Bhí Arlene Foster le cluinstin ar RnaG ag caint Gaeilge bhinn bhlasta Dhún na nGall…

Bhí Arlene Foster le cluinstin ar RnaG ag caint Gaeilge bhinn bhlasta Dhún na nGall... AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: ‘Aimsigh sagart! Am faoistine atá ann! Tá deireadh an tsaoil linn! Apacailipsis Eo! Apacailipsis Eo!’

Bhí Arlene Foster le cluinstin ar RnaG ag caint Gaeilge bhinn bhlasta Dhún na nGall…

‘Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na Flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin. Agus d’oscail sé an poll duibheagáin agus d’éirigh as an bpoll deatach mar dheatach as béilteach tine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill…’

Sliocht as Apacailipsis

Bhí an Saighdiúir Samhraidh ina shuí go luath maidin Shathairn. D’amharc sé amach an fhuinneog i dtreo an locha agus na sléibhte agus chonaic rud a chuir iontas air – bhí an ghrian ag éirí san Iarthar!

‘Bhuel,’ a smaointigh an saighdiúir, ‘tá sin aisteach.’ Cibé, tarlaíonn rudaí aisteacha anois agus arís sa tsaol agus lean sé leis ar a thuras laethúil. Bhain an feiniméan leis an téamh domhanda, bíodh geall, a smaointigh an saighdiúir.

D’éist an saighdiúir le RTÉ Raidió na Gaeltachta mar a rinne sé gach lá. Bhí ceannaire de chuid an DUP, Arlene Foster, le cluinstin, í ag caint Gaeilge bhinn bhlasta Dhún na nGall. Bhí sí i ndiaidh athmhachnamh a dhéanamh ar a cás agus bhí sí den tuairim gur chóir Gaeltacht a dhéanamh d’Éirinn gan roinnt. ‘Go raibh maith agat,’ a dúirt a comhghleacaí Gregory Campbell léi i ndiaidh a cuid cainte.

‘Bhuel,’ a smaointigh an saighdiúir, “tá sin aisteach.’ Cibé, tarlaíonn rudaí aisteacha anois agus arís sa tsaol agus lean sé leis ar a thuras laethúil. An raibh lámh ag fórsaí na Corónach i scéal ait seo Arlene, a smaointigh sé leis féin?

D’amharc an saighdiúir ansin ar Tuairisc.ie – mar a rinne sé gach maidin. Bhí Gerry Adams faoi agallamh in Ultais agus ní raibh féasóg air. Bhí Leo Varadkar á rá go raibh sé ag éirí as Fine Gael agus ag clárú le Daoine roimh Dosh. Thabharfaí Leo Trotscaí air feasta. Mura leor sin, bhí mír as Meiriceá acu inar fhógair Hillary Clinton agus Donald Trump go raibh siad i ngrá le chéile go rúnda agus go raibh siad ag éirí as an pholaitíocht le dul a chónaí i gcomún i gCalifornia.

‘Bhuel,’ a smaointigh an saighdiúir, ‘tá sin aisteach.’ Cibé, tarlaíonn rudaí aisteacha anois agus arís sa tsaol agus lean sé leis ar a thuras laethúil. An raibh lámh ag Putin sa ghnó seo? a smaointigh an saighdiúir.

Chuaigh an saighdiúir amach ar oilithreacht chun an tsléibhe ab fhearr leis. D’amharc sé ar an ghréin ag triall soir agus chonaic go raibh dhá ghealach sa spéir ina cuideachta. Ní raibh cuimhne ar bith aige ar dhá ghealach sa spéir roimhe sin.

‘Bhuel,’ a smaointigh an saighdiúir, ‘tá sin aisteach.’ Cibé, tarlaíonn rudaí aisteacha anois agus arís sa tsaol agus lean sé leis ar a thuras laethúil. An raibh baint ag an Chóiré Thuaidh leis an dara gealach, a smaointigh an saighdiúir?

Shiúil an saighdiúir leis agus chuala mír eile nuachta a reoigh an t-anam ann – bhí Maigh Woe i ndiaidh an ceann ab fhearr a fháil ar Chiarraí. Ní thiocfadh leis é a chreidbheáil. Nuacht bhréige a bhí ansin go cinnte. Chuir sé forrán ar fhear a bhí ag dul thar bráid. ‘An fíor gur chloígh Maigh Woe Ciarraí?’ a d’fhiafraigh an saighdiúir de. Bhí an fear reoite le heagla: ‘Is fíor! Is fíor! Ná déanadh tú moill. Aimsigh sagart! Am faoistine atá ann! Tá deireadh an tsaoil linn! Apacailipsis Eo! Apacailipsis Eo!’

Bhuel, bhain an scéala seo preab as an tsaighdiúir gan amhras. Bua ag Maigh Woe in éadan Chiarraí! A leithéid de rud! Ach, a smaointigh an saighdiúir leis féin, níor bhain siad rud ar bith go fóill. Bhí na Dubanna ag fanacht leo. Thug an smaointeamh sin sólás dó. Bhí Cruthaitheoir cruálach na Caide ag spraoi le muintir bhocht Mhaigh Woe. Bhí sé ag deonú cluiche eile orthu, cluiche a chuirfeadh leis an díomá agus leis an chrá croí agus leis an dólás. Sea, is cruálach é Cruthaitheoir na Caide, a smaointigh an saighdiúir. Dá mbainfeadh Maigh Woe craobh uile-Éireann, sin an t-am le faoistin a dhéanamh!

Leis sin, shiúil sé leis faoin ghréin a bhí ag triall soir, an dá ghealach sa spéir os cionn Arlene na Gaeilge, Gerry gan fhéasóg agus Hillary agus Donald an Ghrá.

Fág freagra ar 'Bhí Arlene Foster le cluinstin ar RnaG ag caint Gaeilge bhinn bhlasta Dhún na nGall…'