‘Bhí mé siúlach, scéalach i mbliana tar éis bhriseadh fada an Chovid’

Caitheann Tuairisc súil siar ar 2023 le fear na fidle, an ceoltóir aitheanta Colm Mac Con Iomaire.

‘Bhí mé siúlach, scéalach i mbliana tar éis bhriseadh fada an Chovid’

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2023?

Sochraid Shéamuis Uí Bheaglaoich – a chlann agus a mhuintir ag ceol agus ag damhsa seite sa reilig agus é á chur chun leapa. Cuimhne ar uaisleacht agus ar shaibhreas ár ndúchas. Bród.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2023?

A bheith ag ceol le plúr na gceoltóirí (agus na ndaoine) a bhí páirteach in Bláth na hÓige.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2023?

Buille trom do na Gaeil ba ea bás Rónáin Uasal Mac Aodha Bhuí. Dorn san aer!

An buille mór eile ná an tragóid i nGaza. Tá Meiriceá tar éis cac ar na huibheacha. Fillfidh an fear fionn, mo léan. Ach tiocfaidh lá na bPalaistíneach.

Cén tír nó áit is spéisiúla ar thug tú cuairt uirthi i mbliana?

Bhí mé siúlach, scéalach i mbliana tar éis bhriseadh fada an Chovid. I mí Aibreáin thaistil mé go dtí an Afraic Theas leis an eagraíocht ‘Narrative 4’. Oscailt súl agus croí a bhí ann. Chaitheamar tréimhse in Soweto agus in Township Joe Slovo. Chuaigh dínit agus áilleacht na ndaoine go mór i bhfeidhm orm.

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

Bhreathnaíomar mar chlann ar an tsraith One Piece. Bhí sí go maith.

Ní cuimhin liom mórán eile. Bhain mé an-taitneamh as leabhair Claire Keegan – Small things like these agus So late in the day. Ó thaobh podchraolta de – d’airigh mé go raibh méar ar an gcuisle náisiúnta ag an ‘Echo Chamber Podcast’ le Tony Groves agus Martin McMahon.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2023?

Mura bhfoghlaimíonn muid ár gceachtanna ón stair go bhfillfidh an feall arís orainn.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2023?

An t-aon rún a bhí agam ná mo dhícheall a dhéanamh…agus rinne mé an méid sin ar a laghad!

Fág freagra ar '‘Bhí mé siúlach, scéalach i mbliana tar éis bhriseadh fada an Chovid’'