Bhí na deora le gach duine sa phictiúrlann ag ‘Lost Lives’

Tá an scannán ‘Lost Lives’ a mbeidh oscailt oifigiúil aige i Londain inniu, bunaithe ar an leabhar den ainm céanna ina bhfuil cuntas ar gach duine den 3,700 a cailleadh sna trioblóidí

Bhí na deora le gach duine sa phictiúrlann ag ‘Lost Lives’

Éiric na fola an téama sa scannán cumhachtach seo faoi na mílte a maraíodh le linn na dTrioblóidí.

Ba dheacair a shamhlú roimh ré conas a dhéanfadh DoubleBand, an comhlacht i mBéal Feirste, léiriú físiúil ar ábhar chomh huafásach ach rinne siad é le hobair cheamara, eagarthóireacht, fuaim agus ceol den scoth.

Is fiú go mór an scannán a fheiceáil cé go bhfuil sé fíordhúshlánach. Nuair a chonaic mise é ag taispeántas speisialta i mBéal Feirste bhí na deora le gach duine sa phictiúrlann.

Ní clár faisnéise é agus ní gnéscannán é ach meascán díobh, a dúirt na léiritheoirí Dermot Lavery agus Michael Hewitt. Tá an scannán bunaithe ar an leabhar den ainm céanna ina bhfuil cuntas ar gach duine den 3,700 a cailleadh sna trioblóidí.

Leacht cuimhneacháin ar na mairbh agus meabhrú ar dhíchéillí agus éadairbhe an fhoréigin is ea an leabhar dar le duine de na húdair, David McKittrick. Chaith seisean agus grúpa iriseoirí agus staraithe blianta fada ag bailiú scéalta na marbh, na leanaí, na mná, na fir nach raibh baint acu le feachtas foréigin ar bith chomh maith leo siúd a bhí i mbun comhraic.

Roghnaigh léiritheoirí an scannáin cuid de na scéalta sa leabhar, bunaithe den chuid is mó ar an méid a dúirt gaolta na marbh nuair a tharla an t-uafás.

Rinne aisteoirí aitheanta ar nós Liam Neeson, Susan Lynch, Roma Downey, Bronagh Waugh, James Nesbitt, Stephen Rea agus Ciaran Hinds guthú ar na briathra cráite sin; bhí an guthú agus úsáid fuaime go ginearálta an-chumhachtach.

Tá nóta dóchais i ndeireadh an scannáin – saolú linbh agus súil nach bhfeicfidh glúin eile na huafáis a bhí róchoitianta.

Tá liosta d’ainmneacha na marbh ar fad ag deireadh an scannáin – an ceann is deireanaí, Lyra McKee a maraíodh i mbliana.

Beidh premiere an scannáin san Curzon i Mayfair inniu mar chuid d’fhéile scannáin Londan. Beidh sé ar siúl san QFT i mBéal Feirste go ceann seachtaine ó amárach, Dé hAoine, agus beidh sé le feiceáil ag féile scannáin Chorcaí freisin. Craolfaidh BBC Thuaisceart Éireann é go luath – ba é an BBC agus NI Screen a mhaoinigh é.

Ba cheart é a thaispeáint go forleathan, go háirithe i gceantair ina bhfuil daoine á mealladh i dtreo an fhoréigin; foláireamh is ea é chomh maith le feartlaoi.

Tá blaisín le fáil ag @doublebandfilms ar Facebook.

Fág freagra ar 'Bhí na deora le gach duine sa phictiúrlann ag ‘Lost Lives’'