‘Bhí an-tábhacht le leagan Gaeilge do pháistí óga Bhéal Feirste’

‘An Panda Rua a D’éalaigh Ón Zú’ an leagan Gaeilge de leabhar nua John Gray. Mhínigh sé do Tuairisc.ie cén fáth go raibh sé tábhachtach go bhfoilseofaí leagan Gaeilge agus Béarla de

‘Bhí an-tábhacht le leagan Gaeilge do pháistí óga Bhéal Feirste’

Cé nach bhfuil Gaeilge ar bith aige féin, bhraith John Gray go raibh sé tábhachtach leagan Gaeilge dá leabhar a chur ar fáil.

Is é Gray úinéir an chomhlachta foilsitheoreachta a chuir an leabhar amach, atá lonnaithe i mBéal Feirste, agus is é údar an scéil Red Panda’s Great Escape, nó An Panda Rua a D’éalaigh Ón Zú

“Cheap mé go raibh an-tábhacht ag baint le leagan Béarla agus Gaeilge a fhoilsiú. Tá an-chuid leanaí le Gaeilge i mBéal Feirste anois agus creidim gur cheart freastal orthu.”

Deir Gray go bhfuil sé ag éirí níos eolaí faoi na “pobail bheoga Ghaeilge i mBéal Feirste” agus an fás atá ag teacht ar na bunscoileanna Gaeilge.

“Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil cairde liom a labhraíonn Béarla ag cur a gcuid leanaí chuig na bunscoileanna agus ag tosú ag foghlaim na teanga iad féin,” ar sé. “Ghlac mo mhac, Fintan, air féin an teanga a fhoghlaim agus tá sé líofa agus bhí sé in ann scéal breá a aistriú dom i rannáin na Gaeilge den Irish Independent agus san Irish News.

“An leithscéal a bhí agam le fada an lá gan an Ghaeilge a fhoghlaim mé féin ná go bhfuilim róghnóthach – rud atá fíor! Ach tá an leithscéal sin ag éirí níos seanchaite i gcónaí. Is ceist cearta é an teanga a aithint agus luíonn sé le ciall go ndéanfaí sin.”

Nuair a d’fhiafraigh mé de Gray an gceapann sé go mbeidh éileamh ar an leagan Gaeilge den leabhar, dúirt sé láithreach nach bhfuil aon dabht ach go mbeidh.

“Ba é an t-eagrán Gaeilge aon trian den 100 leabhar nó mar sin a ceannaíodh ag seoladh an leabhair,” ar sé. “Cuireadh in iúl dom go háirithe go bhfuil múinteoirí ag leibhéal na bunscoile ag lorg acmhainní den chineál seo de shíor. Is cinnte go bhfuair mé freagra an-dearfach ó phobal na Gaeilge. Rith cló teoranta a bhí ann – ní raibh ach 400 den eagrán Gaeilge ann – ach tá mé ag ceapadh cheana féin go mbeidh orm athchló a dhéanamh.”

Is é seo an chéad leabhar atá foilsithe ag Red Panda. Cén fáth ar shocraigh sé a chomhlacht féin a thosú agus dul i mbun na féinfhoilsitheoireachta?

“Chinn mé dul ar aghaidh leis an bhféinfhoilsiú i ndáiríre toisc go bhfuil fócas faoi leith ag an scéal ar Bhéal Feirste, cé go bhfuil súil agam go mbeidh tarraingt uilíoch air,” ar sé. “Mar chathaoirleach ar ‘Reclaim the Enlightenment’ bhí taithí agam paimfléid a fhoilsiú faoin inphrionta Reclaim, agus taithí agam ar an obair ón eagarthóireacht go dtí an foilsiú agus an dáileadh, rud ar cuidiú é. I measc na bpaimfléid tá mo phaimfléid féin ar ghnéithe de stair na nÉireannach Aontaithe agus, le déanaí, ceann ar Mary Ann McCracken.”

Deir Gray gur chabhraigh an taithí sin go mór le Red Panda. Is é an sáraistritheoir agus scríbhneoir Antain Mac Lochlainn a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge agus Beth McComish a mhaisigh.

Tá an craoltóir aitheanta Cormac Ó hAdhmaill ina measc siúd a deir gur fiú go mór scéal an Phanda a d’éalaigh ón zú a fháil.

“Thig liom Mamaí nó Daidí a shamhlú, an leabhair seo oscailte acu, na leanaí cruinn thart agus iad ag amharc agus ag éisteacht le draíocht an scéil seo,” a dúírt Ó hAdhmaill.

I measc na leabhar eile atá scríofa ag John Gray tá The Day the Monster Came agus There are Dragons, a d’fhoilsigh ag Appletree Press.

Deir sé gur “mór an t-aoibhneas é filleadh ar an scríobh do leanaí arís”.

D’éalaigh panda dearg ó Zú Bhéal Feirste tamall de bhlianta ó shin agus b’in a spreag Gray chun an scéal seo a scríobh. Creideann sé go láidir go bhfuil scéalta ag teastáil uainn “a bhaineann leis an domhan ina gcónaíonn ár bpáistí” agus tá cé go bhfuil an scéal seo suite i mBéal Feirste, tá Gray ag súil go dtaitneoidh sé le gach éinne.

An Panda Rua a D’Éalaigh Ón foilsithe ag Red Panda agus ar fáil ar £5.99/€7.00.

Fág freagra ar '‘Bhí an-tábhacht le leagan Gaeilge do pháistí óga Bhéal Feirste’'

  • Ailís

    Go n-éirí an t-ádh leat!