‘Bhánófaí an Ghaeltacht dá nascfaí comhairlí contae agus cathrach na Gaillimhe’

Rinne an sainghrúpa comhairliúcháin a mhol go nascfaí comhairlí contae agus cathrach na Gaillimhe neamhaird ar fad den Ghaeltacht, dar leis an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív

‘Bhánófaí an Ghaeltacht dá nascfaí comhairlí contae agus cathrach na Gaillimhe’

Ceantar Gaeltachta agus oileáin na Gaillimhe a bheadh thíos leis an gcinneadh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe a chónascadh, dar leir an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

Foilsíodh tuarascáil eatramhach ó shainghrúpa comhairliúcháin le deireanas inar moladh go nascfaí an dá chomhairle. Ar na moltaí éagsúla a dhéantar sa cháipéis, tá ‘aonad forbartha eacnamaíochta’ a bhunú a d’oibreodh lámh ar lámh le IDA Ireland, Fiontraíocht Éireann agus na hinstitiúidí tríú leibhéal.

“Dúirt siad go mbeadh aonad sa chomhairle chontae nua, ag plé le cúrsaí forbartha, agus luadh IDA agus Enterprise Ireland. Níl aon aird acu ar an tionsclaíocht dhúchasach, agus ní raibh focal ann faoi Údarás na Gaeltachta. Níl aon iontas orm faoi sin, mar ní ar leas an chontae ná ar leas na Gaeltachta a bheadh an plean seo.

“Caillfidh an ceantar contae amach go dona má nasctar iad, beidh an bhéim ar fad ar fhorbairt chathrach, agus sin plean an rialtais seo. Tá tuairim acu nach bhfuil todhchaí ag áit ar bith seachas sna cathracha. An t-ollphlean atá acu ná bánú na tuaithe,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Mhaígh sé freisin go mbeadh áiteanna ar nós iarthar Chonamara fágtha gan ionadaíocht ar an gcomhairle chontae nua mar gheall ar a laghad daoine atá ina gcónaí ann i gcomparáid leis an gceantar uirbeach.

“Tá an Ghaeltacht is mó sa Stát i nGaillimh agus tá an Ghaeltacht ar cheann de na háiteanna is mó a spreagann fostaíocht agus fás eacnamaíoch sa cheantar seo, ach rinne an sainghrúpa comhairliúcháin neamhaird iomlán ar an réigiún agus na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann don chathair agus don chontae,” a dúirt sé.