonn óir a bheith ag na Stáit Aontaithe agus an ceann airgid aigesean.

Le barr ar an donas nuair a tháinig searmanas an bhronnta ba é Bratach an Aontais nó an ‘Union Jack’ a bhí ag déanamh a bhealaigh suas an polla chun deiridh ar na ‘Réalta agus na Straidhpeanna’.

Bhí a dhóthain feicthe ag Peter O’Connor. Dhreap sé suas ar an bpolla gur tharraing anuas bratach Sheáin Bhuí agus chuir ‘Erin go Brách’ ar foluain. Sheas a chomrádaí Con Leahy ar garda ag a bhun ar fhaitíos go dtiocfadh aon duine ina ghaobhar.

Dhá lá dár gcionn bhuaigh Peter O’Connor an bonn óir sa gcomórtas preab, coiscéim agus léim. An Laoitheach a thug leis an ceann airgid.

 – Tá an comhlacht léirithe teilifíse Macha Media ag cur clár le chéile faoi láthair faoi Peter O’Connor agus faoi laochra Oilimpeacha eile de chuid na hÉireann. Beidh sé le feiceáil ar BBC le teacht an Fhómhair.

An bhratach a cuireadh in airde

Fág freagra ar 'Bhí Peter O’Connor ar an lúthchleasaí ab fhearr ar domhan sa léim fhada'