‘Bheifeá ag aireachtáil ‘an-happy’ ar chaoi éigin théis duit é a bheith caite agat’

LITIR Ó MHEIRICEÁ: Chomh maith le bheith ag vótáil do Trump agus Clinton an doras ag 60 milliún eile Meiriceánach faoi ar cheart go mbeadh cannabas dleathach amuigh i measc an phobail

‘Bheifeá ag aireachtáil ‘an-happy’ ar chaoi éigin théis duit é a bheith caite agat’

Sasanach deas, suáilceach. Tobac a bhíodh sé a roinnt le fir Chonamara, cineál tobac nach bhfaca siad cheana ach ní raibh aon drogall orthu gal a bhaint as. Ar an ‘mBeet’ a bhíodar. Thagadh fear as an áit isteach ar cuairt acu san ionad cónaithe a bhí acu le taobh na monarchan i Lincolnshire ar chósta thoir Shasana anois agus arís agus an soláthar tobac seo aige. Bhíodh uncail liom ag inseacht dom faoi; é féin agus beirt fhear as ceantar na nOileán a bhíodh in éineacht. ‘Agus cá bhfaigheadh an Sasanach an tobac?’ a d’fhiafraigh mé féin. “Deamhan a fhios agam beo,” arsa seisean “ach bheifeá ag aireachtáil ‘an-happy’ ar chaoi éigin théis duit é a bheith caite agat.”

Sílim, i ngan fhios díobh féin, go raibh fir seo Chonamara ag fáil ‘Tús an Phota’; chuile sheans go raibh cúpla planda ‘Pot’ ag an Sasanach. Aimsir na hippies. Bhí níos mó le déanamh ag m’uncail agus ag leaids na nOileán ná a bheith ag cuimhneamh ar shaol liobrálach na 1960dí agus níor theagmhaigh dóibh ach oiread na fríde de – an oiread agus a dhéanfadh ‘happy’ thú ar feadh achar gearr. Sin sula mbeadh ort a dhul ag iompar málaí troma ar feadh uaireanta an chloig sa mhonarcha.

Chuile sheans go ndéanfá gaire faoin mbob aoibhnis a bhí buailte ar m’uncail agus leaids Chonamara. Ach, ar ndóigh, ní húdar gáirí cúrsaí drugaí. Is iomaí sin duine ar chuir an ‘pot’ drochbhail air. Nó ar cheart an oiread sin cáineadh a dhéanamh ar ‘Thús an Phota’ ar chor ar bith? Is iomaí sin duine ar baineadh blianta dá shaol de bharr tobac ‘ceart’ agus alcól freisin. Ar cheart go mbeadh an raithneach chomh dleathach céanna leis an tobac agus leis an alcól; ar cheart go gceilfí ‘pota an aoibhnis’ ar an saol mór?

Sin ceist atá go mór faoi chaibidil anseo i Meiriceá faoi láthair.

Chomh maith le bheith ag vótáil do Hillary Clinton agus do Donald Trump Trump ar an 8 Samhain beidh daoine i gcúig Stát ar fud na tire ag caitheamh vóta ar an gceist seo: ar cheart go mbeadh cannabis dleathach amuigh i measc an phobail? Beifear ag caitheamh vóta ar mholtaí go gceadófaí cannabis do dhaoine tinne i i gceithre Stát eile.

Is iomaí sin dearcadh atá ar an gceist sin, cé ar ndóigh, go bhfuil an marijuana – ‘pot’ na haimsire a caitheadh – dleathach i gColorado, in Oregon, i Stát Washington, in Alaska agus i gCeantar Columbia (Washington DC) cheana féin.

Chonaic mé sampla den chaoi a dtéann an smaointeoireacht faoin gceist seo in aimhréidh i mbruachbhaile deisiúil anseo i mBoston i Massachussetts an oíche cheana. Cuimhnigh go bhfuil Massachusetts ar an Stát is mó atá luaite leis an liobrálachas agus gurbh ann is túisce a ceadaíodh an pósadh aon inscne, mar shampla. Bhí an bheirt fhear atá i gceist agam – tá siad ina gcónaí i mbruachbhaile deisiúil i Stát liobrálach Mhassachussetts – go láidir i bhfabhar go gceadófaí marijuana i gcúraimí leighis nuair a cuireadh an cheist sin ar an bpáipéar ballóide i Massachussetts beagán blianta ó shin. Ghlac tromlach na vótóirí leis an moladh.

Ansin, thug an bheirt seo faoi deara go raibh ‘clinic’ ina gcuirfí an marijuana do chúrsaí sláinte ar fáil, le lonnú ag ceann an bhóthair sin acu féin! Ní raibh ceapadh ar bith acu go dtarlódh a leithéid de rud. Shíleadar go mbeadh fáil ar sna cógaslanna nó in ionaid in áit éigin eile. Tosaíodh feachtas in aghaidh an ‘chlinic’ agus bhíodar beirt gníomhach sa bhfeachtas – in aghaidh ionad an channabais. Is cosúil go bhfuil Tús an Phóta ceart go leor caoi ar bith nach mbeadh sé ag ceann an bhóthair. Is iad an bheirt féin a d’inis an scéal seo dom.

Beidh daoine i Massachussetts ag vótáil ar cheist an Phota arís an tseachtain seo chugainn. An iarraidh seo, beifear ag dul céim níos faide; má éiríonn leis an moladh, beidh cead ag daoine leas a bhaint as marijuana ar a rogha bealach; ní bheidh sé ina choir. Féadfaidh tú ceithre phlanda a fhás tú féin i do theach cónaithe. Ach beidh srianta – faoi théarmaí an dlí ar chuma ar bith – ar an druga a chaitheamh nó a ithe (i gcácaí aráin mar shampla) go poiblí. Ach, cé a deir tú, a bheidh in ann cruthúnas agus cuntas a fháil air sin?

Is beag é.

Ar an gcósta thiar a d’fhéadfadh an cor is suntasai tarlú.

Dhá scór milliún duine atá ina gcónaí i California, an stát is mo daonra i Meiriceá. Dá mbeadh sé ina thír as féin bheadh California ar an séú heacnamaíocht is láidre sa domhan.

Beifear ag vótáil ansin ar an “Adult Use of Marijuana Act”. Cheana féin, is féidir leas ar chúinsí leighis a bhaint as marijuana i gCalifornia. Ceaptar go n-éireoidh leis an reachtaíocht nua freisin. Feictear dóibh siúd atá i bhfabhar cead a gcinn a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh marijuana a úsáid nach mbeifear in ann an sruth i dtreo stádas dleathach a stopadh i Meiriceá má aontaíonn California leis.

Agus tá an ghaoth ina gcuid seolta. 32% de mhuintir Mheiriceá (de réir na bpobalbhreitheanna) a bhí i bhfabhar stádas iomlán dleathach don marijuana deich mbliana ó shin ach tá sin méadaithe go dtí 57% anois.

Ní hin le rá go bhfuil na ceisteanna móra a bhaineann le haitheantas oifigiúil – taobh amuigh de chúrsaí faoiseamh sláinte – freagartha fós.

Tá go leor saineolaithe leighis den tuairim go ndéanann marijuana dochar don inchinn agus don cholainn uilig. Fiú agus mura bhfuil sé chomh contúirteach leis an tobac dleathach, ar cheart é a chur ar an margadh oscailte? Nó an gcuireann Tús an Phota tús le cosán contúirteach i dtreo potaí níos troime?

Scaithimhín aoibhnis – gan fhios acu cén fáth – a bhíodh ag m’uncail agus leaids na nOileán fadó ar an ‘mBeet’ de bharr an tobac draíochta. Ní mar sin a bhí ag chuile dhuine.

Ach chuile sheans go mbeidh údar aoibhnis agus ceiliúrtha ag na liobrálaigh sna Stáit an tseachtain seo chugainn…caoi ar bith nach dtiocfadh Tús an Phota go ceann an bhóthair is gaire dóibh.

Fág freagra ar '‘Bheifeá ag aireachtáil ‘an-happy’ ar chaoi éigin théis duit é a bheith caite agat’'