Bheadh leisce ort dornálaíocht a thabhairt ar a mbíonn le feiceáil agat na laethanta seo

Bhí idir íseal agus uasal i ngrá le Billy Walker ach tá ré órga na dornálaíochta thart agus ag brú rompu agus ag coraíocht is mó a bhíonn na hiomaitheoirí anois

Bheadh leisce ort dornálaíocht a thabhairt ar a mbíonn le feiceáil agat na laethanta seo

Deontay Wilder agus Tyson Fury. Pictiúr: INPHO/Tom Hogan

Pé brí cén ciméara a bhí orm nár bhreathnaigh mé ar an troid idir Tyson Furey agus Deontay Wilder ansin cúpla seachtain ó shin. Níl a fhios agam cén fhad cheana ó chonaic mé babhta trom-mheáchain ó thús go deireadh. Bheadh leisce ort dornálaíocht a thabhairt ar a mbíonn le feiceáil agat iontu na laethanta seo. Brú rompu agus coraíocht is mó a bhíonn ar siúl ag na hiomaitheoirí, ag iarraidh a gcéilí comhraic a thuirsiú nó go dtiocfaidh an t-am gur furasta iad a chur in aer le buille nó dhó a bheadh leath-mhaith go leor.

Fágann an mhéid atá iontu ar aon nós gur ag brath ar an spágáil atá siad mar níl bealach faoin saol go mairfeadh siad níos faide ná cúpla babhta i mbun pramsála – sin má tá siad in ann a leithéid a dhéanamh beag ná mór.

Ach maidin Dhomhnaigh a bhí inti agus mé i mo dhúiseacht sula raibh an siopa a bhfaighinn an páipéar ann ar oscailt. Chonaic mé an ríomhaire glúine caite le taobh na leapan agus chas mé air é go bhfaighinn toradh an chomhraic. An chéad rud eile nach raibh iomlán na troda tairgthe dom in aisce. B’oilbhéasach an rud le déanamh deoch a eiteach, mar a dúirt an fear fadó.

Bhí Fury 19 cloch 7 punt (124kg) agus Wilder 16 cloch 7 punt (105kg) nuair a meádh iad an tráthnóna roimhe – díoladh bulláin ar mhargadh Bhleán Rí lá arna mhárach nach raibh mórán níos troime ná iad.

Céard a bheadh i ndán dom ach tuilleadh den bhrú agus den choraíocht ach nuair nach raibh deireadh an scéil ar eolas agam d’fhan mé leis i m’amadán – ag súil nárbh fhada go gcuirfí duine acu ar shlatracha a dhroma. Sin rud eile atá athraithe. Tá siad chomh mór anois agus gur amhlaidh a thiteann siad mar a dhéanann eilifint nó ceann de na foirgnimh 100 stór ar airde sin a d’fheicfeá ar an teilifís agus púdar curtha faoi.

Ba é Rocky Marciano an t-aon dornálaí trom-mheáchain nár buaileadh riamh – 13 cloch 2 punt (83 kg) a bhí seisean agus é i mbarr a réime, dhá kilo níos troime a bhí Floyd Patterson agus Jack Dempsey agus 15 clocha (95kg) a bhí Muhammad agus eisean faoi bhláth.

An difríocht atá idir iad siúd agus spágálaithe an lae inniu go raibh ceird agus ealaín na dornálaíochta ar eolas ag an seandream agus go mba thábhachtaí sin ná an neart agus an bhrúidiúlacht.

Ní raibh tada ab fhearr le lucht leanta na dornálaíochta tráth ná trodaí a raibh an cumas ann a chéile comhraic a chur de dhroim seoil le haon bhuille damanta amháin. Bhí sin níos tábhachtaí ná luach a gcuid airgid a fháil. Fiú más ag fíorthús an bhabhta a tháinig sin.

Ag troid mar amaitéarach a bhí an Cockney, Billy Walker nuair a d’ardaigh sé Meiriceánach darbh ainm Cornelius Perry den talamh le iarraidh sa gcéad bhabhta eatarthu i gcomórtas idirnáisiúnta i Londain i 1961 agus gan é ach dhá bhliain agus fiche.

Bhí an comórtas á chraoladh ar theilifís agus 12 milliún duine ag breathnú air. Láithreach bonn ní raibh i mbéal phobal na dornálaíochta ach Walker, balcaire fionn a bhí slachtmhar dá réir.

Chuaigh sé ag plé leis an gceard go gairmiúil agus leag amach nó stop a chéile comhraic i bhformhór na dtroideanna ba thúisce a rinne sé – sna babhtaí tosaigh níos minice ná a chéile.

Bhí idir íseal agus uasal i ngrá leis. Ba é David Beckham a linne é agus go fiú gur dhúirt an Bhanríon leis tráth agus é á chur in aithne di go mbíodh sí ag breathnú ar a chuid babhtaí troda ar an teilifís. Facthas Elizabeth Taylor ag cuid acu sin agus ba mhinic an Wembley Arena ag dul thar maoil dá bharr.

Ba í an fhírinne nach raibh Walker chomh hoilte ar scileanna eile na dornálaíochta agus a bhí sé ar an iarraidh mharfach. Dá bharr sin nuair a chas trodaithe maithe air ní raibh sé in ann acu. Buadh air sa dá throid ba thábhachtaí a rinne sé – in aghaidh an Ghearmánaigh Karl Mildenberger i Márta 1967 agus Craobh na hEorpa i gceist agus in aghaidh Henry Cooper agus Craobh na Breataine san áireamh ocht mí dár gcionn.

Féach mar sin féin go mba throdaithe ar ardchaighdeán iadsan – chuaigh Mildenberger 12 babhta le Muhammad Ali agus chuir Cooper ar a thóin é.

Ní dea-chomhartha ach oiread é nár throid Walker sna Stáit Aontaithe riamh. Fós bhí neart airgid ina phóca nuair a d’éirigh sé as i 1969 agus gan é ach deich mbliana fichead.

Cúpla mí tar éis do Billy Walker na miotóga a chaitheamh suas ar an áiléir, chuir dornálaí trom-mheáchain óg as Iúr Chinn Trá darbh ainm Danny McAlinden an Sasanach Richard Dunn ar a thóin i Londain agus gan ann ach go raibh an troid tosaithe.

In imeacht bliana bhí an teideal ‘Dangerous Danny’ bronnta air agus deichniúr eile leagtha amach aige – beirt sa gcéad bhabhta, triúr sa dara babhta, beirt sa 3ú agus sa 4ú babhta agus Meiriceánach Tommy Clarke a d’fhan ar a chosa go dtáinig an 5ú ceann.

Ach mar a bhí fíor i gcás Walker ba ghearr gur tuigeadh dó nárbh leor an iarraidh agus bhuaigh Gael-Mheiriceánach Jack O’Halloran air gan choinne in Iúil na bliana 1970. Mar ab fhíor i gcás Mildenberger agus Cooper, níorbh aon dóithín é O’Halloran ach an oiread – throid sé George Foreman ina dhiaidh sin.

Tháinig Dangerous Danny ón dris chosáin sin agus níor buadh air sna 11 babhta troda a lean – ina measc comhscór le Ray Patterson (deartháir le Floyd) agus bua ar Rahman Ali i Madison Square Garden i Márta na bliana 1971, an oíche chéanna ar bhuaigh Joe Frazier ar a dheartháir siúd Muhammad.

Ina dhiaidh sin bhuaigh McAlinden Craobh na Breataine agus bhí caint ann ina dhiaidh sin go dtroidfeadh sé féin agus George Foreman a chéile nuair a bhain Foreman an Chraobh Dhomhanda de Frazier, ach níor tharla sé.

Choinnigh fear an Iúir greim ar Chraobh na Breataine go dtáinig 1975, tráth ar bhain Bunny Johnson de í. Nuair a fuair sé deis an choróin a fháil ar ais ba i seilbh Richard Dunn a bhí sí – an té nár mhair an babhta amháin féin dó sa gcéad troid riamh a rinne sé. Dhá bhabhta a mhair an troid an uair seo ach go mba é Dunn a bhuaigh.

Chríochnaigh Danny McAlinden a shaol dornálaíochta ag troid ar bheagán airgid i mBéal Feirste agus fiú in Óstán Burlington i mBaile Átha Cliath, ach ina lá, b’ait é.

Leag sé amach 28 de na trodaithe a bhí ina choinne sna 45 babhta a rinne sé agus níor buaileadh ach 12 uair é, agus bhí a mhaith déanta nuair a tharla a mbunáite siúd.

Fág freagra ar 'Bheadh leisce ort dornálaíocht a thabhairt ar a mbíonn le feiceáil agat na laethanta seo'