1. Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2020?
Gan amhras ar bith, lá mo phósta! Pósadh muid i mí Mheán Fómhair – searmanas daonnachach i ngairdín mo thuismitheoirí agus gan i láthair ach 30 duine ónár dteaghlaigh. Bhí sé pearsanta, speisialta, draíochtúil agus bhí an ghrian ag taitneamh, fiú. Caithfidh mé a admháil nach ndéanann pósadh paindéime maitheas ar bith don bhrú fola – bhí sé strusmhar go leor le heagrú – ach thug sé áthas agus ardú croí dúinn atá deacair a chur i bhfocail.
2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2020?
Taobh amuigh den bhainis, ar ndóigh, bhí cúis cheiliúrtha eile againn i mí na Bealtaine nuair a bronnadh duais ‘Leabhar na Bliana’ de chuid KPMG/Leabhair Pháistí Éireann orm do Nóinín. Bhí mé ar neamh gur ar leabhar Gaeilge a bronnadh an gradam an uair seo. I mbliana, ní raibh an gnáthshearmanas bronnta ann i mBaile Átha Cliath, ach ghléas muid suas agus d’amharc muid ar an ‘bronnadh’ ar líne le Prosecco is popcorn os comhair na teilifíse.
3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2020?
Bhuail tinneas mé go measartha dona ag tús mhí Aibreáin, agus glacaim leis gur Covid-19 a bhí ann, gidh nach raibh tástáil ar fáil anseo ag an am sin. Mhair an tinneas agus shíl mé nach mbeadh deireadh leis choíche. Ghlac sé cúig mhí dom sular mhothaigh mé go raibh mé ar ais i mo shláinte, agus go fóill féin bíonn pianta i mo scamhóga corruair agus bím gearranálach.
4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2020?
Is pleanadóir mé ó nádúr, mar sin bhí beagnach gach rud faoin bhliain seo dúshlánach. Idir thinneas, obair agus cúigear déagóirí sa bhaile go lánaimseartha, mhothaigh mé go raibh mé ag éirí an-imníoch. D’fhoghlaim mé go mbíonn cumhacht ar leith ag rudaí áirithe chun an imní a mhaolú – snámh san fharraige, siúlóid sa choill, filíocht sa leaba. Agus cairde. Ní dhéanfaidh mé talamh slán riamh arís d’aoibhneas an chairdis.
5. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana 2020?
Mothaíonn tús na bliana 2020 cosúil le pláinéad eile i bhfad i bhfad ó shin, ach más buan mo chuimhne, bhí mar spriocanna agam don bhliain go bpósfainn (d’éirigh liom!) agus go n-eagróinn mo shaol oibre ar dhóigheanna nua ionas nach mbeinn ar an bhóthar gan stad. D’éirigh liom sin a dhéanamh fosta, ach ní raibh neart ar bith agam féin air!
Fág freagra ar 'SÚIL SIAR AR 2020: ‘Bhí mo phósadh draíochtúil agus bhí an ghrian ag taitneamh’'