Bhí dearmad déanta agam ar an gcúis gur maith linn dul thar lear

Tá an gnáthshaol ag teacht ar ais chugainn, diaidh ar ndiaidh, an turas thar lear san áireamh

Bhí dearmad déanta agam ar an gcúis gur maith linn dul thar lear

An scéala is deireanaí ó na húdaráis sláinte ná go bhfuil an ruaig, is cosúil, curtha faoi dheireadh ar an víreas.

An ráta ard vacsaínithe anseo deirtear, is cionsiocair leis seo – an cuimhin libh ar fad nuair a bhíomar chun deiridh ar na Meiriceánaigh agus ar mhuintir na Breataine? An cuimhin libh an uair ar iarramar déirc (vacsaín) ar Uachtarán nuathofa na Stát Aontaithe agus dhiúltaigh sé muid?

An deacracht atá ag Joe bocht anois ná, fiú dá dtabharfadh muide an déirc ar ais dóibhsean, tá gluaiseacht ollmhór i gcoinne na vacsaíne sna Stáit, agus dá réir, ráta ard den víreas fós ag scaipeadh thall.

Ach sa tír seo, tá socruithe taistil á ndéanamh, tá clubanna spóirt tosaithe in athuair, tá scoileanna ar oscailt agus an iliomad imeachtaí ar siúl iontu. Is léir go bhfuil an gnáthshaol ag teacht ar ais chugainn, diaidh ar ndiaidh.

Bhí bean an tsiopa cultacha snámha thar a bheith sásta léi féin. ‘Ó sea,’ a deir sí. ‘Tá mé ag díol an t-uafás cultacha snámha le cúpla seachtain anuas.’

‘I Meán Fómhair?’ arsa mise liom féin. Ach nach raibh mé féin istigh léi agus an gnó céanna idir lámha agam? Ní fhéadfainn a mhaíomh gur i mbun taighde do Tuairisc.ie a bhí mé, leis an bhfírinne a dhéanamh.

Agus ní ar mhaithe le léim isteach in uiscí fuara Chuan Bhaile Átha Cliath a bhí na cultacha seo á gceannach. Ba léir go raibh séasúr na saoire thar lear tosaithe arís.

‘Agus an bhfuil mórán daoine á gceannach?’ a d’fhiafraigh mé féin di. ‘Péire agus trí cinn san iarraidh,’ a d’fhreagair sí. ‘Agus go minic, folach le caitheamh in éindí leo agus iad ag siúl thart sa ‘resort’.’ Is beag tóir ar an ‘dry robe’ sa Mheánmhuir, is cosúil.

Le bheith macánta faoi, bhí mé féin faoin am seo ag caitheamh súil mhaoithneach ar shuímh idirlín a dhíríonn ar an ngrian agus ar an eachtraíocht. B’éigean dom a admháil go raibh mé mall don rás.

Le tamall roimhe sin, bhí mé ag tabhairt faoi deara go raibh go leor leor pictiúr saoire ag teacht aníos ar na meáin shóisialta – daoine ag luí faoin ngrian sa nGréig, ag seoltóireacht sa Mheánmhuir, ag ithe bia galánta sa bhFrainc, agus a leithéid.

Is é an t-iontas é go riabh culaith shnámha ar bith fanta ar an gCarraig Dhubh.

Chuaigh bean amháin ar m’aithne go dtí an Ghréig tráth ar cheap mise go raibh an tír ar fad trí thine.

‘Ó choinnigh mé súil ghéar ar na scéalta nuachta,’ a dúirt sí nuair a casadh ar a chéile muid ag an gclub bádóireachta tar éis di filleadh. Mheas sí nach bhféadfadh na tinte a bheith ródhona nuair a lig an comhlacht taistil dóibh dul chomh fada leis an nGréig sa chéad áit, ar an eitleán a bhí cairtfhostaithe acu.

Feictear dom anois, agus an phaindéim ag dul i laige – tá súil againn- go bhfuil daoine sásta dul sa ‘seans’ ar fhaitíos go ndúnfadh chuile shórt síos arís, nó go dtiocfadh rud éigin eile sa mhullach orainn, rud nach raibh aon súil leis.

Chuir mé téacs chuig cara eile atá páirteach i gclub leabhar liom, agus d’fhiafraigh mé di cén chaoi an raibh sí agus í ar saoire i ndeisceart na Fraince.  Chuir sí pictiúr chugam ar an bhfón ag taispeáint cé chomh gar di a bhí na tinte móra fiáine, agus ise i gceantar St Tropez.

Cheap sí nach raibh aon chontúirt rómhór iontu cé gur thug sí féin agus a compánach faoi deara go raibh luaithreach dhubh ag titim ar a gcuid bia agus iad ag ithe lóin taobh amuigh.

Chuaigh daoine i dtaithí an-sciobtha freisin ar na rialacha nua taistil. An cuimhin libh nuair a bhíodh daoine ag casaoid toisc go mb’éigean dóibh an pas a choinneáil oscailte ag dul ar bord eitleáin, chun go bhféadfaidís an cárta bordála a thasipeáint?

Anois, bíonn daoine ag tabhairt ‘nodanna’ cabhrach dá chéile agus iad ag pleanáil turais thar lear, faoi na coinníollacha nua. ‘Déan gach rud a phriontáil,’ a deir siad – fiú más féidir é a íoslódáil ar d’fhón póca. Bíodh teastas vacsaínithe, foirm aimsitheora, cárta bordála agus an pas agat (in éindí le do mhála ‘ar bord’ agus an Toblerone sin a cheannaigh tú ag an soicind deireanach.)

Agus cén fáth a bhfuil mé ag cur oiread sin suime sna cúrsaí sin ar fad? Sea, tá cúpla turas beartaithe agam agus iad sa chomhad ‘Taisteal’ ar an ríomhaire anois.

Cuireadh an turas chun na Róimhe ar ceal anuraidh nuair a bhí lá breithe ‘rabhnáilte’ ag duine de na deirfiúracha. Ach d’aiséirigh sé arís le haghaidh mí Deireadh Fómhair, nuair a scaoileadh na srianta.

Ceann de na rudaí is deise faoi dhul chun na Róimhe, ná nach n-athraíonn mórán ann. Nílim ag caint faoin gcineál buaine a bhaineann leis an tseandálaíocht, cé gur cúis sásaimh atá sa mhéid sin.

Ní hea, táim ag smaoineamh ar na rudaí a thugann sásamh intinne duit, na rudaí a thugann sólás duit tar éis tréimhse dheacair ag streachailt leis an víreas agus an drochthionchar a bhí aige ar an saol.

Táim ag smaoineamh ar an óstán beag seanaimseartha, nach bhfuil an praghas imithe in airde ann le dhá bhliain anuas, an fear fáilte céanna ina sheasamh ag an deasc nuair a leaindeálfaidh muid, an bia céanna le fáil sa mbialann dheas cúpla coisméig ón óstán.

Ansin le dhá lá anuas, agus mé ag síorthroid le suíomh idirlín Iodálach nach ligfeadh cead dom ticéad a chur in áirithe do thaispeántas ealaíne, ba bheag nár chaill mé an bloc le hIodálaigh agus Iodálachas.

Ach ansin go míorúilteach, d’imigh an deireadh seachtaine agus thosaigh gach rud ag oibriú arís. An dtéann suíomh idirlín ar saoire don deireadh seachtaine?

Nó an amhlaidh go raibh sé ag cur fainic orm faoina bheith ag cur brú air ar an Domhnach? Tóg go bog é, bhí sé ag rá liom. Déanaimid rudaí ar bhealaí difriúla anseo san Iodáil.

Agus mé sa mbaile le dhá bhliain nach mór, bhí dearmad déanta agam ar an gcúis gur maith linn dul thar lear – labhairt le daoine ó thír eile, blaiseadh de chultúr eile agus saoire a thógáil ó na scéalta gránna céanna lá i ndiaidh lae ag baile. Beidh mé ag casadh as an ríomhaire.

 

Fág freagra ar 'Bhí dearmad déanta agam ar an gcúis gur maith linn dul thar lear'