B’fhiú beagán plé a dhéanamh ar chúrsaí aeráide cois Tine Mhór na Nollag…

Agus moltaí faoi mhóin agus eile á bplé againn céard faoi cosc ar charr ar bith a bheith ag muintir na cathrach?

B’fhiú beagán plé a dhéanamh ar chúrsaí aeráide cois Tine Mhór na Nollag…

Ó thaobh na láimhe clé go taobh na láimhe deise. Tuairim ceithre cinn déag acu a bhíodh ar an matal os cionn na tine, nó an mantelpiece mar a thugtaí air sa nGaeilge nádúrtha. 

Bhíodh mo sheanathair á gcomhaireamh. Cártaí Nollag. As Meiriceá a thagadh an chuid is mó acu, cúpla ceann as Sasana agus corrcheann as an tír sin againn féin.

Cineál caitheamh aimsire a bhí ann is dóigh agus é ina sheanfhear cois tine – ach b’fhéidir go raibh níos mó ná sin i gceist, cuimhní cinn nár thuig muide ina ngasúir. Bhí deirfiúracha agus deartháireacha leis imithe go Meiriceá nach bhfaca sé ariamh sa saol ó d’imíodar. Chuile sheans go raibh i bhfad níos mó ná cártaí ildaite Mheiriceá ar a intinn agus é ag comhaireamh ó thaobh na láimhe clé go dtí taobh na láimhe deise, a haon go dtí a 14, aríst agus aríst eile.

Ansin, tharlaíodh go n-osclaíodh duine éigin an doras, ní raibh tada idir an chomhla adhmaid agus doineann an gheimhridh. Shéideadh sionnán isteach an doras a d’fhuadaíodh na cártaí den mhatal, go leor acu isteach sa ngríosach nó isteach sa tine féin.

Seachain! Thagadh ‘fir dhóiteáin’ an tí ar an láthair de léim agus dhéantaí tarrtháil agus múchadh má theastaigh sin ar na cártaí. B’fhéidir go mbeadh lorg na luaithe buí nó loscadh beag ar chorrcheann acu ach ní mba thubaiste sin. Chuirtí ar ais ar an matal iad, ceithre cinn déag ó thaobh na láimhe clé go taobh na láimhe deise. Bhídís comhairthe aríst ag mo sheanathair.

Bhíodh na cártaí, nó na daoine a chuir chugainn iad, ina n-ábhar comhrá agus cainte nuair a chruinníodh daoine isteach timpeall na tine móna ag cuartaíocht. Dhúisítí scéalta nár cluineadh cheana, théití siar i bhfad. Bhíodh scéalta agus suáilceas agus uaigneas na Nollag greanta ar aithinníocha na tine agus an deatach ag sníomh amach an simléar i dtreo na réalta. Thosaíodh mo sheanathair an comhaireamh aríst – ó thaobh na láimhe clé go taobh na láimhe deise – ceann níos lú ná anuraidh agus bhí cúis éigin leis sin. Tuilleadh comhrá timpeall na tine. Dhóití neart móna mar ba í seo tine mhór na Nollag. 

Tá comhrá eile le déanamh anois timpeall ar thine mhór na Nollag, pé áit a bhfuil sí fós lasta. 

D’ordaigh Aire Comhshaoil, Fuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, Richard Bruton, i ngearróga beaga seo na Nollag gur cheart comhrá náisiúnta a thosú faoi dheireadh a chur le gual, adhmad agus móin mar ábhar tine. Ceann de na torthaí a bheidh air sin go gcuirfear deireadh leis an simléar, an teallach agus an tine. Ar mhaithe le stop a chur le deatach agus ábhar truaillithe ag dul amach san aer agus sa spéir atá an polasaí seo á cheapadh amach. Deireadh le deatach.

Rinne Jackie Healy Rae, T.D. duine de chosantóirí na tuaithe sa Dáil, ionsaí ar an bpolasaí seo. Sna sála air, bhí Michael Fitzmaurice, Teachta Dála as toghcheantar Ros Comáin agus cuid de Ghaillimh Thoir, atá ar son na móna. Táthar ag dul thar fóir, a deir an Teachta Fitzmaurice. Tá go leor daoine, faoin tuath go háirithe, ag brath ar mhóin. Baineann siad, triomaíonn siad agus tugann siad abhaile a gcuid móna féin. Beart ciallmhar é sin, agus obair throm freisin, ag daoine a bhfuil portaigh acu. Rud é a rinneadh ariamh agus is crann taca láidir í an mhóin ag go leor teaghlach fós.

Leag Fitzmaurice béim freisin ar an oidhreacht agus ar na traidisiúin a bhaineann leis an bportach agus le húsáid na móna. Peaca marfach a bheadh ann deireadh a chur le húsáid na móna faoin tuath, a deir sé.

Ach comhrá eile atá ar bun timpeall ar an ‘water cooler’ sna cathracha. Níl aon chuimhne ag cuimse de na daoine sin ar lagphortach ná ar chomhrá cois tine. Leis an gceart a dhéanamh, tá go leor de mhuintir na tuaithe imithe ón bportach freisin. Thug mé faoi deara sna figiúirí daonáirimh is deireanaí go bhfuil cúl tugtha ag go leor de mhuintir Chonamara don phortach; táthar ag brath go mór ar an ola. 

Ina dhiaidh sin féin, tá riar maith teaghlach i gcónaí ag coinneáil leis an bportach agus is ar éigean go bhfuil mórán tuisceana ag Leo Varadkar agus ag Richard Bruton air sin. Dar le leithéidí Healy Rae agus Fitzmaurice léiríonn an comhrá is deireanaí faoin mbreosla neamhshuim lucht na Dála i saol na tuaithe.

Ó tharla gur comhrá é b’fhéidir gurbh fhiú freisin comhrá náisiúnta a thosú thart ar thine mhór na Nollag nó thart ar an ‘water cooler’ faoi bhearta mar seo:

  • Moladh nach gceadófaí do theaghlach ar bith i gceantair chathrach carr a bheith acu, seachas ar chúiseanna ar nós tiománaithe a bheadh faoi mhí-chumas. Tá na seirbhísí gar go maith do mhuintir na gcathracha agus tá córais iompair phoiblí ar fáil go réidh. Chuirfí an cosc seo i bhfeidhm taobh istigh de thréimhse áirithe blianta. (Ar ndóigh, bheadh rudaí ar nós carranna gnó, soláthar seirbhísí srl le cur sa gcomhaireamh freisin. Creideann na saineolaithe go bhfuil an cás an-phráinneach agus go dteastaíonn bearta móra. Céard faoin gceann seo?).
  • Go nglacfadh daoine óga – go hidirnáisiúnta – leis nár cheart a bheith ag taisteal an oiread agus a bhíonn siad, go háirithe thar sáile in eitleáin agus ar laethanta saoire i dtíortha i bhfad ó bhaile. D’fhéadfaidís gearradh siar 50% ar thaisteal den cineál seo, mar shampla. Tá go leor breosla agus deataigh ag dul in aer de bharr an chineáil sin taistil agus tá daoine óga glórach faoin truailliú. 

Meas tú an dtarlóidh a leithéid sin de chomhrá nó an bpléifear bearta mar iad? Níl a fhios agam! Ach b’fhéidir gurbh fhiú beagán plé a dhéanamh ar na smaointe sin cois tine i dtréimhse seo na Nollag, fad agus atá simléar, teallach agus tine fós againn.

Ar an taobh eile den scéal agus don chomhrá, b’fhéidir go mbeadh sé chomh maith céanna an cineál sin ceiste a fhágáil nó go mbeidh dhá lá dhéag na Nollag thart.

Feictear dom féin go mb’fhearr i séasúr seo an aoibhnis na cártaí agus na teachtaireachtaí téacs a chomhaireamh agus, mar a dhéantaí in aimsir mo sheanathar, fonn a chur leis na ‘Bogs of Shanaheever’ timpeall na tine móna. 

Fág freagra ar 'B’fhiú beagán plé a dhéanamh ar chúrsaí aeráide cois Tine Mhór na Nollag…'

  • lucyrua

    Is fiú go mór crainnte a chur faoi Nollaig. Déanann siad ábhar tine breá. Neart curtha againn féin anseo i gConamara le dó amach anseo. Fásann an feá, an fhuinseog, an coll agus an dair go breá. Iad ar fáil an-saor an tráth seo bliana má cheannaíonn tú carnán acu.