‘Bhí an chloch sin agamsa ar dtús!’ arsa an Cailín Mór Beag. ‘Cloch. Mise,’ arsa an Babaí!

AG TOGÁIL CLAINNE: Chuir ‘cath na gcloch’ idir na gasúir an dán ‘Epic’ le Patrick Kavanagh i gcuimhne dár gcolúnaí

Holding stone

‘Thóg sé mo chloch!’ a bhéic an Cailín Mór Beag amach agus uafás ina glór. Tháinig lán buicéid cloch agus sliogán abhaile ón trá an lá cheana agus is mó gleo atá tarraingthe acu ná aon rud eile a tháinig isteach sa teach fós.

Chuimhnigh mé ar Chaitríona Pháidín agus ar ghlaschloch an oileáin. An raibh an baol ann go leanfadh an t-aighneas seo ar aghaidh go deo?

Chonaic mé an Babaí agus na sála á gcrochadh aige i dtreo an dorais ag cúl an tí. Bhí an chloch úd a tharraing an gleo fáiscthe go docht ina dhorn aige. Tháinig sé chomh fada leis an doras agus thosaigh sé ar a mhíle dícheall ag iarraidh an eochair a chasadh agus éalú amach.

Bhí iontas orm nuair a d’éirigh leis an glas a bhaint den doras agus amach leis ina thoirneach. Is dócha go mbeidh orainn anois bráisléad dhigiteach GPS de chineál éicint a cheannacht chun monatóireacht a dhéanamh ar a chuid gluaiseachtaí.

‘Cloch. Mise,’ a bhéic sé ón gclós isteach ar fhaitíos go mbeadh míthuiscint ar éinne faoi úinéireacht na cloiche. Chuir an ráiteas seo an Cailín Mór Beag in aer uilig agus d’éirigh sí amach chuige.  

Rith sí trasna an tseomra. Amach léi, léim sí thar an lego, thar na My Little Ponies, thar na carranna beaga agus rún aici an chloch a fháil ar ais nó ar éigean.  

‘Bhí an chloch sin agamsa ar dtús!’ a dúirt sí in ard a gutha agus thosaigh ag iarraidh a hordóg a sháigh isteach i lár a dhoirn lena ghreim a bhriseadh is an tseoid bheag gharbh a bhaint de.

Tháinig an líne ‘old McCabe stripped to the waist’ as an dán ‘Epic’ le Patrick Kavanagh chun intinne. Ní hamháin mar gheall nach raibh aon treabhsar ar an mBabaí le linn na coimhlinte – dhiúltaigh sé iad a chur air an mhaidin sin – ach mar gur chuma nach raibh inti ach cloch bheag fhánach is go raibh an clós breac le clocha. Ba chuma ach an bua a fháil.

I have lived in important places, times

When great events were decided, who owned

That half a rood of rock, a no-man’s land

Surrounded by our pitchfork-armed claims.

‘Sin é, sin é, sin deireadh na gcloch,’ a d’fhógair mé orthu agus thosaigh ar na clocha a bhailiú agus á gcaitheamh sa wheelie bin mar a bheadh Dia á rá liom.

Fág freagra ar '‘Bhí an chloch sin agamsa ar dtús!’ arsa an Cailín Mór Beag. ‘Cloch. Mise,’ arsa an Babaí!'