‘Bhí orm seiceáil an Gaeilge don ghnáthleibhéal nó ardleibhéal a bhí ann bhí sé chomh héasca sin’

Ní raibh aon rud a chuirfeadh cor coise i ndaltaí ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste 2021 a deir múinteoirí Gaeilge a labhair le Tuairisc.ie

‘Bhí orm seiceáil an Gaeilge don ghnáthleibhéal nó ardleibhéal a bhí ann bhí sé chomh héasca sin’

Ní raibh aon rud a chuirfeadh cor coise i ndaltaí a thug faoi Pháipéar 1 agus Páipéar 2 don scrúdú Gaeilge Ardteiste an tseachtain seo.

Tháinig an tuar faoin tairngreacht maidir le teidil na n-aistí i bpáipéar 1 agus bhí rogha mhaith agus éagsúlacht ann do dhaltaí a thug faoin chéad pháipéar ag tús na seachtaine.

Trí huaire an chloig a bhí ag daltaí chun tabhairt faoi Pháipéar 2 agus gan ach trí cheist le freagairt acu in áit ceithre cinn mar a bhíonn go hiondúil.

Dúirt Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Naomh Pádraig san Uaimh gur scrúdú “an-éasca” a bhí i scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana agus nach raibh “aon rud casta” i gceist.

“Nuair a bhí mé ag léamh tríd an bpáipéar bhí orm seiceáil an gnáthleibhéal nó ardleibhéal a bhí ann, bhí sé chomh héasca sin.

“Seans gurb é sin an locht is mó atá air. Bhí sé ró-éasca agus seans go mbeadh sé deacair ag na daltaí ábalta iad féin a chruthú. Beidh sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir na daltaí maithe cumasacha agus na daltaí eile atá in ann foghlaim de ghlanmheabhair mar gheall ar an bpáipéar a bheith chomh héasca sin.

“Bheifeá ag súil go gcruthóidís a gcumas sa teanga sa scrúdú cainte ach tá scrúdaitheoirí ag brath ar thaifeadtaí i mbliana agus ní hionann sin agus a bheith ag suí os comhair na ndaltaí agus an ábaltacht a aithint,” a dúirt sé.

Páipéir “an-deas”, “an-éasca” a chuirfeadh “éad” ar dhaltaí an chúigiú bliain, dar le Máirín Ní Dhomhnaill, múinteoir Gaeilge i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an Cheathrú Rua i gConamara.

“Ní raibh aon rud ann a chuirfeadh cor coise i ndaltaí. Scoláirí Galltachta nó Gaeltachta, ní bheadh aon fhadhb acu leis. Bhí rogha ann i mbliana idir an prós agus an fhilíocht agus nuair a bhí na scoláirí ag staidéar bhíodar in ann an prós uilig nó an fhilíocht uilig a fhágáil amach. Bheadh go leor leor cleachtaidh ag na scoláirí ar na ceisteanna a tháinig aníos.”

Mheas Tony Ó Murchú, Príomhoide Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gcontae Chill Mhantáin, nach raibh aon rud sa scrúdú nach mbeifeá ag súil leis.

“Bhí ceist ar Pháipéar 1 faoin dteicneolaíocht, faoin nGaeilge, faoin gciníochas agus bheifeá ag súil leis sin. Bhí na rudaí a bhíonn ann de ghnáth ann arís, mar sin ní dóigh liom go mbeadh aon ghearán faoi. Bhí neart ama acu do pháipéar a haon, an iomarca b’fhéidir agus tá mé den bharúil gur cheart níos mó ama a thabhairt dóibh do pháipéar 2 agus níos lú do pháipéar 1.

“Bhí ‘Géibheann’ ann agus bíonn éileamh maith ar an dán, tá roinnt mhaith ann ó thaobh téamaí de. Tháinig ‘Oisín i dTír na nÓg’ aníos sa phrós agus sílim go rabhadar sásta leis sin.”

Dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste na Mara go bhfuair sé “aiseolas measctha” ó na daltaí faoin chluastuiscint ach nár cheap sé go raibh sé níos deacra ná níos éasca ná aon bhliain eile.

A mhalairt a cheap Máirín Ní Dhomhnaill i gConamara maidir leis an chluastuiscint.

“Cheap mé go raibh an cluastuiscint deacair agus níos deacra ná blianta eile. Ní raibh na cainteoirí chomh soiléir is a bhíodh blianta eile agus cheap na scoláirí an rud céanna,” a dúirt Máirín Ní Dhomhnaill.

Cé nach raibh aghaidh na scoláirí a fheiceáil taobh thiar dá gcuid mascanna, dúirt Ní Dhomhnaill go mbeifeá ag súil go rabhadar sásta agus iad ag gabháil don scrúdú i mbliana.

Fág freagra ar '‘Bhí orm seiceáil an Gaeilge don ghnáthleibhéal nó ardleibhéal a bhí ann bhí sé chomh héasca sin’'

  • Rita

    Aontaím leis an dream atá ag rá go raibh an dá pháipéar ró-éasca. Ní raibh dúshlán ar bith ag baint leo. Ná bí ag caint ar phointí bónais a thabhairt! Ba cheart do dhaoine breathnú ar na páipéir Bhéarla agus iad a chur i gcomparáid leis na páipeir Ghaeilge agus bheadh sé soiléir nach bhfuil caighdeán ar bith ag teastáil maidir le Gaeilge na hArdteiste.

  • Eimear

    Rita, an múinteoir Gaeilge thú? Céard é do sheasamh ar phointí bónais don chúrsa nua? Céard atá le rá agat faoi chaighdeán teagaisc na Gaeilge sna coláistí 3adh leibhéal ina rannóga oideachais do mhùinteoirì faoi oiliúna? An dtuigeann tù go raibh dhá dianghlasáil ann & gur chaill an dream óg míonta ar láthair scoileanna? Céard í do réiteach ar na nithe thuas?

  • Bríd

    An cuimhin leis na daoine thuasluaite go raibh 2 dianghlasáil ann le bliain anuas? Alt mí-oiriúnach don tréimhse atá i gceist. Is binn béal ina dtost!

  • Rita

    Díreach le rá gur múinteoir Gaeilge agus Béarla mé. Ní aontaím le pointí bónais don Ghaeilge san Ardteistiméireacht, go háirithe os rud é nach bhfuil aon dúshlán ag baint leis an siollabas ná leis an scrúdú. Tuigim go raibh dianghlasáil ann ar ndóigh ach bhí míbhuntáiste ag baint leis i dtaca le gach ábhar, an Béarla, san áireamh agus iarraim oraibh arís breathnú ar an bpáipéar Béarla agus an caighdeán ard atá ag teastáil maidir le tuiscint, cumas anailíse, cumas scríbhneoireachta srl agus an méid ábhar atá le clúdach i rith an chúrsa le bheith inniúil i bhfreagairt na gceisteanna ar an scrúdú.

  • Eimear

    Rita, is léir go bhfuil go leor i gceist! T1 & T2 don Bhéarla mar sin amhlaidh leis an nGaeilge. Is í an Béarla 2ra teanga roinnt de phobal na tìre seo. Ceadaítear T2 sa Bhéarla dóibhsan. Cearta óige na Gaeltachta is ansa do go leor go fóill.