‘Bhí a fhios ag an-chuid daoine go raibh an cinneadh seo ag teacht’ – cúrsaí Gaeltachta na n-ábhar oidí ar líne arís

Ní bhfuair na coláistí Gaeilge scéala go dtí an deireadh seachtaine nach mbeadh mic léinn sna coláistí oiliúna ag freastal ar na cúrsaí sa Ghaeltacht an mhí seo chugainn agus gur ar líne a bheadh an teagasc arís

‘Bhí a fhios ag an-chuid daoine go raibh an cinneadh seo ag teacht’ – cúrsaí Gaeltachta na n-ábhar oidí ar líne arís

Tá ráite ag duine de lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge Gaeltachta gur chóir go mbeadh cinntí déanta níos luaithe maidir le cúrsaí na n-ábhar oidí.

Ní bhfuair na coláistí Gaeilge scéala go dtí an deireadh seachtaine nach mbeadh mic léinn sna coláistí oiliúna ag freastal ar na cúrsaí sa Ghaeltacht an mhí seo chugainn agus gur ar líne a bheadh an teagasc arís.

Dúirt Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, go dtuigeann sé gur gá cinneadh a dhéanamh gan na hábhair oidí a chur go dtí an Ghaeltacht mar gheall ar an imní atá ann faoi scaipeadh an Covid-19 ach mheas sé gur cheart go mbeadh an cinneadh déanta níos luaithe ná seachtain roimh na Nollag.

“Bhí a fhios ag an-chuid daoine go raibh an cinneadh seo ag teacht. Is dócha gurb é an rud a bhí deacair faoin gcinneadh ná go raibh sé ana-dhéanach agus an phleanáil ar siúl ag na mná tí, againn féin agus ag na hallaí pobail,” a dúirt Ó Sé ar an An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Bhíomar ag ceapadh go mbeadh an cinneadh againn níos luaithe agus bheadh sé níos fearr dá mbeadh sé déanta níos luaithe.”

Dúirt Ó Sé gur léir nach mbeadh na mic léinn in ann teacht nuair a thosaigh an plé faoi laghdú a dhéanamh ar líon na dteaghlach a bhí in ann meascadh le chéile agus gur chóir go mbeadh an cinneadh déanta ag an bpointe sin.

An rud is tábhachtaí anois, dar leis, ná cinneadh faoi chúrsaí na Cásca a dhéanamh chomh luath agus is féidir toisc go bhféadfadh siad sin a bheith i mbaol freisin de dheasca cúrsaí Covid-19. Dúirt sé nach bhfuil ach 13 seachtain idir deireadh na gcúrsaí i mí Eanáir agus tús chúrsaí na Cásca.

Dúirt Ó Sé gur chóir d’ionadaithe ón Roinn Oideachais, an Roinn Ardoideachais, Roinn na Gaeltachta, na coláistí oiliúna agus na coláistí Gaeilge bualadh le chéile níos minice chun an scéal a phlé agus gur cheart go mbeadh cinneadh déanta mí Feabhra faoi chúrsaí na Cásca, “cúig nó sé seachtaine roimh thús an chúrsa”.

Is ar líne a reáchtáladh cúrsaí Gaeltachta na n-ábhar oidí níos luaithe i mbliana nuair a d’fhág na srianta Covid-19 nach raibh siad in ann cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht.

Léiríodh imní ag an am faoin tionchar a bheadh ag na cúrsaí ar líne ar thaithí foghlama na n-ábhar oidí.

Ghlac Ó Sé leis nach bhfuil na cúrsaí ar líne chomh maith le bheith sa Ghaeltacht, “i dteannta mhuintir na Gaeltachta, i measc an phobail agus an tobar saibhir atá anseo sa cheantar”, ach dúirt sé go raibh cúrsa nua cruthaithe arís acu i gColáiste Chorca Dhuibhne le déanaí chun feabhas a chur ar thaithí na n-ábhar oidí.

De ghnáth bíonn ar ábhair oidí dhá thréimhse coicíse a chaitheamh sa Ghaeltacht chun go mbeadh aitheantas mar mhúinteoirí bunscoile acu ón gComhairle Múinteoireachta ag deireadh a gcúrsa ceithre bliana.

Fág freagra ar '‘Bhí a fhios ag an-chuid daoine go raibh an cinneadh seo ag teacht’ – cúrsaí Gaeltachta na n-ábhar oidí ar líne arís'