Bhí an Taoiseach gar do bhaile agus gar don chnámh an dá lá seo. Ar leic a dhorais féin i gCaisleán an Bharraigh a chuir an Taoiseach racht feirge de féin. “Tá seaimpíní na hÉireann anseo”, arsa Enda Kenny. “Ní hiad foireann pheileadóirí Mhistéalaigh Chaisleán an Bharraigh atá i gceist agam ach an oiread, ach na cnáimhseálaithe atá anseo,” a dúirt sé. Gar don chnámh, a deir tú.
Anois, b’fhéidir go raibh an Taoiseach ag tabhairt an-iomarca aitheantais do na cnáimhseálaithe ina cheantar féin. Is maith a chruthódh baile ar bith agus an chraobh sin a thabhairt leo mar níl dabht ach go bhfuil cnáimhseálaithe agus a gcuid leathbhadóirí glórach agus fairsing i chuile bhaile sa tír; cineál nós náisiúnta atá ann – agus ní maith é.
Chuir an Taoiseach leis an gcaint seo níos deireanaí agus dúirt nach n-aithneodh na cnáimhseálaithe an ghrian féin dá scalfadh sí san éadan orthu! B’fhéidir, ar nós Donald Trump, go bhfaca an Taoiseach go bhfuil buntáiste ag baint le caint neamhbhalbh agus go bhfuil go leor daoine éiríthe tuirseach den fhoclaíocht chúramach. Ach ní dóigh go raibh plean chomh tomhaiste sin ag baint le focla an Taoisigh.
Ar ndóigh ní raibh fáil ar bith go ligfí a racht feirge leis an Taoiseach; ba ghearr go raibh Sinn Féin agus Fianna Fáil sa mullach air. Ag déanamh beagán de dhaoine a bhfuil an bhróg ag luí orthu a bhí an Taoiseach, a dúradh. Bhí Gerry Adams an-bhrónach faoin scéal uilig. Ceart go leor.
Ach fiú san aeráid gharbh a bhaineann le cúrsaí feachtais toghchánaíochta – go háirithe gar don deiridh – ní dóigh le duine réasúnach ar bith gur duine é Enda Kenny a bheadh ag tromaíocht ar dhaoine a bheadh i dtrioblóid ar bhealach ar bith.
Ní raibh mé ar an láthair ach sílim go raibh cúpla údar le caint an Taoisigh.
Bhí cúpla lá sách cruógach caite aige sa mBruiséil i mbun cainteanna faoi chás na Breataine agus an Aontais Eorpaigh. Bhí scéalta ag dul anonn chuige nach raibh ag éirí go maith le feachtas toghchánaíochta Fhine Gael; bhí sé curtha ina chluasa nach raibh a chuid gníomhaíochta féin sách maith sa bhfeachtas. Ansin tagann sé ar ais agus téann sé abhaile – go dtí a bhaile féin i gCaisleán an Bharraigh. Ach, mar atá a fhios ag an saol níl áit ar bith a ghabhfaidh níos géire ar réalt scannán, ar bhoic mhóra ná ar pholaiteoirí ná a mbaile dúchais féin.
Ní scéal nua é – thart anseo ar chuma ar bith – nach bhfuil cuid de mhuintir Mhaigh Eo an-gheal ar Enda Kenny ó chuaigh sé isteach ina Thaoiseach. Bhíothas ag súil le tuilleadh uaidh ina chontae féin.
Cuimhnigh go bhfuil cúlra Enda Kenny an-domhain i Maigh Eo. Ní hé amháin go bhfuil dhá scór bliain caite aige féin ina Theachta Dála do Mhaigh Eo ach bhí a athair, Henry Kenny, ina Theachta Dála ansin ar feadh scaitheamh maith roimhe sin. Bhí daoine ann a bhí ag súil le cat agus dhá eireaball ó Enda Kenny i Maigh Eo agus, go deimhin, in iarthar na hÉireann uilig. An rabhadar ag súil le an iomarca? Is dóigh go raibh. San am céanna, tá na staitisticí agus an fhianaise ann go bhfuil iarthar na hÉireann go suntasach ar gcúl ar chuid mhór den tír ar bhonn eacnamaíoch agus sóisialta – rud atá amhlaidh le scaitheamh maith. Sin ábhar níos leithne.
Ach ar an tairseach i gCaisleán an Bharraigh níl aon ghair ag Enda ar Phádraig Flynn, mar shampla, i meastacháin an phobail. Nuair a bhí greim ag Pádraig Flynn ar an adhastar sa Roinn Comhshaoil d’fheabhsaigh na bóithre thar cuimse i Maigh Eo, rud a theastaigh freisin. Dúradh faoin Uasal Flynn i gcónaí nár lig sé síos a chontae féin. Ar ndóigh, cuireadh ina leith in áiteacha taobh amuigh de Mhaigh Eo nár lig sé síos a chontae féin!
An chnáimhseáil ar shráideanna Chaisleán an Bharraigh a bhí ag cur oilc ar an Taoiseach, ní bhaineann sé le daoine atá faoi chruatan an tsaoil amach agus amach.
Tá sé ina phort i gCaisleán an Bharraigh go bhfuil an Taoiseach ag cliseadh ar a chontae dúchais agus nach bhfuil an feabhas tagtha ar an saol a mbeadh siadsan ag súil leis agus fear Mhaigh Eo i gceannas an tíre.
Ní rud é sin a chuireann ola ar chroí duine ar bith, bíodh sé ina Thaoiseach no ná bíodh, agus é ag filleadh ar a bhaile dúchais agus é traochta. Cén bhrí ach é ós comhair micrafóin!
Ina dhiaidh sin féin, tá baol ar Thaoiseach ar bith – no ar pholaiteoir ar bith – go mbainfear tuisle as ina cheantar féin agus go rachfar gar don chnámh.
Ach i lár feachtas toghchánaíochta b’fhéidir gurb fhearr éisteacht leis na cnáimhseálaithe agus moladh a thabhairt do Mhisteálaigh Chaisleán an Bharraigh.
Fág freagra ar 'Bhí cuid den cheart ag an Taoiseach faoi lucht cnáimhseála…'