‘Bheinn 100% ionraic dá mbeinn i mo Thaoiseach’

Chnag aire stáit ar dhoras ár gcolúnaí a thapaigh an deis labhairt léi faoi chúrsaí polaitíochta agus eile

‘Bheinn 100% ionraic dá mbeinn i mo Thaoiseach’

Ní minic a thagann Teachtaí Dála thart ar cuairt chuig na vótálaithe sna bólaí seo. Chuir Covid stop le go leor de na gníomhaíochtaí sin. Agus is de réir a chéile atá daoine ag briseadh amach as na nósanna a ndeachaigh muid i dtaithí orthu le blianta beaga anuas.

Mar sin, nuair a chuala mé go raibh mo Theachta Dála áitiúil ag an doras, chaith mé dhíom mo naprún go sciobtha agus rith amach chun castáil léi. Ní hamháin go bhfuil Jennifer Carroll MacNeill ina Teachta Dála, ach is Aire Stáit sa Roinn Airgeadais í chomh maith.

Nuair a thosaigh an phaindéim, ní raibh sí i bhfad tofa ina Teachta Dála. Bhí mé fiosrach faoin mbean seo a raibh oiread sin bainte amach aici sa tréimhse ina raibh an domhan dírithe ar an víreas.

Bhí sí feicthe agam ar an teilifís, ar ndóigh agus bhí an chosúlacht uirthi go raibh fios a gnó aici, cé nach raibh sí i bhfad sa Dáil.

Thóg gnó an naprúin iomarca ama agus bhí sí bailithe ar aghaidh chuig duine eile de na comharsana. Ach gheall a comrádaí go bhfillfeadh sí orm toisc go raibh sí ag iarraidh castáil le muintir an toghcheantair. Agus muid ag fanacht, d’inis sise dom go raibh an t-aire an-chabhrach agus sise ag iarraidh na foirmeacha don scéim ‘Fair Deal,’ a líonadh amach.

‘Ní chreidfeá an méid eolais a bhí ag teastáil – ag pointe amháin, d’iarradar eolas faoi rud éigin a tharla maidir leis an teach i lár an 19ú céad!’ D’fhiafraigh mé di an bhfuair an chlann an ‘Fair Deal’ ar deireadh?

‘Ó ní bhfuair,’ a dúirt sise go brónach. ‘Bhí luach ró-ard ar an teach. ‘Suimiúil,’ a deirim liom féin. Polaiteoir ag cur stró uirthi féin le foirmeacha do scéim Stáit, ach fós níor gheall sí go bhfaigheadh sí an scéim don bhean eile.

Tháinig an tAire Stáit ar ais de léim agus bhí comhrá gairid againn ag an doras. Ach ba léir go raibh sí faoi bhrú agus bhí na fataí beagnach bruite sa teach s’againne. Rinne mé coinne labhairt léi ar an bhfón ar son tuairisc.ie.

Fuair mé amach idir an dá linn go raibh a máthair ar scoil in éindí le deirfiúr liom, i Meánscoil San Lughaidh i gCoillte Mach.

Is faoin mbaile sin agus faoi Chontae Mhaigh Eo a labhair muid i dtosach ar an bhfón. Tá clann mhór acu ann agus téann sí ar ais chuig a cuid col ceathracha go minic. Bhí aithne mhaith aici ar Tommy Ryan’s agus O’Hora’s agus tá uncail léi – John agus Marty fós ar an mbaile.

Níor luaigh mé Maigh Eo agus ’51. Teach rugbaí é Tigh MacNeill, mura raibh a fhios agaibh é sin.

Tá sí sáite sa bpolaitíocht ó d’fhág sí an coláiste, áit ar bhain sí ard-onóracha amach lena dochtúireacht san Eolaíocht Pholaitíochta. D’fhoilsigh sí leabhar ina dhiaidh sin ar cheapacháin breithiúna. Ní polaiteoir a bhí inti ach abhcóide a d’oibrigh mar chomhairleoir don iarThaoiseach Enda Kenny agus d’airí éagsúla ar nós Alan Shatter, Frances Fitzgerald agus Eoghan Murphy. Bhuaigh sí suíochán ar Chomhairle Chontae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin in 2019 agus ina dhiaidh sin, bhuaigh sí suíochán Dála (Dún Laoghaire) in Olltoghchán 2020.

Creideann sí go láidir san ionracas, dúirt sí liom. Chuir mé ceist uirthi faoin nós a bhíodh an-láidir tráth nuair a ‘gheobhadh’ do Theachta Dála rud éigin duit. D’fhás mise aníos i ré ina mbíodh do Theachta Dála in ann cárta leighis a fháil dhuit. Nó cead pleanála – an cuimhin libh ‘Mír a 4?’ Bhíodh deontais áirithe faoina smacht freisin. Nó ar a laghad bhídís in ann tionchar áirithe a imirt ar chúrsaí sa saol poiblí.

Ní chreideann Jennifer Carroll MacNeill go dtarlaíonn sé sin níos mó. ‘Tá na próiseas an-láidir anois,’ dúirt sí. ‘Ní féidir leat cabhrú le duine rud éigin a fháil mura bhfuil siad i dteideal an ruda sin,’ dúirt sí.

Ach mheabhraigh sí dom gur féidir léi an córas a mhíniú anois is arís don ghnáthdhuine. ‘Mar shampla, is féidir liom iad a threorú chun achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh Leasa Shóisialaigh,’ dúirt sí. ‘Tá mé in ann cabhrú leo ach ní fhéadfaidh mé aon tionchar a oibriú ar an gcóras,’ a dúirt sí.

Níl aon ‘cachet’ polaitiúil san obair sin níos mó, dar léi. ‘Tá an caidreamh idir an rialtas agus an pobal leagtha síos de réir an dlí – tá eilimintí ‘roghnacha’ ann, b’fhéidir – mar shampla, nuair a bhíonn ‘gá as cuimse’ i gceist, ach sin an méid.’

Agus cén oidhreacht a d’fhágfadh sí ina diaidh? Cén chaoi ar mhaith léi go gcuimhneofaí uirthi?

‘Go raibh mé ionraic agus go raibh mé lách,’ dúirt sí.

‘Ach nach bhfuil sé fíordheacair sa saol polaitiúil a bheith iomlán ionraic?’ a d’fhiafraigh mé. D’easaontaigh sí go láidir liom. ‘Bheinn 100% ionraic dá mbeinn i mo Thaoiseach,’ a dúirt sí.

Go minic maíonn polaiteoirí nach bhfuil suim dá laghad acu i bpost an Taoisigh- toisc ‘nach bhfuil aon fholúntas ann,’ deir siad. Ach ní dhéanann Jennifer Carroll MacNeill aon chur i gcéill maidir leis an gceist seo.

‘Bheinn ag cur teorainn le mianta na mban uile dá ndéarfainn nach raibh aon spéis agam a bheith i mo Thaoiseach,’ a dúirt sí. ‘Is mise an tríú bean riamh sa Roinn Airgeadais – ní raibh aon bhean riamh ina hAire Airgeadais, ní raibh aon bhean ariamh ina Taoiseach. Agus is muide leath an daonra.’

Ba bheag ceist a chuir mé uirthi nach raibh sí in ann freagra meáite, ciallmhar a thabhairt air. Thosaigh sí ag caint ar chúrsaí fuinnimh agus a thábhachtaí is a bhí sé ceist an fhuinnimh a bheith socraithe don am atá le teacht.

‘Ach gabh i leith,’ a dúirt mé féin. ‘Níl cúrsaí fuinnimh faoi do chúram, nach sa Roinn Airgeadais atá tusa ag obair?’

‘Tá suim mhór agam sa gceist,’ arsa sise. Thosaigh sí ag déanamh cur síos ar thuirbíní gaoithe, ar stáisiúin aistrithe hidrigine, ar jabanna lánaimseartha ar chósta an iarthair, ar eacnamaíocht nach mbeadh ag brath an iomarca ar thurasóireacht.

‘Ní hí mo Roinn féin í ach tá seirbhísí airgeadais faoi mo chúram agus ba mhaith liomsa go mbeimis ag infheistiú airgid i rudaí atá go maith don chomhshaol seachas drochrudaí.’

Agus mé ag iarraidh beagán a fháil amach fúithi go háitiúil, dúirt gníomhaí Fhine Gael amháin liom go ndéanann sí grinnstaidéar ar aon ábhar a thagann os a comhair – fiú amháin na boscaí bruscair. Cuireadh ríomhphost chuici ag clamhsán faoina laghad boscaí a bhí ar an trá áitiúil agus an dochar a bhí á dhéanamh ag madraí ann. Faoin am ar fhreagair sí an ríomhphost, bhí an cheist beagnach réitithe aici agus an garda madraí curtha ar an eolas aici faoin gcúram.

Bhí an bhean sin cinnte de go ndéanfadh Jennifer Carroll MacNeill ceannaire den scoth ar Pháirtí Fhine Gael. ‘Téann sí i bhfeidhm ar dhaoine, is duine deas í – éisteann sí le daoine agus mura n-aontaíonn sí leat, déarfaidh sí é sin leat ar bpointe. Níl aon chur i gcéill ag baint léi.’

Seachain thú féin, a Leo.

Fág freagra ar '‘Bheinn 100% ionraic dá mbeinn i mo Thaoiseach’'