‘Bhí Conamara ina ‘North Korea’ le linn thréimhse aireachta Uí Chuív’ – an Taoiseach

Deir Éamon Ó Cuív go raibh caint an Taoisigh ‘maslach agus míchruinn’ agus gur léirigh sé ‘easpa tuisceana’ ar an nGaeltacht agus ar riachtanais phobail na Gaeltachta agus na n-oileán

 

16/6/2016 Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny speaking at the Irish World Heritage Centre in Manchester. Photo RollingNews.ie/GIS
Pictiúr: RollingNews.ie/GIS

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil inné go raibh Conamara ábhairín cosúil leis an gCóiré Thuaidh le linn don Teachta Dála Éamon Ó Cuív a bheith ina Aire Gaeltachta.

Thug an Taoiseach le fios gurb é an t-iar-aire Gaeltachta Dinny McGinley ba thúisce a dhein nasc idir Conamara, an Chóiré Thuaidh agus tréimhse Uí Chuív mar Aire.

“I recall the former Deputy, Dinny McGinley, saying in the House, after Deputy Ó Cuív had the flúirseach of the dormant accounts, that Connemara was a little like North Korea with aerstráice here and an airstrip there; there were airstrips all over the place, on land and at sea,” a dúirt Enda Kenny sa Dáil tráthnóna inné.

Dúirt An Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir go raibh an méid a bhí le rá ag an Taoiseach “maslach agus míchruinn” agus gur léirigh a chuid cainte “easpa tuisceana” ar an nGaeltacht agus “ar riachtanais phobail na Gaeltachta agus na n-oileán”.

“Tá sé scannalach an méid a dúirt sé agus níl aon bhunús leis. Tá sé go hiomlán mícheart agus ní raibh aon fabhar d’aon áit i gceist leis na scéimeanna seo nuair a bhí mise mar Aire. Ní gá dó ach féachaint ar a chontae féin, Maigh Eo, áit a bhfuil lorg mo láimhe le feiceáil níos mó ná mar atá lorg lámh an Taoisigh féin.

“Maidir leis na cuntais díomhaoin, tá sé go hiomlán mícheart. Gach pingin a caitheadh agus gach plean caiteachais a bhí ann, chuaigh sé faoi bhráid coiste maoirseachta agus cuireadh faoi bhráid an Rialtais é ina dhiaidh sin agus ba é an Rialtas a rinne an cinneadh,” a dúirt Ó Cuív.

Éamon Ó Cuív
Éamon Ó Cuív. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta le Tuairisc.ie gur chaith sé “gach pingin ar bhealach cothrom, tomhaiste agus stuama” le linn dó a bheith ina Aire agus go mba údar “náire” ag an Taoiseach a mhalairt a thabhairt le fios faoi phribhléid Dála.

Bhí an Taoiseach ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Neamhspleách Michael Healy-Rae a d’fhiafraigh de Kenny an raibh sé i gceist ag an Rialtas maoiniú a chur ar fáil do Roinn na Gaeltachta chun tús a chur athuair le scéim chun feabhas a chur ar bhóithre na Gaeltachta.

Thug Healy-Rae agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin creidiúint d’Éamon Ó Cuív as an bhfeabhas, dar leo, a tháinig ar infreastruchtúir na Gaeltachta le linn dó a bheith ina Aire.

Dúirt Martin gur léiriú iad na haerstráicí a tógadh i gConamara ar thiomantas Fhianna Fáil do cheantair tuaithe na hÉireann.

Chloígh an Taoiseach, áfach, lena chomparáid idir Conamara agus an Chóiré Thuaidh

“He [Dinny McGinley] said there were unseen and unheard-of airstrips that had been developed in Connemara through the benefits of the dormant accounts, as Deputy Martin is well aware,” a dúirt an Taoiseach.

Fág freagra ar '‘Bhí Conamara ina ‘North Korea’ le linn thréimhse aireachta Uí Chuív’ – an Taoiseach'

  • TG Lurgan

    Ní cuidiú ar bith an tsahghais seo páistiúlacht agus deireadh ré na Gaeilge labhartha I gConamara ag teannadh go tréan linn.
    Fág inné mar inné agus dírigh ar an éigeandáil atá anois ann. Tá neart tuar dóchais ar féidir tógáil orthu ach is céim mhór chun cúil an cineál seo bhaothchainte.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá an caint seo chomh seafóideach le rud a dhéarfadh Donald Trump!

  • Bean an aerstráice

    Tá aerstráice agam féin anseo idir an teach agus seidín na gcearc, ach nach amhlaidh atá ag gach teaghlach in Éirinn? Ní cuimhin liom anois cén deontas go baileach a d’íoc as. SEAI, b’fhéidir, nó an tAontas Eorpach nó Ciste éigin i gCuimhne Vítneam.

  • Pól Ó Braoin

    Fágadh ar bheagán smideanna mé théis an tsifleáil cainte sin ón bhfear a bhfuil cúram na gaeltachta agus na tíre uilig ar a ghualainn aige.
    Níos mo daoine mar Éamon Ó Cuív atá ag teastáil na laethanta seo.

  • Feardorcha

    Ó níl aon dabht ach go bhfuil sibhse, muintir Chonamara, breá buíoch d’Éamon s’againne.

    Nár thóg sé trí chaladh in aon tráthnóna amháin, gan aige ach rámhainn i lámh amháin is piocóid sa leathláimh eile. As leis go brách ansin gur thóg droichead isteach go Muiceanach idir Dhá Sháile. Blogaimín tae don tart, agus ansin droichead eile amach thar an tsáile eile. Snámh sé go hÁrainn ina dhiaidh sin is chaith siar leathghalún fuisce, bail ó Dhia air.

    N’fheacthas mórán dá chumhachtaí draíochta i gCiarraí mar sin féin, ná níl na Conallaigh róbhuíoch dó ach oiread.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Agus ba léir ag an am nach mó ná sásta a bhí Éamonn Ó Cuív go raibh ceanncheathrú Leader na Gaeltachta, MFG, lonnaithe i gCorca Dhuibhne; gur chóir é a bheith lonnaithe i gConamara ar nós gach ní eile. Ach in ainneoin é sin a bhaint amach, d’éirigh leo deireadh ar fad a chur le MFG go bhfuil scéimeanna Leader gan dealramh curtha ina áit agus iad siúd á riaradh ag grúpaí lasmuigh den Ghaeltacht.