Bhfuil a fhios agat cén jab a bheas agam nuair a bheas mise mór?

Nuair a chuala ár gcolúnaí faoin scoil sorcais atá i nGaillimh rinne sí a dícheall an t-eolas sin a choinneáil faoi cheilt

Bhfuil a fhios agat cén jab a bheas agam nuair a bheas mise mór?

‘Nuair a bheas mise mór, Mamaí, an bhfuil a fhios agat cén jab a bheas agam?’ a d‘fhiafraigh an Babaí díom. ‘Níl a fhios,’ a d’fhreagair mé, agus mé an-tógtha lena dhíograis agus a dhúthracht faoin saol oibre agus gan é amuigh as na naíonáin bheaga fós. 

Ní fhéadfainn a rá céard atá mé féin ag iarraidh a dhéanamh nuair a bheas mé mór, is tá mé mór go maith faoin am seo. Is dóigh nach bhfuil glaoch chun gairme i ndán dúinn uilig sa saol seo. 

‘Cén jab a bheidh agat?’ a d’fhiafraigh mé dhe. 

‘Beidh mé ag obair sa sorcas!’ a dúirt sé agus ríméad an domhain air. 

‘Céard?’ a dúirt mé agus is maith an lá go raibh mé i mo shuí síos ag an am nó tá baol ann go mbeinn tite as mo sheasamh.

‘Beidh jab agam ag obair le Tom Duffy’s Circus,’ a dúirt sé mar shoiléiriú agus ar fhaitíos go raibh aon imní orm nár chuimhnigh sé ceart ar an scéal nó nach raibh a fhios aige cá seolfadh sé an CV. 

‘Céard a chuir é sin isteach i do chloigeann?’ a d’fhiafraigh mé dhe. ‘Níl a fhios a’m,’ a deir sé, ‘tá mé ag cuimhneamh air le fada.’

Cloiseann tú go minic faoi dhaoine a éalaíonn leis an sorcas, ach níor cheap mé riamh go raibh aon fhírinne ann, go dtí an nóiméad sin. Bhí a fhios agam go raibh plean éigeandála ag teastáil ó chuile theaghlach i gcás tine nó tinnis. Ach níor chuimhnigh mé riamh go raibh call againn freisin le plean éigeandála sorcais. 

Bhuel, ní hin iomlán na fírinne. Is dóigh, má bhím ionraic, go raibh beagán machnaimh déanta agam ar céard a dhéanfainn dá mbeadh aon duine acu ag iarraidh éalú leis an sorcas.

Nuair a chuala mé faoin scoil sorcais atá i nGaillimh rinne mé mo dhícheall an t-eolas sin a choinneáil faoi cheilt. 

Is dóigh gur mar gheall ar Pinocchio a thosaigh an faitíos atá á iompar i m’ucht agam go rúnda leis na blianta. Seans gur cuimhin libh gur imigh Pinocchio leis an sorcas, agus ní raibh toradh rómhaith ar an gcinneadh sin. Go deimhin, bhí drochthoradh amach is amach air. Más buan mo chuimhne, iompaíodh ina asal é (asal ceart, atá i gceist agam) agus rinneadar iarracht é a dhíol leis an monarcha gliú. 

Ficsean, nó is dóigh gur ficsean a bhí sa gcuid is mó den scéal sin, ach ina dhiaidh sin féin níor mhaith liom dul sa seans. 

‘Déan do rogha rud, agus téigh do rogha áit, ach, ar a bhfaca tú, ná himigh leis an sorcas.’

Ní fhéadfainn a rá go bhfuil aon mhana saoil agam, ach dá mbeadh, sílim gurb in a bheadh ann. 

‘Sin jab iontach!’ a dúirt an Cailín Mór Beag agus ríméad uirthi go mbeadh a deartháir ag dul le gairm an tsorcais. ‘Cén duine a bheidh ionat?’ 

‘Beidh mé i m’fhear grinn,’ a dúirt sé, ‘an fear leis an bpuincín dearg a bhíonn thíos sa tanc ag troid leis na siorcanna.’ 

Ba léir nach nóisean fánach a bhí aige, ach go raibh a mhachnamh déanta aige air seo.

‘Sin é an jab is fearr atá ann,’ a dúirt an Cailín Mór Beag agus í ag aontú leis. 

‘Tá’s a’m,’ a dúirt sé. 

Fág freagra ar 'Bhfuil a fhios agat cén jab a bheas agam nuair a bheas mise mór?'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Scribhneoireacht den scoth! :-)