Tosaíonn an séasúr iomána i gceart an deireadh seachtaine seo agus na craobhchomórtais chúige ar siúl. I gcúige Laighean is dócha go bhfuil sé éasca go leor tuar a dhéanamh ar cé hiad an dá chontae a bheidh ar barr. Tá Cill Chainnigh ar thóir a gceathrú craobh i ndiaidh a chéile agus na himreoirí go léir ó Bhaile Héil ar ais, is iadsan an rogha arís.
Tá an Ghaillimh sa dara háit de réir na ngeallghlacadóirí ach ina dhiaidh sin beidh sé ina chath ceart idir Baile Átha Cliath, Loch Garman agus Aontroim don áit dheireanach.
Tá cluiche thar a bheith tábhachtach i Páirc Corrigan Bhéal Feirste um thráthnóna agus Áth Cliath ag teacht ar cuairt. Beidh Loch Garman ag taisteal go dtí an Ghaillimh agus iad in ísle brí go leor i ndiaidh feachtas sraithe a bhí sách lag. Tá an Ghaillimh ina rogha láidir ag na geallghlacadóirí.
Bheinn ag súil le bua don fhoireann baile anseo agus don fhoireann baile in UPMC Páirc uí Nualláin Chill Chainnigh agus an Iarmhí chucu.
I gcúige Mumhan beidh cúrsaí i bhfad níos cothroime agus taobh amuigh de Luimneach, tá sé fíordheacair a rá cén dá chontae eile a thiocfaidh amach as grúpa an bháis seo.
Cuirfidh na seaimpíní Luimneach tús leis an chomórtas ar a 2pm amárach i bPáirc Semple Durlas Éile i gcoinne Phort Láirge.
Níl a fhios agam cad atá le rá faoi na Déise. Tuigimid go léir go mbeidh roinnt pleananna ag an mbainisteoir FitzGerald.
Creidimid go mbeidh an spiorad go maith i measc an phainéil. Ach an bhfuil na himreoirí aige chun an beart a dhéanamh i gcoinne na seaimpíní? Is deacair dom cás a dhéanamh dóibh. Bheadh sé go hiontach don chomórtas dá mbuailfí Luimneach sa chéad chluiche ach.
Dar ndóigh, bheadh sé i bhfad níos fearr é a dhéanamh i gcluiche leathcheannais na hÉireann nuair nach mbeadh aon dara seans acu. Sin brionglóid do lá eile, b’fhéidir. Bhí Luimneach ina máistrí i gcluiche ceannais na sraithe agus iad gan a gcaptaen Declan Hannon, Kyle Hayes agus an capall oibre i lár na páirce William O’Donoghue. Chuireadar 2-20 ar chlár na scór agus cúig phoc déag ar foraoil sa dara leath.
Bheinn ag súil le taispeántas dearfach ós na Déise ach ní fheicim iad ag buachaint. Tá na geallghlacadóirí liom agus iad ag ceapadh go mbeidh bua éasca ag Luimneach.
Níos déanaí táim ag súil le cath ceart in Inis. Ar pháipéar seo cluiche an deireadh seachtaine. Tá sé thar a bheith deacair a rá cé a bhuafaidh an ceann seo. Bhí feachtas sraithe measartha ag An Clár. Ní dóigh go raibh an bainisteoir Brian Lohan róshásta leis an bhfeachtas ina iomlán.
Ach tá dóchas sa chontae agus na leantóirí ag súil leis an fhoireann is láidre atá acu a chur chun páirce amárach ina mbaile féin.
Tuigeann siad go bhféadfadh a bhfeachtas craoibhe a bheith thart taobh istigh de shé lá mar go mbeidh siad ag dul go Luimneach an Satharn seo chugainn. Ní bheadh aon mhaitheas in aon ní eile don Chlár seachas an bua.
Ach tá Tiobraid Árann láidir agus iad sásta go leor leis an bhfeachtas sraithe agus ceacht nó dhó foghlamtha acu sa dara leath sa chluiche leathcheannais sraithe i gcoinne Luimnigh.
Fuair Liam Cahill cáineadh go leor faoi ullmhúchán na nDéise anuraidh i ndiaidh chluiche ceannais na sraithe.
I ndiaidh na chluiche sin bhí mórán dóchais sa chontae go raibh Port Láirge ag breith suas ar Luimneach ach, mo léir cráite, pé rud a tharla idir an dá linn, thit an tóin astu. Maidir le Tiobraid Árann tá súil agam go bhfuil a cheacht foghlamtha aige. Feicfimid amárach.
Sna cluichí go léir beimid ag coimeád súil ghéar ar thaispeántais na réiteoirí éagsúla. Ag tosach na gcluichí sraithe, le tamall de bhlianta, bíonn na réiteoirí dian ar ghné éigin de na rialacha. Ach faoi thosach na craoibhe, de ghnáth, bíonn an bhéim sin imithe.
I mbliana, agus le cúpla bliain anuas, bhí an-bhéim ar an bpas láimhe agus ar riail 4.2 a deir go bhfuil dhá fheall teicniúil maidir leis an bpas láimhe, (a) an sliotar a chaitheamh agus (b) pasáil láimhe a dhéanamh gan an sliotar a bheith ligthe ón lámh le buille ceart a thabhairt dó.
Bhí caint sórt conspóideach ar an ábhar sin sna meáin i lár na seachtaine.
Feicfimid conas mar a láimhseálann (maith dom an t-imeartas focal) na réiteoirí an riail sin an chéad deireadh seachtaine tábhachtach seo.
Fág freagra ar 'Bheadh sé go hiontach don chomórtas dá mbuailfí Luimneach sa chéad chluiche ach…'