Bhí ceo trom ann agus na himreoirí mar a bheadh taibhsí 

Comórtas ar leith ab ea craobh chlubanna na Mumhan i gcónaí

Bhí ceo trom ann agus na himreoirí mar a bheadh taibhsí 

Seachtain ó shin deineadh an tarraingt do chomórtas club na Mumhan a bheidh á imirt roimh Nollaig.

Dar ndóigh níor imríodh an comórtas seo anuraidh de bharr cúrsaí paindéime.

Cuireadh tús leis an gcomórtas seo i 1964 agus lean sé ar aghaidh gan aon bhriseadh go dtí anuraidh. Fánaithe an Ghleanna ó Chorcaigh a bhuaigh an chéad chraobh. D’imir seaimpíní na Gaillimhe i gcomórtas na Mumhan ó 1964 go dtí 1969.

Caithfidh mé a admháil nach raibh mórán measa agam ar an gcomórtas agus na cluichí ar siúl déanach sa bhfómhar agus sa gheimhreadh i drochaimsir agus ar pháirceanna nach mbíodh thar mholadh beirte i gcónaí. D’imríos sa comórtas den chéad uair i 1977 i gcoinne Phort Lách a bhí ag imirt sa bhaile. Bhí an pháirc thar a bheith bog, an tráthnóna thar a bheith gruama agus an cluiche thar a bheith dian. Bhí iar-laoch Phort Láirge Tom Cheasty ag imirt agus é isteach sna daichidí. Tráthúil go leor bhí Niall Kennefick á mharcáil air agus é fós ina dhéagóir. A bhuíochas do cheithre chúl ónár laoch féin Jimmy Barry Murphy, nach raibh an sliotar ina sheilbh aige ach b’fhéidir sé huaire ar fad, bhí an lá linn.

Bhuamar go héasca ar an mBaile Dubh ó Chiarraí sa cluiche leathcheannais i bPáirc athchóirithe Uí Chaoimh.

Ach bhí tráthnóna níos measa agus láthair níos measa ná Port Lách romhainn sa chluiche ceannais. Droichead Abhann ó gCearnaigh a bhí againn seachtain roimh Lá Nollag sa Tulach i gcontae an Chláir.

Bhí ceo trom ann agus ní fhéadfá fad na páirce a dhéanamh amach an chuid is mó den chluiche. Is cuimhin liom tuairisc a scríobh Michael Ellard ar an Cork Examiner ar an Luan inar thagair sé do na himreoirí a bheith mar thaibhsí. Bhí sé beagnach dodhéanta iad a aithint mar go raibh an ceo chomh trom san.

Ach imríodh an cluiche agus chríochnaigh sé ar comhscór, rud a chiallaigh go raibh athimirt againn mí Eanáir. An uair sin, i mbaile Thiobraid Árann, bhí sé an-fhuar ar fad, ach bhí leithéidí Tony Maher, Gerald agus Charlie McCarthy agus Jimmy Barry Murphy os cionn a mbuille agus bhí an bua againn. Bhí sé speisialta mo chéad bhonn club na Mumhan a bhuachaint ach níor thaitin an traenáil sa bhfuacht, sa bháisteach agus sa dorchadas liom gan trácht ar an drochaimsir agus an drochbhail a bhí ar na páirceanna do na cluichí féin.

An bhliain sin imríodh cluichí leathcheannais agus cluiche ceannais na hÉireann an deireadh seachtaine céanna ag deireadh an Mhárta. Bhí an bua againn ar Ráth an Iúir i gcluiche ceannais na hÉireann. Séasúr rathúil ach mórán strácála.

Ag caint faoi fhulaingt, is iad Baile Gunnair Phort Láirge na máistrí agus iad dulta chomh fada le cluiche ceannais na Mumhan deich n-uaire ach gan ach dhá cheann acu buaite acu. Ach tá Baile Gunnair fós ar an mbóthar agus ag treabhadh leo. D’imríodar sna trí chluiche ceannais dheireanacha i gCúige Mumhan agus bhí an lá leo in 2018. I gcraobh Phort Láirge tá 42 cluiche craoibhe buaite acu i ndiaidh a chéile agus iad ar thóir a n-ochtú craobh as a chéile amárach.

Agus cé nár chruthaigh siad rómhaith i gCúige Mumhan i gcónaí, tá siad ina ríthe sna Déise ó 2013. Ón bhliain 2000 níl ach dhá bhliain nár bhaineadar an cluiche ceannais amach agus 11 craobh atá buaite acu sa tréimhse sin.

Is é Cumann an Ruáin Mhóir ó chathair Phort Láirge atá rompu amárach agus is iad na seaimpíní Baile Gunnair rogha na n-údar.

Mar sin seans maith gurb iad Baile Gunnair a bheidh ag imirt arís ar son na nDéise i gcomórtas na Mumhan agus iad ar thóir a dtríú coróin agus, b’fhéidir coróin mhór eile ina dhiaidh sin, ceann nach bhfuil buaite riamh acu.

Beidh an t-aicsean ar TG4.

Fág freagra ar 'Bhí ceo trom ann agus na himreoirí mar a bheadh taibhsí '