‘Bhí faitíos orm nach n-éireodh liom tic a chur sa bhosca ceart’ – ag vótáil agus galar Alzheimer ort

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Bhí vóta ag breis agus 10 milliún duine a bhfuil galar Alzheimer orthu i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa. Ach ar chaith siad a vóta?

‘Bhí faitíos orm nach n-éireodh liom tic a chur sa bhosca ceart’ – ag vótáil agus galar Alzheimer ort

Chaith mo mháthair vóta i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa an tseachtain seo caite agus más fianaise ar bith bua mór Pháirtí an Lucht Oibre (PvdA) san Ísiltír, an tír ina bhfuil cónaí uirthi, d’éirigh léi vótáil don iarrthóir a raibh sé i gceist aici vóta a thabhairt dó.

Ach ba bheag nár chinn mo mham gan dul chuig an ionad vótála ar chor ar bith.

Bhí faitíos uirthi nach n-éireodh léi tic a chur sa bhosca ceart.

Bliain ó shin, deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mham agus cé nach bhfuil sí ródhona ar chor ar bith i réimsí áirithe – tá sí fós ina cónaí léi féin – bíonn bileoga, foirmeacha agus go deimhin comhfhreagras oifigiúil ar bith ar cheann de na dúshláin is mó a bhíonn roimpi sa saol laethúil.

Ba léir an méid sin nuair a bhí toghchán do na comhairlí contae agus do na húdaráis uisce san Ísiltír i mí an Mhárta. Tharla go raibh mé féin sa bhaile an lá sin agus chuaigh mé go dtí an t-ionad vótála i dteannta mo mháthar. Bhí cleachtadh déanta againn ar a vóta díreach sular fhág muid an teach, ach mar sin féin, ní raibh mo mham ach tar éis dul isteach sa bhoth vótála nó gur tháinig sí amach arís agus í corraithe. Sméid sí anall orm.

‘An bhféadfá cúnamh a thabhairt dom le do thoil? Níl mé in ann aon bhrí a bhaint as.’

Bhí mé céim nó dhó ón mboth vótála nuair a d’fhógair duine de na hoifigigh vótála orm.

‘Ní féidir leatsa dul isteach ansin.’

Bhí chuile dhuine míchompordach. Ba léir don dall go raibh mo mháthair trí chéile agus chuile sheans gur thuig na hoifigigh vótála go raibh galar Alzheimer ar mo mháthair, ach ní dúirt sí féin leo é agus ní raibh mise ag iarraidh labhairt ar a son. Ach fiú dá míneofaí an cás, ní bheadh aon mhaith ansin. Ina aonar, istigh sa bhoth vótála leis féin, a chaithfidh an vótóir a vóta a chaitheamh. Os íseal, mheabhraigh mé do mo mham arís cén bosca a raibh sé beartaithe tic a chur ann. Isteach léi, agus chaith sí a vóta.

Bhí os cionn 10 milliún duine a bhfuil galar Alzheimer orthu i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghchán Eorpach na seachtaine seo caite, isteach is amach le 2.5% d’iomlán na vótóirí. Ach ar chaith siad vóta?

Ní dheachaigh mo mham go dtí an t-ionad vótála go dtí gur chuir mise ar a súile di, i bhfísghlaoch, go raibh an-tábhacht lena vóta. Ar eagla na míthuisceana: níor chuir mé iallach ar mo mham vóta a chaitheamh d’iarrthóir ar leith. Bhí a fhios aici féin go han-mhaith cé dó ar theastaigh uaithi vóta a thabhairt. An faitíos roimh an bpáipéar ballóide, seachas an rogha pholaitiúil, a bhí ag cur drogaill uirthi.

Más fíor an tuar go mbeidh méadú faoi dhó ar líon na ndaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu san Eoraip as seo go ceann fiche bliain, beidh an galar ar 12.5 milliún vótóir faoin mbliain 2024, nuair a bheidh an chéad toghchán Eorpach eile ann. B’ionann an líon sin agus líon iomlán na ndaoine in aois vótála san Ísiltír; i bhfocail eile, ballstát meánmhéide is ea galar Alzheimer.

Buncheart daonna é ag duine fásta vóta a chaitheamh. Agus líon na ndaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu ag dul i méid, caithfear teacht ar bhealaí lena chinntiú go mbeidh ar chumas daoine a bhfuil an galar sin orthu úsáid a bhaint as an gceart sin.

Fág freagra ar '‘Bhí faitíos orm nach n-éireodh liom tic a chur sa bhosca ceart’ – ag vótáil agus galar Alzheimer ort'