Bheadh oiread tacaíochta ag an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta le chéile agus atá ag Fianna Fáil

Tá an dhá pháirtí ón eite chlé ag coimhlint le chéile don sciar céanna den vóta

Bheadh oiread tacaíochta ag an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta le chéile agus atá ag Fianna Fáil

Níl tráithnín eatarthu ó thaobh polasaí, a dúirt iarcheannaire an Lucht Oibre Pat Rabbitte le gairid agus é ag caint ar an difríocht idir Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta.

Ba léir óna chuid cainte go gcreideann Rabbitte gur chóir don dá pháirtí teacht le chéile más go neamhoifigiúil féin é le grúpa níos láidre freasúra a chur le chéile san Oireachtas.

Chuir sé i gcuimhne dom caint a rinne an Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin ar Raidió na Gaeltachta aimsir an olltoghcháin anuraidh nuair a dúirt sé gur mheas sé féin gur beag atá idir an dá pháirtí agus gur chóir dóibh teacht le chéile.

Léargas na comhráite sin ar fhadhb sheanbhunaithe na heite clé sa bpolaitíocht in Éirinn. Tá an oiread scoilteanna agus coimhlintí tarlaithe le fada anois go bhfuil an Lucht Oibre in ísle bhrí agus go leor díobh siúd a d’imigh uathu ag coimhlint leo don sciar céanna den vóta.

Iarbhaill den Lucht Oibre iad Róisín Shortall agus Catherine Murphy (á tháinig chucu ó Pháirtí na nOibrithe agus an Daonlathas Clé), comhcheannairí na nDaonlathaithe Sóisialta. Aighnis phearsanta (agus i gcás Shorthall, easaontas faoi pholasaí sláinte an rialtais) ba chúis lena n-imeacht ó Pháirtí an Lucht Oibre.

Bíonn deacrachtaí ag Páirtí an Lucht Oibre i gcónaí tar éis dóibh tréimhse a chaitheamh i rialtas. Ídíonn an pobal a gcuid feirge ar an bpáirtí beag comhrialtais agus bíonn sé deacair acu teacht chucu féin. Shamhlófá agus chomh scoilte agus atá na huimhreacha sa Dáil anois go bhfuil deis ag grúpaí atá déanta as an múnla céanna teacht le chéile lena gcás a chur ar bhealach níos éifeachtaí.

Thug toradh an fhothoghcháin i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas le gairid léas dóchais do Pháirtí an Lucht Oibre. Níl aon amhras ach gur buntáiste dóibh Ivana Bacik a bheith tofa ar a son.

Ní hin le rá go dtugann sé leide go bhfuil aon téarnamh i ndán dóibh. Bhí iarrthóir aitheanta acu atá gníomhach sa bpolaitíocht le fada an lá. Tá cónaí uirthi sa dáilcheantar. Bhí suíochán ag Ruairí Quinn sa dáilcheantar ar feadh blianta fada. Ba dhíol iontais é mura n-éireodh go maith léi.

Má bhreathnaíonn tú ar na pobalbhreitheanna náisiúnta le tamall fada, timpeall 5 nó 6% de thacaíocht an phobail a thugtar don Lucht Oibre. Thart ar an leibhéal céanna a bhíonn na Daonlathaithe Sóisialta, idir 4 is 5%. Le chéile, bheidís beagnach chomh hard le Fianna Fáil.

Dúirt Róisín Shortall  níos túisce i mbliana go mbeadh na Daonlathaithe Sóisialta ag súil cur leis na sé suíochán Dála atá acu faoi láthair agus suas le hocht suíochán déag a fháil sa gcéad olltoghchán eile. Tá seacht suíochán ag an Lucht Oibre agus beidh súil acu féin cúpla ceann breise a chur leis an méid sin.

Meas tú an bhfuil sé curtha ar a súile do cheachtar dream go mb’fhéidir gurbh é a leas iarracht aontaithe le grúpa níos láidre ar an eite chlé a chur chun cinn?

Go háirithe agus gan an tráithnín féin eatarthu, mar a dúirt an té a dúirt.

Fág freagra ar 'Bheadh oiread tacaíochta ag an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta le chéile agus atá ag Fianna Fáil'