Bheadh cosc ar phóstaeir do thoghchán Údarás na Gaeltachta ‘ar fheabhas’ – O’Donovan

Deir Aire Stáit na Gaeltachta gur smaoineamh an-mhaith é go mbeadh cosc ar iarrthóirí ar bhord an Údaráis póstaeir a chur in airde

Bheadh cosc ar phóstaeir do thoghchán Údarás na Gaeltachta ‘ar fheabhas’ – O’Donovan

D’fhéadfadh go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chugainn ar an gcéad toghchán stáit a gcuirfear cosc ar phóstaeir thoghchánaíochta i bhfeidhm air.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan i dTeach Laighean inné gur cheap sé féin gur smaoineamh an-mhaith a bhí ann go mbeadh cosc ar iarrthóirí ar bhord an Údaráis póstaeir a chur in airde.

Dúirt an tAire Stáit gur ceist í a bhí pléite aige le hoifigigh a Roinne agus gur ceist í a phléifí arís sna seachtainí amach romhainn.

Bheadh sé “ar fheabhas” ar fad, a dúirt sé dá mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ar an gcéad cheann a mbeadh cosc ar phóstaeir i bhfeidhm air agus dá leanfaí an sampla sin i dtoghcháin eile ina dhiaidh sin.

An Seanadóir de chuid Fhine Gael agus iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne a mhol an cosc ar phóstaeir.

Ní raibh aon ghlacadh ag an iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, leis an moladh.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh cead póstaer ag iarrthóirí chun a chur in iúl don phobal go raibh siad san iomaíocht, go háirithe sa chás go mbeadh toghchán an Údaráis ar siúl an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha agus póstaeir ceadaithe d’iarrthóirí na dtoghchán sin.

Dúirt Ó Cuív go bhfuil “mapa na Gaeltachta” agus áiteanna áirithe ann “a bhfuil baile fearainn amháin istigh agus baile fearainn eile amuigh”. Le póstaeir thuigfí níos fearr cé a bhí istigh sa toghchán Gaeltachta agus cé a bhí amuigh, ar sé.

Pléadh ceist na bpóstaer ag an gcruinniú is déanaí a bhí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta chun scagadh a dhéanamh ar an reachtaíocht nua atá á tabhairt isteach chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan i láthair ag cruinniú an lae inné chun moltaí bhaill an choiste I dtaobh na dréachtreachtaíochta a phlé.

Dúirt an tAire Stáit go ndéanfadh sé machnamh ar mholtaí na mball ach léirigh sé a chuid tacaíochta do mholadh amháin – go mbeadh cead ag baill thofa nua níos mó ná dhá théarma a chaitheamh ar an mBord nua. Dúirt an tAire Stáit go ndéanfadh sé an chuid sin den bhille a athrú agus go bhfillfeadh sé ar an gcoiste le leasú.

Pléadh chomh maith ag an gcruinniú conas a chinnteofar go mbeidh cothromaíocht ó thaobh inscne ag an mbord nua, an ionadaíocht a bheidh ag na ceantair éagsúla ar an mbord agus an fhoráil go gcaithfidh duine a bheith ina chónaí go buan sa Ghaeltacht le seasamh sa toghchán.

Dúirt Éamon Ó Cuív chomh maith gur cheart go mbeadh liúntas ceart á íoc le gach duine ar an mbord nua, ba chuma iad a bheith fostaithe ag an stát nó gan a bheith fostaithe ag an stát.

Mí na Nollag seo caite a d’fhógair an Rialtas go raibh toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta á thabhairt ais.

Toghfar deichniúr den 16 comhalta agus roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Toghfar triúr chun an Bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.

Fág freagra ar 'Bheadh cosc ar phóstaeir do thoghchán Údarás na Gaeltachta ‘ar fheabhas’ – O’Donovan'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    An bhfuil ré an phóstaerachais thart? Má tá, tá ré nua linn, an póst-póstaerachas. Ach an bhfuil an ré seo post-modern?