Bhainfeadh Christina Noble uasal, mhisniúil deoir as cloch ghlas

Tháinig an fhearg agus an dobhrón go barr uisce go minic i gclár cumhachtach faoi Christina Noble ar RTÉ oíche Dé Luain

In-A-House-that-Ceased-to-be_LARGE

Ó thús go deireadh bhainfeadh an clár In a House that Ceased to Be (RTÉ 1, oíche Dé Luain) deoir as cloch ghlas: Danny Boy á chasadh do chailín beag nach féidir corraí sa chliabhán, fear cnagaosta ag cur síos ar iarrachtaí teitheadh ó uafás na hinstitiúide cónaithe agus teaghlach ag teacht le chéile den chéad uair le breis agus 50 bliain.

Tá breis agus tríocha bliain caite ó fuarthas corp Ann Lovett faoi scáth dhealbh na Maighdine Muire sa Ghránard agus gur thosaigh cumhacht na heaglaise Caitlicí ag creimeadh. Le linn agus i ndiaidh an chreimthe, tosaíodh ag nochtadh agus ag oscailt súl. Ba dhóigh leat gur deacair sinn a shuaitheadh agus a ghoilleadh i ndiaidh an méid atá cloiste agus tagtha chun solais i gcaitheamh na mblianta. Ach ní hamhlaidh atá mar bheadh deora i gceann do chuid súl agus an fhearg ag borradh agus tú ag féachaint ar an drochíde a tugadh ar Christina Noble, a deartháir agus a bheirt deirfiúracha.

Bhásaigh máthair Christina nuair a bhí sí an-óg agus mar gurbh í an té ba shine í, ghlac sí cúram na máthar uirthi féin. Ba alcólach é a hathair agus tógadh an ceathrar clainne faoi chúram an Stáit, agus, dá réir, faoi chúram na heaglaise, sna caogaidí nuair a bhí Christina dhá bhliain déag d’aois. Cuireadh Christina, Sean, Katy agus Philomena go hinstitúidí cónaithe difriúla, Leitir Fraic agus Ard Aidhin ina measc. Aontaíonn an ceathrar d’aon ghuth gur scrios seo an teaghlach, gur loic an Stát orthu agus gur fhág na hinstiúidí faoi smál iad don chuid eile dá saol.

Tugtar éachtaintí dúinn ar an drochíde a tugadh orthu sna hinstitiúidí seo. “They fucked up my sisters,” a deir Christina go mothúchánach, feargach agus í ag síneadh méara i dtreo foirgneamh amháin. Tagann an fhearg agus an dobhrón go barr uisce go minic ar Christina agus í ag bleaisteáil ar a turas siar bóithrín na drochsmaointe. Go deimhin, labhraíonn an ceathrar go deisbhéalach agus is léir go bhfuil eachtraí na mblianta úd ag luí go trom orthu i gcónaí.

Tá na mothúcháin sin i gcodarsnacht iomlán leis an ngrá, an tsástacht agus an díograis atá le sonrú agus Christina ag saothrú dá Fondúireacht. Agus sin an rud is aistí agus is iontaí faoin scéal seo; gur eascair oilithreacht dhochreidte as uafás a blianta tosaigh. Tá a saothar saoil tar éis na céadta mílte leanbh sa Mhongóil agus Vítneam a shábháil. Ní haon ionadh gur tharraing a scéal clár faisnéise agus scannán.

Nuair a bhí cogadh Vitneam faoi bharr lasrach i 1972, ghlac an grianghrafadóir Nick Ut pictiúr do chailín óg Vítneamach a bhí dóite le napalm. Tharraing seo aird an domhain agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar bhean Bhaile Átha Cliath. I dtosach na n-ochtóidí thug sí aghaidh ar Ho Chi Minh City le dul i mbun oibre le leanaí sráide i gcathair, agus tír, a bhí fós i ngalar na gcás i ndiaidh na coimhlinte fuiltí sin. Cuireadh a fondúireacht ar bun i 1991 agus thosaigh sí ag obair sa Mhongóil I 1997. I láthair na huaire tá 100 tionscamh faoi lánseol ar fud na cruinne.

Ag deireadh an chláir, tugtar an ceathrar acu le chéile don chéad uair le breis agus 50 bliain (cé nach dtugar aon mhíniú nó léargas ar an ngaol eatarthu i rith na tréimhse sin) agus is radharcanna mothúchánacha iad. Níl éinne den cheathrar buailte fúthu in Éirinn agus ní rabhadar sásta filleadh ar Éirinn don teacht le chéile, rud a thuganna léargas féin ar a ngangaid intuigthe i leith na hÉireann.

Ba oiriúnach an mhaise é, áfach, gur ag amhránaíocht taobh leis an gcailín sa chliabhán an seat deireanach a thugtar dúinn den bhean uasal, mhisniúil chorrach seo.