Bhí an Gaeilgeoir dúchais deiridh fós beo ar an Ó Méith nuair a tosaíodh an chaint faoi dhroichead

Tháinig an fógra thuaidh-theas faoi Dhroichead Chaol Uisce sna sála ar an gcinneadh faoi mhaoiniú ón rialtas ó dheas do phobal na Gaeilge

Bhí an Gaeilgeoir dúchais deiridh fós beo ar an Ó Méith nuair a tosaíodh an chaint faoi dhroichead

N’fheadar ar taom giodair a bhuail an dá rialtas taca an ama chéanna é nó arb amhlaidh go raibh plean comhordaithe ann an deis a thapú chun tabhairt faoi obair ar chuir an phaindéim moill uirthi. Cibé tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine i mbun beartais a gealladh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, an socrú faoinar athbhunaíodh Stormont bliain go leith ó shin. Nó seans gur ag freagairt atá siad don tarraingt cos agus sáraíocht gan staonadh in Stormont.

Tá reachtaíocht faoi chaibidil i dTeach na Parlaiminte in Westminster chun déileáil le ceisteanna conspóideacha in Stormont. Táthar ag féachaint le srian a chur ar an leas a bhaintear as an veto –an achainí chásmhaireachta ar baineadh mí-úsáid rómhinic aisti. Táthar ag cur socruithe nua ar bhonn reachtúil chun sáinn sa bhFeidhmeannas agus toghchán ar an toirt a sheachaint má shiúlann príomhpháirtí amach.

Nuair a bheas feidhm dlí leis an mbille sin bainfidh sé an bonn de bhagairtí go scriosfar an Feidhmeannas. Thóg sé sách fada ar an mBreatain an beart a chur i gcrích. Sé an scéal céanna é le rialtas na hÉireann ach chomhlíon sé roinnt geallúintí le gairid, ceann acu ar ceapadh go raibh meirg air.

Níor ghá a bheith soiniciúil lena cheapadh go mbeadh Droichead Chaol Uisce ar an liosta iomráiteach sin de gheallúintí polaitiúla a tógadh as mála na bhféiríní nuair ba ghá, ach a d’imigh as amharc mar a scaipfeadh an ceo. Ba bheag aird a thug lucht faire air anuraidh nuair a gheall rialtas na hÉireann tacaíocht don togra mar chuid den Ré Nua, Cur Chuige Nua. Ba é an port uathu sin a chuir dúil ann ‘ní bheathaíonn na briathra na bráithre’. Bhí údar acu.

Bhí an Gaeilgeoir dúchais deiridh fós beo ar an Ó Méith nuair a cuireadh tús leis an gcaint faoi dhroichead ar Loch Cairlinne idir Cuaille agus deisceart an Dúin. Taobh istigh de dheich mbliana, i dtús na seachtóidí a gealladh é.

B’údar gairdeachais é ar dhá thaobh na teorann nuair a d’fhógair an Taoiseach Micheál Martin go raibh maoiniú €3 milliún as an gciste d’Oileán Comhroinnte faofa chun an togra a fhorbairt lena chur amach ar tairiscint. Cuireadh na múrtha fáilte roimh an bhfógra ón Taoiseach agus Aire Infreastruchtúr Stormont, Nicola Mallon SDLP ach níorbh aon iontas é go raibh lucht feachtais ag rá ‘níl tada déanta fós’.

Aisling de chuid an SDLP sa Dún Theas ab ea an droichead, bhí croí an iartheachta PJ Bradley, nach maireann, istigh ann. Deich mbliana ó shin roghnaíodh an cúrsa, idir an Pointe, ag caisleán Chaol Uisce agus an Ó Méith, fuair an togra cead pleanála agus gealladh maoiniú ó Bhaile Átha Cliath, Stormont agus an tAontas Eorpach. Thit an tóin as an scéim in 2013 nuair a d’fhógair Comhairle Chontae Lú gur léirigh tairiscintí go mbeadh an costas beagnach a dhá oiread is a bhí ceadaithe.

Anois ó tá béim á leagan ar fhorbairt infreastruchtúir i ndiaidh na paindéime agus an Bhreatimeachta táthar ag caint ar cheann a chur leis an tógáil in 2023. Chífimid. Ní hamháin gur nasc a bheadh ann idir dhá phobal nach bhfuil ach leathmhíle slí eatarthu – thar uisce – ach ceangal tábhachtach chomh maith idir dhá réigiún turasóireachta a bhfuil an-tóir orthu. An dtabharfadh sé rogha bóthair go calafort an Phointe freisin thairis an bealach plódaithe tríd Iúr Chinn Trá?

Tháinig an fógra thuaidh-theas faoi fhorbairt an droichid sna sála ar an scéal ar an suíomh seo faoin gcinneadh faoi mhaoiniú ón rialtas ó dheas do phobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, geallúint eile a bhí sa Ré Nua, Cur Chuige Nua. Táthar ag faire féachaint cathain a dhéanfar beart críochnúil faoin mbóthar go Doire, ollscoil i nDoire agus seirbhísí trasteorann eile a bhfuil práinn leo i ngeall ar an Bhreatimeacht.

Fág freagra ar 'Bhí an Gaeilgeoir dúchais deiridh fós beo ar an Ó Méith nuair a tosaíodh an chaint faoi dhroichead'