‘Bheadh an Ghaeilge ‘ar comhchéim’ leis an mBéarla agam ag gach ócáid a bhainfeadh le hoifig an Uachtaráin’ – Liadh Ní Riada

Ba chóir d’Uachtarán na hÉireann aitheantas a thabhairt do chearta teanga phobal na Gaeilge, a deir iarrthóir Shinn Féin i dtoghchán an Uachtaráin

‘Bheadh an Ghaeilge ‘ar comhchéim’ leis an mBéarla agam ag gach ócáid a bhainfeadh le hoifig an Uachtaráin’ – Liadh Ní Riada

Liadh Ní Riada. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Deir iarrthóir uachtaránachta Shinn Féin, Liadh Ní Riada, go mbeidh an Ghaeilge “ar comhchéim” leis an Bhéarla ag gach ócáid a bhainfeadh le hoifig an Uachtaráin, dá dtoghfaí i dtoghchán na hAoine í.

I ráiteas a chuir iarrthóir Shinn Féin ar fáil do Tuairisc.ie dúradh go bhfuil an Ghaeilge “lárnach” in obair an Uachtaráin agus gur chóir d’Uachtarán na hÉireann aitheantas a thabhairt do chearta teanga phobal na Gaeilge.

Mar chuid de na bearta a bhaineann le hOifig an Uachtaráin agus an Ghaeilge, deir Ní Riada go gcinnteodh sí go mbeadh “gach cáipéis” de chuid an hOifige á bhfoilsiú “go dátheangach”.

Baineann “impleachtaí dlíthiúla agus polaitiúla dáiríre” le stádas bunreachtúil na Gaeilge, a deir Ní Riada.

I measc na mbeart a bheadh aici chun “tacú leis an Ghaeilge”, deir Ní Riada go mbainfeadh sí úsáid as an Ghaeilge ag “gach ócáid stáit” agus nach síneodh sí a hainm mar uachtarán “le haon phíosa reachtaíochta” nach mbeadh ar fáil i nGaeilge.

Mar chuid de na hiarrachtaí a dhéanfadh sí chun tacú leis an Ghaeilge, deir Ní Riada go gcuirfeadh sí óráid uachtaránachta na Nollag i láthair i nGaeilge, go dtabharfadh sí cuairt ar Oireachtas na Samhna gach bliain, go dtacóidh sí le Seachtain na Gaeilge agus go rachadh sí ar cuairt chuig scoileanna, coláistí agus gnólachtaí Gaeltachta le linn a huachtaránachta.

Deir Ní Riada freisin gur mian léi “ceiliúradh” a dhéanamh “orthu siúd atá ag tógaint a gclainne le Gaeilge”.

Deir sí go bhfuil an Ghaeilge ina céad teanga “ag go leor daoine agus teaghlaigh sa tír seo, thuaidh agus theas”, agus go bhfuil sé mar sprioc aici freastal ar na daoine sin agus aitheantas a thabhairt “dá gcearta teanga”.

Sheol Ní Riada chomh maith le linn a feachtais ‘Dúshlán an Uachtaráin’, togra a tabharfaidh “dúshlán, spreagadh, tacaíocht agus aitheantas dóibh siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt”.


“Is bean ón nGaeltacht mé agus tá ardmheas agam ar mhuintir na Gaeltachta agus a gcultúr agus a n-oidhreacht. Tá na pobail Ghaeltachta mar thobar saibhreas ár dteanga. Teastaíonn uaim an saibhreas teanga agus oidhreachta sin a leathnú amach ar fud na tíre.

“Teastaíonn uaim mo chuid a dhéanamh chun cabhrú le hathbheochan na Gaeilge a bhaint amach mar chuid de m’fhís don tír; Éire nua, aontaithe, neamhspleách, fhorásach a bhfuil muinín aici inti féin agus ina teanga dhúchasach,” a deir Liadh Ní Riada.

Fág freagra ar '‘Bheadh an Ghaeilge ‘ar comhchéim’ leis an mBéarla agam ag gach ócáid a bhainfeadh le hoifig an Uachtaráin’ – Liadh Ní Riada'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ach ní raibh an Ghaeilge ar chomhchéim ina feachtas toghchánaíochta, nuair a scaipeadh Litir um Toghchán ar son Liadh, gan de Ghaeilge ann ach abairtín beag ó bhéal Mary Lou Mc Donald agus gach rud ó Liadh i mBéarla. Fiú amháin sa gcuid den Ghaeltacht ina labhartar Gaeilge go forleathan ní raibh an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla ná baol air. Bhí billeog Michael D. chomh dona céanna. Leath abairt a bhí aige.

    Tá meas agam ar Liadh agus tá ard mheas agam ar Mhichael D., ach ní féidir liom vótáil do iarrthóirí nár thug aitheantas caoi don Ghaeilge ar an Litir um Toghchán a scaipeadh ar a son. Ar bhonn prionsabail ní fhéadfainn vótáil do cheachtar acu, cé gur beirt iarrthóir den scoth atá iontu.
    Beidh an seisear iarrthóir ag fáil G uaimse, Liadh agus Michael D. ina measc.

  • Éanna Ó Cróinín

    Níor raibh an Ghaeilge ar chomhchéim leis an Bhéarla nuair a thug sí óráid ag teach an Phiarsaigh i Ros Muc anuraidh, nuair a labhair sí as Béarla don chuid is mó.

  • Sibéal

    An Módh Díreach.
    Mholfainn do dhaoine manaí ar nós “Cearta Teanga do Ghaeilgeoirí” nó
    “Irish speakers demand bilingual election literature” ar na páipéir ballóide.