‘Bhain an lagmhisneach siar asam’ – clár meabhairshláinte d’fheilméaraí Chonamara

Tosaíodh córas comhairliúcháin anuraidh faoi chúrsaí sláinte agus sábháilteachta i gConamara agus chuaigh Sinéad Grimes amach chuig na scórtha teach ar fud cheantar na gcnoc

‘Bhain an lagmhisneach siar asam’ – clár meabhairshláinte d’fheilméaraí Chonamara

‘Nach breá an radharc iad na Beanna Beola,

Maidin Fómhair le héirí an lae.’

Sin mar a chuir Máire Ní Ghuairim as Roisín na Mainiach tús lena dán faoi shléibhte maorga thuaisceart Chonamara. Na Beanna Beola agus a gcomharsana béal dorais, cnoic Mhám Toirc – cineál claí mór álainn cosanta ar imeall thuaidh Chonamara. Ach dá mhaorga iad, cinneann sé orthu scaití cosaint a thabhairt don intinn agus ní éalaíonn na feilméaraí sléibhe ón mairg seo.

“Ní airgead atá i gceist uilig sa gcás seo,” a deir Sinéad Grimes, bean a bhí bainteach le tamall le clár oiliúna agus sábháilteachta d’fheilméaraí sa taobh ó thuaidh de Chonamara. “Tá uaigneas agus easpa misnigh le tabhairt faoi deara ina measc. Baineadh siar asam nuair a thug mé faoi deara an lagmhisneach sin,” ar sí.

Chuaigh sé i gcion chomh mór sin ar Shinéad agus go bhfuil sraith ócáidí eagraithe aice le deis a thabhairt do dhaoine plé a dhéanamh ar na ceisteanna atá ag luí ar a gcroíthe.

“Ach ní shin é amháin é,” a deir Sinéad. “Ba mhaith liom go dtiocfadh moltaí agus gníomhartha chun cinn a dhéanfadh leas do dhearcadh agus do shláinte intinne na ndaoine sna pobail tuaithe seo.”

Beagán blianta ó shin a d’éirigh le Fóram Chonamara, a bhfuil a bpríomhoifig i Leitir Fraic i gConamara, fáil isteach ar chlár Eorpach a bhaineann leis an timpeallacht agus leis an talmhaíocht. Leagadh an clár seo amach sa gcaoi agus go múnlófaí é go háitiúil agus go mbeadh na feilméaraí i lár báire ann.

Sa gceantar as Uachtar Ard agus Dúiche Sheoigeach siar chomh fada leis an Atlantach a cuireadh an clár i bhfeidhm, taobh tíre sléibhtiúil.

Tosaíodh córas comhairliúcháin anuraidh faoi chúrsaí sláinte agus sábháilteachta mar chuid den chlár agus chuaigh Sinéad Grimes amach chuig na scórtha teach ar fud cheantar na gcnoc.

“Thosaíodh daoine ag comhrá,” a deir sí. “Dhéanaidís cur síos ar an mbealach a bhí leo agus bhí go leor acu a tharraing anuas an t-uaigneas agus an ísle brí. Chuaigh sé i gcion go mór orm.”

Ach tuige a raibh daoine a bhí ina gcónaí in áit ar nós Chonamara, ceantar atá molta as a chuid áilleachta agus as an tsíocháin atá ann, cineál bréan den saol?

“Cinnte, bhain cuid de le Covid,” arsa Sinéad. “Ach bhí rudaí i gceist freisin ar nós gortuithe a bhain do dhaoine, strapadóireacht i ndiaidh caorach agus beithíoch, gortuithe corróige agus a leithéid. Ach, silim go bhfuil easpa ceangail agus cumarsáide le daoine eile ar an rud is mó atá ag goilliúint ar dhaoine. Tádar scartha amach ó thaobh na tíreolaíochta de agus tá na seanbhealaí caidrimh – an teach ósta go háirithe- gaibhte chun deiridh go mór.”

Creideann Sinéad nach fiú a bheith ag fanacht le cabhair as Baile Átha Cliath le haghaidh beartais a d’ardódh meon is croí na ndaoine. “Silim go bhféadfadh busanna pobail a thabharfadh daoine chuig na tithe ósta a bheith ina bheart fónta,” a deir sí. “Sin rud amháin.”

Níl aon amhras ar an Dochtúir Micheál Ó Cathasaigh as Carna i gConamara – 80 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe – ach go bhfuil an scéal buailte ar an speireach ag Sinéad Grimes. “Tá uaigneas ag baint le hobair feilméarachta sa saol atá ann inniu,” a deir an Dr Ó Cathasaigh. “Níl mórán daoine le feiceáil sna ceantair thuaithe. Ó thaobh na fisiciúlachta de, tá an cineál taobh tíre atá againne crua ar an gcolainn – ar na glúine agus na corróga – agus cothaíonn an fliuchán an t-airtríteas.”

Sin é an pictiúr atá ann le fada an lá. Ach ceapann an Dr Ó Cathasaigh go bhfuil dhá rud le cois atá ag céasadh daoine le cúpla bliain: an Covid-19 agus na drochscéalta atá sna meáin.

“Rinne an Covid dochar ar chuimse bealaí,” a deir an Dr Ó Cathasaigh. “Bhris sé na ceangail dhaonna agus tá sé sin ann fós; tá sé ina imní ar dhaoine a dhul amach agus níl an bheocht sna tithe tábhairne mar a bhíodh. Bhíodh an teach tábhairne ar an áit ba mhó a tharraingíodh daoine le chéile faoin tuath.”

Creideann an Dr Ó Cathasaigh go bhfuil daoine curtha trína chéile freisin ag síor-éisteacht le drochscéalta scéiniúla ar raidió agus teilifís, agus sna meáin thrí chéile. “Ní raibh ann ach go raibh an Covid ag lagan nó gur thosaigh trioblóid na hÚcráine agus ansin an baol go múchfaí an solas sa ngeimhreadh agus an t-ardú ar phraghsanna. Tá daoine á fheiceáil seo de ló agus d’oíche ar na meáin; tá a n-intinn agus a gcroíthe curtha faoi chois.”

An mbeadh an cás céanna fíor sna bailte móra?

Ceapann an Dr Ó Cathasaigh go bhfuil sé níos measa faoin tuath. “Tá níos mó le feiceáil agus níos mó áiteacha le dhul ag daoine sna bailte móra agus sna cathracha. Tá an ceangal daonna i gcroí an scéil uilig,” a deir sé.

Mar seo a bheidh na hócáidí atá eagraithe ag Sinéad Grimes leagtha amach: 10 Deireadh Fómhair –Leitir Fraic; 13 Deireadh Fómhair – Uachtar Ard; 17 Deireadh Fómhair – Halla Thír na Cille sar an Mám; 26 Deireadh Fómhair –Óstán Theach an Stáisiúin, An Clochán.

Tosóidh chuile cheann acu ag 7.30pm.

Ba mhaith léi freisin ócáidí mar seo a eagrú níos faide ó dheas i gConamara.

Fág freagra ar '‘Bhain an lagmhisneach siar asam’ – clár meabhairshláinte d’fheilméaraí Chonamara'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tá daonra scáinte i mórán áiteanna faoin tuath anois, rud a fhágann go bhfuil daoine dealaithe amach óna chéile níos mó ná riamh. Tá an bhothántaíocht, an scoraíocht agus an chuileachta imithe i léig. ‘Bhfuil spéis ag daoine san imirt cártaí níos mó? San amhránaíocht? Tá an ‘leabharlann oscailte’ ag teacht chun cinn go mór in áiteanna faoi leith in Éirinn anois, sna cathracha ar aon nós. Bíonn sí ar oscailt go dtína 10 pm gach lá sa tseachtain agus is iontach go deo an áis í. Go háirithe do dhaoine go bhfuil col acu le hólachán. Tarraingt ar nuachtáin, leabhartha, CDanna, fístéipeanna agus comhluadar sibhialta… agus tá na billí aibhléise ar dhuine eile! Ach tá Éire, mar thír, go mór chun deiridh sa ghné áirithe seo den saol sóisialta fós. Tá na foirgnimh ann ach úsáid a bhaint astu. Agus ní ag breáthú a bheidh an aimsir sna míonna amach romhainn. Níl deireadh ar fad le comhar na gcomharsan áfach, agus ní bheidh, an fhaid atá leithéidí Sinéad Grimes suas. Gura fada buan í.