Bhí fonn cainte ar mo theiripeoir – ach ní mórán fonn cainte a bhí ormsa

D’éirigh mé aniar den leaba – bhí sé seo níos fearr ná aon seisiún scéimhe ná scíthe

Bhí fonn cainte ar mo theiripeoir – ach ní mórán fonn cainte a bhí ormsa

Thug iníon mo dheirfíre bronntanas de sheisiún cóireála éadain dom don Nollaig. Nach mbeidh sé sin an-deas, a dúirt mé liom féin. Beidh mé i mo luí siar, ag éisteacht le ceol bog éadrom, agus ní bheidh de chomhrá agam ach na gnáthchúpla focal faoi cá raibh mé ag beartú dul ar saoire, an raibh mé ag dul in aon áit anocht, agus mar sin de.

Gach seans gur Polannach nó bean as an Úcráin a bheadh ag tabhairt aire dom agus ní bheadh mórán mionchainte uathu sin.

Caitheadh mo phlean i dtraipisí an-sciobtha nuair a chuala mé tuin Bhaile Átha Cliath ag teacht i mo threo. Bhí fonn cainte ar mo theiripeoir – ach ní mórán fonn a bhí ormsa labhairt fúm féin agus mo chuid pleananna saoire.

Thug sí leide dom go raibh céim sa tsíceolaíocht aici agus b’in mo sheans. Luath sna fichidí a bhí sí nuair a thug sí Ceanada uirthi féin. Cé go raibh post mar chléireach sa Státseirbhís aici, ghlac sí an deis dul go Ceanada toisc gur tairgeadh post di mar fheighlí linbh agus chabhraigh an fostóir léi a cuid dintiúirí a fháil chun fanacht ansin ag obair.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin cáilíodh mar altra í. Chuaigh sí ag obair sa chóras sláinte ag tabhairt aire do dhaoine a bhí ag dul in aois.

Ach caithfimid labhairt fútsa, a dúirt sí agus í ag glanadh m’éadain. Beag an baol – bhí sise i bhfad róshuimiúil. 

Phós sí thall agus bhíodar sona, sásta.

Ach bhuail an t-uaigneas í agus cheap sí gurbh fhearr filleadh ar an mbaile agus oideachas a chur ar aon pháistí a bheadh acu anseo.

Bhog siad go Achadh an Iúir, i gCo an Chábháin, áit a bhfuil teach breá agus acra talún acu, chomh maith le tolláin le haghaidh a gcuid glasraí. Tá cearca agus gairdín mór bláthanna aici, agus is é mian a chroí ag a fear céile, muc nó dhó a fháil freisin.

‘Ach céard fútsa, céard atá ar siúl agatsa?’ a d’fhiafraigh sí agus í ag cur uachtar agus rudaí deasa eile ar m’éadan.Mmmm…rudaí éagsúla,’ a d’fhreagair sí. ‘Agus cé mar a thaitníonn an saol amuigh faoin tuath leat?’ arsa mise ag scaoileadh an chomhrá ar ais chuici.

Taitníonn an saol amuigh faoin tuath thar cionn léi. Tá ar a cumas a mac a fhágáil ag an gcoláiste i mBaile Bhlainséir gach maidin agus í ar a bealach chun na hoibre. Agus ba sa gcoláiste i gCo an Chabháin a rinne sí an cúrsa iarchéime sa tsíceolaíocht.

Shíl sí go mba mhaith léi an chéim a chur ag obair agus fuair sí post leis an tseirbhís príosúin do dhaoine óga, i mBaile an Oibricigh – turas éasca ón mbaile. Thaitin an obair sin thar cionn léi, cé gur ghoill sé uirthi go raibh daoine óga báite i saol na coiriúlachta agus nárbh fhéidir iad a tharraingt amach as.

‘Cad is féidir a dhéanamh le daoine óga a scaoiltear amach as príosún nuair a théann siad ar ais go tuismitheoirí atá de shíor faoi thionchar drugaí?’ d’fhiafraigh sí.

Freagra amháin a thriail siad ná iad a chur chuig na seantuismitheoirí – fiú i Sasana -chun iad a choinneáil amach as seansaol na coiriúlachta. Is iad na seantuismitheoirí na laochra sa scéal seo, ina tuairim siúd.

Agus í ag obair sa chóras sin, bhí sí ag déanamh staidéir ar an teiripe scéimhe ina cuid am saor agus chinn sí ar shlí beatha a chruthú as nuair a d’éireodh sí as an obair sa phríosún. Rud a thug go dtí an t-óstán í an lá áirithe seo agus jab le déanamh aici ormsa.

Faoin am seo bhí mo sheisiún istigh agus ar ais liom go dtí an ‘seomra scíthe’. Áit a mbeinn in ann luí siar, éisteacht le ceol bog neamhurchóideach agus fanacht socair.

Bhí bean óg ansin romham. D’fhiafraigh mé di an ag fanacht le dul isteach nó amach a bhí sí? Ag iarraidh a bheith béasach a bhí mé agus gan pioc fiosrachta orm faoina saol pearsanta. Gach seans (cheap mé) go raibh sí chun an tráthnóna a chaitheamh le carn irisí Hello!.

Ag dul isteach atáim,’ ar sise. ‘Tá mé ag súil teiripe a fháil a chinnteoidh go mbreathnóidh mo chuid gúnaí go maith.’ D’ól sí bolgam uisce. ‘Tá mé ag dul go dtí na Stáit Aontaithe amárach. Ar feadh ceithre lá.’ 

Nach deas an briseadh beag é sin, a deirim liom féin. Beidh cúpla lá siopadóireachta agus turasóireachta aici i Nua-Eabhrac. Ach ansin cheap mé gur chuala mé í ag rá rud éicint faoi ‘LA’ – agus cé nach raibh mé pioc fiosrach, d’fhiafraigh mé di an raibh sí ag dul ar saoire.

‘Ní saoire atá ann,’ a dúirt sí. ‘Turas oibre atá i gceist. Tá mé ag dul chuig na Duaiseanna Emmy i Los Angeles agus tá roinnt ainmniúchán faighte againn do na cláracha a dhéanaimid.’

D’éirigh mé aniar den leaba. Bhí sé seo níos fearr ná aon seisiún scéimhe ná scíthe.

Nach raibh sí ag obair le ‘Brown Bag Films‘, ceann de na comhlachtaí beochana is mó cáil in Éirinn agus thar lear. Ba chuimhin liom an uair a bhaineadar cáil amach i bhfad siar le Give Up Yer Aul Sins. Chuadar ó neart go neart ó shin agus cláracha beochana déanta acu a bhfuil an iliomad duaiseanna agus ainmniúchán faighte acu ar a son. Go deimhin fuaireadar ainmniúchán don Oscar an t-am sin le haghaidh Give Up Yer Aul Sins.

Sna laethanta seo feictear saothar ‘Brown Bag Films’ ar an tseirbhís sruthlaithe Netflix, ar Apple TV, ar Disney Junior, ar Amazon Prime agus ar an iliomad seirbhísí ar fud an domhain. Ceannaíodh amach iad in 2015 agus is cuid de mhórchomhlacht ‘Nine Story Media Group’ iad anois ach coinníodh an t-ainm ‘Brown Bag’ toisc go raibh oiread sin aithne air.

Thaispeáin sí dom ar a fón póca na gúnaí a bheas á gcaitheamh aici thall in LA agus phléigh muid na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le gúna a cheannach nó a fháil ar cíos. Bhuail an smaoineamh mé nach minic a bhíonn comhrá agam le duine a thosaíonn le ‘Bhuel, nuair a bhí mé thall ag na Oscars…’

Tá mé den tuairim anois gur fhág mé i bhfad rófhada é ón uair a raibh an seisiún deireanach scéimhe agam. Níl a fhios cé na scéalta atá caillte agam idir an dá linn.

Níor mhór cúpla coinne a chur sa dialann do 2023.

Fág freagra ar 'Bhí fonn cainte ar mo theiripeoir – ach ní mórán fonn cainte a bhí ormsa'