‘Bheadh ceadú an togra seo ar an lá ba shuntasaí i stair Iorras Aithneach’ – tacaíocht léirithe ag muintir na háite do Pháirc na Mara

Fuair Comhairle Chontae na Gaillimhe 59 aighneacht maidir leis na pleananna do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin agus 50 acu a bhí ar son cead pleanála a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta

‘Bheadh ceadú an togra seo ar an lá ba shuntasaí i stair Iorras Aithneach’ – tacaíocht léirithe ag muintir na háite do Pháirc na Mara

Tá a gcuid tacaíochta léirithe ag eagraíochtaí pobail, comhlachtaí áitiúla agus muintir Iorras Aithneach do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin agus cinneadh le déanamh ag deireadh na míosa maidir leis an gcead pleanála don togra.

Tá iarratas Údarás na Gaeltachta do Pháirc na Mara á mheas faoi láthair ag Rannóg Pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus cinneadh le fógairt ina thaobh roimh dheireadh na míosa seo.

Bhí deis ag daoine aighneachtaí faoin bplean a dhéanamh le roinnt seachtainí anuas agus is i bhfabhar an togra a bhí a bhformhór.

Fuair Comhairle Chontae na Gaillimhe 59 aighneacht maidir leis na pleananna do Pháirc na Mara agus 50 acu a bhí ar son cead pleanála a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta.

Is iad na deiseanna fostaíochta a chruthódh Páirc na Mara is mó a luadh leis an tacaíocht a léirigh muintir na háite don togra. Maítear go gcruthóidh an Pháirc nua 200 post go díreach agus 400 post go hindíreach.

Dúradh go gcruthódh an pháirc tionscal líon mór postanna i gceantar atá aitheanta mar cheann de na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíochta sa tír.

“Bheadh ceadú an togra seo ar an lá ba shuntasaí i stair Iorras Aithneach, togra a thabharfadh stádas náisiúnta, agus idirnáisiúnta fiú san earnáil go Cill Chiaráin agus Conamara. Níl aon dabht nach bhfuil tuiscint anseo go háitiúil ar a bhfuil i mbaol mura dtarlóidh an togra seo,” a dúirt aighneacht amháin.

“Creidimid go láidir má theipeann air seo go maróidh sé an pobal atá faoi bhrú cheana féin,” a dúirt ceann eile.

Agus iad ag léiriú tacaíochta don phlean, dúirt CLG Carna Caiseal go raibh staidéar déanta ar an meánscoil sa cheantar, Scoil Phobail Mhic Dara, agus nach raibh 70% d’iardhaltaí na scoile ag filleadh ar a gceantar dúchais de bharr a laghad fostaíochta a bhí ann dóibh.

Bhí sé aighneacht ar fad ag cur i gcoinne cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara agus an feachtas in aghaidh na feilméarachta bradán agus cúrsaí comhshaoil luaite i gcuid mhaith acu.

Cheistigh beirt a chuir i gcoinne an togra cén fáth gur i nGaeilge amháin a bhí an fógra pleanála a foilsíodh sa Connacht Tribune mí Bealtaine agus dúirt duine acu go raibh sé ait sa chás sin gur i mBéarla amháin a bhí an t-iarratas pleanála a chuir an tÚdarás faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá ráite ag Údarás na Gaeltachta ó shin gur chóir go mbeadh an t-iarratas déanta i nGaeilge agus go bhfuil athbhreithniú le déanamh lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís.

Rinne An Taisce agus Uisce Éireann aighneachtaí maidir leis an bplean chomh maith agus é ráite acu go raibh tuilleadh eolais ag teastáil uathu. Dúirt Uisce Éireann go raibh imní orthu maidir leis an bplean uisce ó chóras Loch Scainimh a úsáid chun Páirc na Mara a sholáthar agus faoin tionchar a bheadh aige sin ar scéim soláthair uisce Chill Chiaráin agus Charna.

Fág freagra ar '‘Bheadh ceadú an togra seo ar an lá ba shuntasaí i stair Iorras Aithneach’ – tacaíocht léirithe ag muintir na háite do Pháirc na Mara'