Bheadh iontas orm mura mbuann an Ghaillimh ar Luimneach

Tá Luimneach ag dul i bhfeabhas ach b’fhéidir go bhfuil bliain eile i Roinn 1b na sraithe fós i ndán dóibh

Bheadh iontas orm mura mbuann an Ghaillimh ar Luimneach

Tá cúpla cluiche sraithe thar a bheith tábhachtach ar siúl an deireadh seachtaine seo. Pé rud a tharlaíonn, tá Loch Garman, an Clár, Luimneach, an Ghaillimh agus Uíbh Fhailí cáilithe do na cluichí ceathrú ceannais. Má chríochnaíonn dhá chontae ar na pointí céanna rachaidh an contae a bhuaigh nuair a d’imir siad a chéile níos airde ar an tábla. Agus má chríochnaíonn trí chontae nó níos mó ar na pointí céanna úsáidfear ‘difríocht scórála’ chun na foirne a scarúint.

É sin go léir san áireamh beidh an cluiche is tábhachtaí sa phríomhroinn ar siúl i bPáirc Tom Semple i nDurlas idir na sean-naimhde Corcaigh agus Tiobraid Árann.

Má bhuann an fhoireann baile, nó má chríochnaíonn siad ar comhscór, beidh siad cáilithe don bhabhta ceathrú ceannais agus is ag imirt sa chluiche dícháilithe i gcoinne Phort Láirge a bheidh na Corcaígh.

Ach má bhuann Corcaigh ní bheidh cúrsaí chomh soiléir sin go dtí go n-imreofar an dá chluiche eile sa roinn.

Tá na Tiobraid Árannaigh imithe i bhfeidhm go mór orm i mbliana. Tá léirithe acu go bhfuil painéal níos fearr acu ná mar a bhí anuraidh. Ná déan dearmad ach oiread go rabhadar gan Seamus Callinan ,John Bubbles Dwyer, Jason Forde agus na deartháireacha McGrath i gcoinne Chill Chainnigh seachtain ó shin.

N’fheadar fós faoi Chorcaigh. Beidh orthu bheith i mbarr a maitheasa amárach. 

Tá an duais is mó le buachan i bPáirc an Phiarsaigh, Bóthar na Trá, Gaillimh, áit a mbuailfidh an fhoireann baile lena gcomharsana as Luimneach.

Tabharfaidh na buaiteoirí leo an chreach go léir ón gcoimhlint. Ós rud é go bhfuil an difríocht scórála is fearr ag Luimneach ba leor comhscór dóibh. An bua a theastaíonn ón nGaillimh.

Dar ndóigh, tá na cuairteoirí faoi mhíbhuntáiste mór go leor agus iad gan deichniúir d’fhoireann na bPiarsach atá dírithe go hiomlán ar Lá ‘le Pádraig agus ar Chraobh na gClubanna.

Taca an ama seo anuraidh, bhí comharthaí dearfacha go leor in imirt na Gaillimhe agus ba léir go raibh rud éigin difriúil ag baint leo agus go raibh foireann á tógáil acu a bheadh in ann duais mhór éigin a thabhairt leo. Is i gcluiche ceathrú ceannais na sraithe, i gcoinne Phort Láirge, a chonacthas i gceart mianach na foirne seo.

Níl aon dabht ach gur mhaith le Luimneach an choimhlint seo a bhuachan. Seo an seachtú séasúr dóibh i Roinn 1b agus táim cinnte go raibh sé mar sprioc ag gach aon bhainisteoir a bhí acu sa tréimhse sin, an chéad chéim eile a bhaint amach.

Níl mé ag rá nach suim leis an nGaillimh an cluiche a bhuachan ach ní dóigh liom go bhfuil an tábhacht chéanna ag baint leis dóibh.

Ná déanaimis dearmad gur ó Roinn 1b a tháinig siad anuraidh chun na mórchoirn go léir a thabhairt leo. Agus gur bhuaigh an Clár agus Port Láirge an tsraith an dá bhliain roimhe sin agus iad ag teacht ó 1b.

Tá an dá fhoireann seo, Luimneach agus Gaillimh ag feabhsú ach is dócha gur mó atá ár muinín tuillte ag na Gaillmhigh.

Níor imir Joe Canning nó David Burke sa tsraith go fóill agus tá Daithí Burke ag treabhadh leis le peileadóirí Chora Finne agus iad ag ullmhú do Lá Fhéile Pádraig. Bhí tús áite tugtha don cheiliúradh agus don taisteal ag an nGaillimh le tamall ach anois tá siad dírithe, idir chorp agus anam, ar an iomáint arís. Bheadh iontas orm mura mbuann siad amárach. 

Fág freagra ar 'Bheadh iontas orm mura mbuann an Ghaillimh ar Luimneach'