Tá ráite ag eagarthóir nuachtáin i mBéal Feirste go mbeadh port eile ag daoine sna 26 contae faoi Éirinn Aontaithe dá dtuigfidís an baol a bheadh ann don Ghaeilge.
Dúirt Ben Lowry, eagarthóir an Belfast Newsletter, nuachtán láidir aontachtach, go ngabhfadh sé féin agus aontachtaithe eile ar fud na tíre ag cur daoine ar an eolas faoin tionchar a bheadh ag Éirinn Aontaithe ar stádas na Gaeilge agus nithe eile.
“Is léir nach bhfuil na himpleachtaí a bheadh aige meáite – ag caint faoi ‘chomhrá’ a bheith ann a bhítear gcónaí, sin agus Éire nua,” arsa Lowry le Newstalk.
An “spleáchas ar an nGaeilge a laghdú” an chéad rud a mbeadh Aontachtaithe i mbun feachtais ar a shon sa chás go dtiocfadh an crú ar an tairne faoi Éirinn Aontaithe, arsa Lowry.
“Dá dtarlódh sé, thabharfainnse faoi chamchuairt ar na 26 contae, agus mholfainn do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, agus fiafraí de dhaoine ‘An bhfuil tú i ndáiríre á iarraidh seo? An bhfuil tú ag iarraidh an leasú radacach seo a mbeimid ag eagrú feachtais ar a shon?”
“Tá go leor ar na bacáin agus go leor argóintí ba chóir a dhéanamh nach bhfuil á ndéanamh,” arsa Eagarthóir an Belfast Newsletter.
Tá ráite cúpla uair ag an Tánaiste Leo Varadkar go mbeidh gá le machnamh a dhéanamh ar stádas na Gaeilge má tá Éire Aontaithe le bheith ann amach anseo.
Agus é ag labhairt ag Ard-Fheis Fhine Gael anuraidh, dúirt an Tánaiste gur cheart do dhaoine a bheith “oscailte” ó thaobh na n-athruithe a bheadh ag teastáil chun Éire Aontaithe a bhaint amach, stádas ár dteangacha ina measc.
“Caithfimid a bheith sásta ár machnamh a dhéanamh faoi gach a mbeimis sásta a athrú – teidil nua, siombailí comhroinnte, conas a luífeadh an déabhlóid sa Tuaisceart leis na socruithe nua, Seanad nua chun ionadaíocht na mionlach a neartú, ról agus stádas ár dteangacha, caidreamh nua a bheidh níos dlúithe leis an Ríocht Aontaithe,” a dúirt Varadkar.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go an bhliain seo caite go mbíonn amhras air maidir lena dháiríre faoi Éirinn Aontaithe is atá daoine a bhíonn ag caint faoi cad a tharlódh do stádas bunreachtúil na Gaeilge, don bhratach náisiúnta agus d’Amhrán na bhFiann dá ndéanfaí an tír a athaontú.
In 2017 mhol Coiste Oireachtais gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá le stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’.
Is minic ceisteanna curtha ag daoine faoi chur i bhfeidhm stádas bunreachtúil na Gaeilge.
Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh i gcinneadh Ard-Chúirte in 2019 go mbíonn stádas bunreachtúil na Gaeilge “floating at an abstract level” os cionn scéal casta na Gaeilge agus dearcadh mhuintir na hÉireann ina leith.
Bíodh gur teibí go maith atá stádas bunreachtúil na teanga, ní hionann sin agus a rá, arsa an Breitheamh, gur aon iarsma “quaint and aspirational” ó shaol 1937 a bhí in Airteagal 8 an Bhunreachta.
In 2015 mhol saineolaí idirnáisiúnta ar chúrsaí dlí gur cheart do bhaill an Oireachtais reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge nó seasamh le cearta teanga an tsaoránaigh.
Seán
Tiocfadh ár lá
Fear sa Bar
Ní bheimid ar éisteacht leat, a amadáin! Beidh ort leanacht le dlíthe na hÈireann nó beidh ort an bád bán a thógaint! Ní bheimid ar ghéilleadh riamh. Éire go Brách!