In Áras Chrónáin i nGaeltacht bheag iardheisceart Bhaile Átha Cliath a taifeadadh an clár cúrsaí reatha Tús Áite inné agus teagasc agus foghlaim na Gaeilge á bplé ag saineolaithe agus cleachtóirí.
Faraor ní raibh déithe oideachais na tíre, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta [NCCA], i láthair mar go bhfuil siad fós ag obair ar an athbhreithniú agus dhá thuarascáil le theacht uathu.
Nach breá an rud nach bhfuil an capall á chur roimh an gcarr arís acu mar a rinneadar leis an Ardteist sula ndearnadh aon athbhreithniú ar shonraíochtaí na Sraithe Sóisearaí. Tagraíodh don raic a tharraing an scrúdú T2 sin níos túisce i mbliana i scoileanna Béarla, scrúdú a bhí i bhfad ródhúshlánach dar lena lán.
Ar ndóigh rinneadh caint go leor faoin mbrilléis a bhí ag an Aire Norma Foley ag coiste Dála Dé Céadaoin nuair ba léir don saol Fódhlach nach dtuigeann sí foghlaim teanga ná reáchtáil scoile agus gur beag a haird ar thuairiscí chigirí a Roinne féin.
Bhí Declan Glynn ansin ar son Aontas Múinteoirí Éireann [TUI] agus béaltriail á héileamh aige ag an tSraith Shóisearach a scrúdófaí go seachtrach. Na múinteoirí a dhéanadh an scrúdú sin ag an Teastas Sóisearach, ba ar neamhchead na gceardchumann é agus go deimhin fhéin ba bheag suim a cheardchumainn i bhfiúntas theagasc na Gaeilge.
Nuair a mhaígh múinteoir nár cuireadh aon cheist ar oidí nuair a cháin an TUI pointí bónais do scrúdú is siollabas T1, dúirt Glynn go mbíonn deis ag baill a gcás a dhéanamh ag cruinnithe cumainn. Tá an TUI go láidir in aghaidh ‘pribhléid’ na bpointí bónais don obair bhreise i nGaeilge Ardteiste T1 ach is cosúil go bhfuil bónas Matamaitice cóir agus féaráilte!
Is maith is eol do Glynn agus domsa go mbíonn rudaí níos práinní ar an gclár ag cumainn agus comhdhálacha agus gur annamh a shroichtear siollabas ná fealsúnacht an oideachais ar an gclár oibre.
Ach bhí údar dóchais sa gclár – príomhoide stuama tuisceanach Choláiste Pobail Ráth Chairn, Róisín Ní Dhúshláine, a thuigeann na dúshláin agus an réiteach.
B’fhiú do Norma Foley seisiún comhairleoireachta a iarraidh ar Róisín sula n-osclóidh sí a béal faoin nGaeilge sa scoil arís.
Níl an príomhoide Gaeltachta seo in ann labhairt i nGaeilge le Roinn Oideachais na tíre seo – cén t-iontas go ndéanann siad na cinntí a dhéanann siad?
Céard faoi na daltaí? Tá siad ‘straitéiseach’ a deir Róisín agus ar ár nós féin ní dhéanfaidh siad obair bhreise gan cúiteamh cuí. Is maith an léiriú ar an seachmall a chruthaíonn an díolúine go bhfuil gasúir i rang 6 i mbunscoileanna lánGhaeilge a bhfuil díolúine á fáil acu mar ‘árachas’ sula ngabhfaidh siad ar an dara leibhéal, ar fhaitíos go dteastódh sí le tacaíocht foghlama a fháil.
Thuig an painéal cúrsaí ach an éisteann lucht polasaithe oideachais le Tús Áite? Ba mhaith an smaoineamh clár iomlán a thabhairt don ábhar tábhachtach casta seo ach tuarascálacha an NCCA an chéad chloch eile.
Dea-scéal amháin, tá ceathracha bliain déanta ag Coláiste Chilliain, go seasa siad an 100.
Caitríona
Níor mhiste a lua cá háit agus cé hiad na grúpaí Gaeilge a chuir tús leis an bpraiseach seo na blianta siar agus iadsan is cúis leis an riocht ina bhfuil an Ghaeilge ann sa Chóras Oideachais. Cúrsaí Gaeilge ró-dhúshlánach = Díolúintí = Gan béaltriail = Gan Gaeilge sa chóras
Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile
Aontaim le Caitríona, ba cheart go mbeadh eolas i bhfad níos mó ar na grúpaí sin a mbíonn ag déanamh taighde ar theagasc na Gaeilge agus orthusan a bhíonn ag cur polasaí fé bhráid an Aire. Mar a scríobh mé cheana, b’fiú leabhar Phádraig Breandán Uí Leighin POBAL NA GAEILGE: Daonra, Institiúidí, Stádas agusCumhacht, a léamh, nó Caibidil 6 ar a laghad, chun tuiscint ar conas a shroicheamar an áit uafásach seo ina bhfuil Aire Oideachais ábalta teacht ós chomhair Coiste na Gaeilge sa Dáil agus iarracht a dhéanamh an dubh a chur ina gheal orthu, agus níos measa fós is cosúil, gan na ceisteanna is bunúsaí ba chóir a chur uirthi.
Éamonn Ó Gribín
Bernie McNally Uasal
Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais
Sráid Maoilbhríde
Duibhlinn
D01 RC96
25 Deireadh Fómhair 2022
A Bhernie, a chara,
Mar is eol duit labhair an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Ollscoil Chathair Átha Cliath ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcinneadh atá tógtha ag an Aire Oideachais Norma Foley díolúine ón nGaeilge a thabhairt do scoláirí a bhfuil riachtanais éagsúla leanúnach acu; “Dúirt an tOllamh go bhfuil an díolúine tugtha ag daltaí atá tagtha ó thír eile agus dóibh siúd atá ag streachailt le léitheoireacht agus tuiscint sa scoil agus go síleann sé go bhfuil sé réasúnta go mbeadh a leithéid do dhíolúine ag thart ar 2-3% de dhaltaí ach go bhfuil an díolúine anois imithe ‘thar fóir’. Tá Ó Duibhir den tuairim go bhfuil timpeall 10% de dhaltaí anois cláraithe leis an díolúine a fháil ón nGaeilge. Tá an díolúine á thabhairt anois gan bunús fianaise eolaíoch, a deir Ó Duibhir. Luaigh sé go gceapann sé go bhfuil daltaí ag iarraidh éalú ó fhoghlaim na Gaeilge tríd an díolúine. Tá cuid mhór de na daltaí seo nach gá dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim ag déanamh staidéar ar theangacha eile sa chóras scoile, a deir é. ” (Tagairt: Díolúine ón nGaeilge ‘thar fóir’. URL: https://www.rte.ie/gaeilge/2022/0913/1322129-dioluine-on-ngaeilge-thar-foir/)
Maidir leis an gceist chéanna seo, deir Tuairisc.ie an méid seo a leanas; “De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí nua a fuaireamar ón Roinn Oideachais don scoilbhliain 2021-22, bhí beagnach dhá thrian den 26,000 dalta iar-bhunscoile a raibh díolúine acu de bharr riachtanas speisialta oideachais ag tabhairt faoin bhFraincis, an Ghearmáinis nó an Spáinnis.”
(Tagairt: Teanga eile á staidéar ag formhór daltaí a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama URL https://tuairisc.ie/teanga-eile-a-staidear-ag-formhor-na-ndaltai-iarbhunscoile-a-fuair-dioluine-on-ngaeilge-de-bharr-deacrachtai-foghlama/ )
Ar an drochuair, ní fhéadfainn teacht ar bhunús fianaise eolaíoch faoin bhfeiniméan seo, sa litríocht, agus bheinn buíoch dá bhféadfá mé a threorú chuig foinse na comhairle ar a bhfuil polasaí ‘Díolúine ón nGaeilge’ de chuid na Roinne Oideachais. bunaithe.
Fan sábháilte
Éamonn Ó Gribín, B.Eal., B.Eol., ADO, FIBMS
! Turnberry
Baile Dúill
Duibhlinn
D13 DT10
Uimh. ghutháin: 01 832 1949
P.S.
” A recent report by Darmody and Smyth (2015) shows exemptions from Irish for pupils with a learning disability at post-primary level have more than doubled between 2004 and 2015. Ó Laoire (2013) highlights contradictions in the exemption process at post-primary level, whereby students with a diagnosed learning difficulty were granted an exemption from Irish but studied other modern languages such as French. He claims there is a lack of transparency around the issue. ” (Reference: Exemptions from Irish: An Inclusion Dilemma. URL: file:///C:/Users/C2D/Downloads/28-Article%20Text-220-1-10-20210120.pdf )