B’fhiú dhá 7Lá a chraoladh ar TG4 an tseachtain seo in ainneoin na gceisteanna nach bhfuil freagra tugtha fós orthu

Comóradh 100 bliain na Chéad Dála agus cúig bliana de shamhail nua mhaoinithe Fhoras na Gaeilge a bhí faoi chaibidil ag 7Lá an tseachtain seo agus dhá eagrán seachas ceann amháin againn

B’fhiú dhá 7Lá a chraoladh ar TG4 an tseachtain seo in ainneoin na gceisteanna nach bhfuil freagra tugtha fós orthu

Bhí meitheal 7Lá (TG4, Dé Luain agus Dé Máirt) luite amach orthu féin an tseachtain seo agus dhá chlár á soláthar acu. Bhí clár speisialta againn ar an Luan le comóradh a dhéanamh ar an gcéad Dáil. Seoladh Máirín Ní Ghadhra go Baile Átha Cliath mar ar dhein sí dreasanna cainte le haíonna difriúla os comhair na Dála agus i Seomra Cruinn Theach an Ardmhéara. 

Bhaineas súp as an dtuairisc chuimsitheach, eolgaiseach a chuir Cathal Mac Coille os ár gcomhair faoin gcéad Dáil. Deineadh trácht ar an luíochán sa tSulchóid Bheag agus thug Cuan Ó Seireadáin cuntas ar stair fhoirgneamh Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair mar a raibh oifigí ag ceannairí na Dála tráth, mar aon le bheith ina ionad inar reáchtáladh cúirteanna agus feachtais toghchánaíochta. Thaispeáin Cuan dúinn conas mar a d’imigh an Coileánach trí fhuinneog bheag chuig an díon le héalú ós na húdaráis.

Tar éis na tuairisce sin chuir an láithreoir caint ar Alan Dukes, Éamon Ó Cuív, Aonghus Ó Snodaigh, Catherine Connolly agus Aodhán Ó Ríordáin. Cé go raibh an díospóireacht muinteartha go maith deineadh na fiacla a dhrannadh ar uairibh agus d’éirigh leis an láithreoir comhrá suimiúil a choimeád sa tsiúl i rith na míre fada seo.

Gan amhras ní fhéadfaí gan cúrsaí reatha an lae inniu, an Breatimeacht ach go háirithe, a tharraingt isteach sa chúram. Taibhsíodh do chách gurbh íorónta an mhaise é go mbeadh an cúlstad agus teorainn an tuaiscirt idir chamáin ag Theresa May agus parlaimint na Breataine an lá céanna go raibh an comóradh seo ar an gcéad Dáil ar siúl. Tá súil agam go mbeidh TG4 linn ar a thuilleadh laethanta móra mar é.

An oíche dár gcionn bhí Páidí Ó Lionáird buailte fé sa chathaoir i mBaile na hAbhann. Tá cúig bliana caite ó chuir Foras na Gaeilge struchtúr nua maoinithe ar bun. An mó uair gur chualamar faoin ‘samhail nua mhaoinithe’ agus an ‘cuíchóiriú’ an uair úd. Ghin an ‘sruthlíonú’ (téarma a bhfuil an ceann is fearr faighte aige ar an gcuíchóiriú, de réir dealraimh) seo go leor conspóide, achrainn is tarraingt cos ag an am. Mar thoradh air sin ar fad deineadh líon na n-eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann cúnamh Stáit a laghdú ó naoi gcinn déag go sé cinn – Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Oireachtas na Gaeilge, Gaeloideachas, Gael-Linn agus Cumann na bhFiann. Bhí tuairisc bhreá ag Caoimhe Ní Laighin inar tugadh le fios go mbíonn ar na heagraíochtaí seo tuairiscí a chur ar fáil don mháthaireagraíocht in aghaidh na míosa, na ráithe agus na bliana. Lorg an tuairisceoir na tuairiscí ó Fhoras na Gaeilge a dúirt léi ceist a chur ar na ceanneagraíochtaí féin. Dhá eagraíocht a chuir tuairiscí ar fáil.

Ina dhiaidh sin bhí díospóireacht againn ina raibh Liam Ó Maoladha, Breandán Mac Cormaic agus Janet Muller agus iad go léir amhrasach faoi ghnéithe den struchtúr nua. Ba léir ón rud ar fad go maireann cuid den mhíshuaimhneas go fóill agus ceisteanna i rith an ama faoi easpa comhghuaillíochta, faoi dhúbláil ar obair, faoi chúrsaí monatóireachta agus faoi chúrsaí buiséid agus gan amhras tionchar nach beag ag cúrsaí polaitíochta na sé chontae ar an gceann deiridh acu sin.

Fágadh sinn faoi dheireadh mar sin agus níos mó ceisteanna ná freagraí againn.

Tá a fhios againn go bhfuil próiseas athbhreithnithe faoin struchtúr nua a tugadh isteach cúig bliana ó shin ar siúl i láthair na huaire agus go bhfuil tuarascáil ar na bacáin.

Gach seans go mbeadh ábhar cláir eile ann dá mbeifí toilteanach an tuarascáil sin a chur ar fáil, ach i bhfianaise an drogall a bhí ar dhaoine eolas a chur ar fáil do chlár na seachtaine seo ní dócha go mbeifear ag rith amach chun í a fhoilsiú.

An bhfuil dul chun cinn á dhéanamh faoin tsamhail nua mhaoinithe mar sin? An bhfuil na spriocanna á mbaint amach? Cad iad na spriocanna? An bhfuil an Ghaeilge níos fearr as dá bharr? Is deacair a rá cheal fianaise, ach b’fhiú leanúint leis an tochailt.

B’fhiú chomh maith dhá chlár cúrsaí reatha a bheith againn ar TG4 an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'B’fhiú dhá 7Lá a chraoladh ar TG4 an tseachtain seo in ainneoin na gceisteanna nach bhfuil freagra tugtha fós orthu'