Bheadh suas le 10 nGaelscoil eile i mBÁC dá mbeadh an córas nua atá beartaithe i réim ó 2012

Fógraíodh inné go bhfuil córas nua á bheartú ag an Roinn Oideachais scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge a bhunú i gceantair ina gcruthófaí go bhfuil éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge

Bheadh suas le 10 nGaelscoil eile i mBÁC dá mbeadh an córas nua atá beartaithe i réim ó 2012

Tá léargas tugtha in anailís nua ar an athrú mór a dhéanfaí ar chás an ghaeloideachais dá gcuirfí i bhfeidhm an leasú atá beartaithe ag an Roinn Oideachais ar a gcóras maidir le bunú scoileanna nua.

De réir anailís atá déanta ag an bhForas Pátrúnachta bheadh suas le 10 nGaelscoil eile bunaithe i mBaile Átha Cliath dá mbeadh an córas nua atá á bheartú ag an Roinn i réim le cúig bliana anuas.

De réir na hanailíse a rinne an Foras Pátrúnachta ar an 13 iarratas uathu ar Ghaelscoil nua ar diúltaíodh dóibh ó 2012, bheadh glactha le suas le deich gcinn de na hiarratais sin dá mbeadh an córas atá anois á mholadh i bhfeidhm.

Fógraíodh inné go bhfuil córas nua á bheartú ag an Roinn a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún atá ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise agus go mbunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge

Is é 35% an céatadán á lua leis an gcóras nua cé nach bhfuil an méid sin deimhnithe ag an Roinn Oideachais go fóill. 35% den líon léirithe spéise a fhaigheann an pátrún a mheallann an tacaíocht is mó dá iarratas a bheadh i gceist.

Mar sin, de réir an chórais nua, sa chás go mbeadh tacaíocht 1000 teaghlach ag an bpátrún is mó a mheallfadh léirithe spéise i gceantar áirithe, theastódh tacaíocht ó 350 teaghlach chun go mbunófaí Gaelscoil sa cheantar céanna.

Léiríonn anailís an Fhorais Pátrúnachta, a bhaineann úsáid as an gcéatadán 35%, go mbeadh níos mó ná a dhá oiread Gaelscoileanna bunaithe le cúig bliana anuas ná mar a bunaíodh dá mbeadh an córas nua i bhfeidhm.

I measc na n-áiteanna a mbeadh Gaelscoil nua bunaithe iontu ó 2012, tá Dún Laoghaire, Baile Pheiléid, Baile an Chairpintéaraigh agus Baile an tSaoir.

In ainneoin go dtuairiscítear go minic borradh mór a bheith faoi bhunú gaelscoileanna, níor bunaíodh sa stát ó 2011 i leith ach seacht ngaelscoil.

Tá fáilte curtha ag eagraíochtaí gaeloideachais agus teanga roimh an scéala go bhfuil an Roinn Oideachais ag féachaint lena gcóras maidir le bunú scoileanna nua a athrú chun béim níos mó a chur ar an éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna nua á mbunú ar fud an Stáit.

Fógraíodh inné go bhfuil córas nua á bheartú ag an Roinn a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún atá ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise agus go mbunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge

Faoin gcóras atá faoi láthair ann maidir le bunú scoileanna nua sa Stát, is é an pátrún a fhaigheann an líon is airde de léirithe spéise a roghnaítear agus scoil nua á bunú, rud a aithnítear mar bhac mór ar fhorbairt an ghaeloideachais.

Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna atáthar ag féachaint anois leis an gcóras maidir le bunú scoileanna nua a leasú.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin do bhunscoil nua a bhí le bunú i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/ Marino/Bhaile Átha Cliath 1.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais inné chomh maith go mbeifí ag moladh go n-osclófaí i Meán Fómhair 2019 Gaelscoil nua sa cheantar sin i mBaile Átha Cliath.

Chuir Uachtarán Gaeloideachas Anna Ní Chartúir fáilte roimh an scéal go bhfuil sé beartaithe ag an Roinn athrú a dhéanamh ar a gcur chuige i leith bunú Gaelscoileanna.

“An-dul chun cinn atá ann go bhfuil na dúshláin agus an éagothromaíocht seo aitheanta anois ag an Roinn agus go bhfuil toilteanas ann dul i ngleic leo agus cothrom na Féinne a thabhairt don oideachas lán-Ghaeilge” a dúirt Uachtarán na heagraíochta, Anna Ní Chartúir.

Dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta Caoimhín Ó hEaghra go raibh “ríméad” ar an eagraíocht faoin scéal agus nach bhfuil an córas atá faoi láthair ann “ceart ná cóir ná cothrom”.

Dúirt Ard-Stiúrthóir Gaeloideachas Bláthnaid Ní Ghreacháin gur bhain imscrúdú an Choimisinéara le bunscoileanna nua ach go raibh súil ag Gaeloideachas gur dheis a bheadh ann “tionchar dearfach a imirt ar an bpróiseas maidir le hiar-bhunscoileanna nua a bhunú chomh maith”.

Dúirt Ní Ghreacháin go bhfuil  “dúshláin níos mó fós” ag an dara leibhéal agus gur údar imní do Gaeloideachas “go bhféachfar ar mhúnla an aonaid mar réiteach” ar an easpa iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Chuir Seán Ó hArgáin Príomhoide ar Ghaelscoil Osraí agus Stiúrthóir ar Gaeloideachas fáilte chomh maith roimh an gcur chuige nua atá á mholadh ag an Roinn.

“Bheadh súil ag Gaeloideachas, thar am, go gcabhróidh na hathruithe atá á bpleanáil ag an Roinn i dtaobh bunú scoileanna le maolú a dhéanamh ar an mbrú atá ar na scoileanna lán-Ghaeilge i dtaobh freastal ar éileamh” a dúirt Seán Ó hArgáin.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge an Dr. Niall Comer go gcruthódh an córas nua deiseanna maidir le Gaelscoileanna a bhunú. 

“Is léir go bhfuil éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge agus is iontach an scéal é go mbainfear ceann de na bacanna a bhí ar Ghaelscoileanna nua a oscailt go dtí seo,” a dúirt Niall Comer.

Fág freagra ar 'Bheadh suas le 10 nGaelscoil eile i mBÁC dá mbeadh an córas nua atá beartaithe i réim ó 2012'

  • Mánus

    Cad as a dtiocfaidh na múinteoirí go bhfuil ard-chaighdeán Gaeige acu? Rud eile is Baile Átha Cliath an triú cathair is daoire sa Eoraip agus tá múinteoirí óga ag dul thar lear chun airgead a shábháil chun morgáiste a fháil. Is é an Roinn Oideachas a chuir bac ar an Ghaeloideachais. Ní mór mùinteoirí a oiliúint i gcoláiste Oideachais LánGhaeilge má tá Gaeloideachas ceart le bheith ar fáil.