B’fhéidir nach bhfuil an cluiche chomh leamh is a taibhsítear dúinn uaireanta…

Is léir le tamall go bhfuil spéis an phobail ag trá sa chluiche idirchontae féin

B’fhéidir nach bhfuil an cluiche chomh leamh is a taibhsítear dúinn uaireanta…

Tá deireadh seachtaine eile gafa tharainn agus cé ná fuil sé aon phioc níos soiléire d’aon duine againn cé leis a bheidh rith an ráis i ndeireadh na craoibhe caide i mbliana, is léir le tamall go bhfuil spéis an phobail ag trá sa chluiche idirchontae féin.

Bhí éachtaint eile againn air seo nuair nach bhfacthas ach 8,216 duine i láthair i bPáirc Uí Nualláin don gcluiche idir Áth Cliath agus Cill Dara, dhá chontae le daonra mór agus le traidisiún láidir caide.

Nílim chun leanúint le port an éadóchais anseo toisc nach aon nuaíocht é seo. Táthar ag caint le tamall anois ar an sánas aisteach a thiteann i measc an lucht leanúna nuair a thosnaítear ar na pasanna láimhe sall is anall, trasna agus siar an pháirc.

Cé go bhfuil, ar an mórgóir, máistreacht ag cuid mhaith imreoirí ar na bunscileanna is coitianta a bhíonn á n-úsáid le linn cluichí, is iad lascáil agus greamú na caide san aer is mó a chuireann an cuisle ag preabadh agus táid siúd tearc go maith na laethanta seo.

As an dteirce sin agus as an easpa comhraic beirte, fear ar fhear – comhrac atá imithe as an gcluiche ar fad geall leis – a thagann an sánas. Sa tsánas seo a thosnaíonn an cogar mogar i measc an lucht leanúna sna seastáin is sna hardáin.

Bhí páirtí liom thall ar thailte cruicéid Lord’s i Londain le déanaí agus dúirt sé liom go bhfuil lucht leanúna an chluiche sin dulta i dtaithí ar an sánas san le blianta fada agus go líontar an folús le deoch mheisciúil, le braon fén bhfiacail agus le bogadh áirithe ar a bhfuil le cogaint os do chomhair amach. Nár lige Dia gurb shin é an bóthar atá i ndán dúinn!

An rud is aistí ar fad faoin ndíospóireacht timpeall ar an gcluiche nua seo ná an dá thuiscint éagsúil atá ar an gcluiche agus an choimhlint atá idir na tuiscintí sin.

Ar thaobh amháin tá lucht imeartha agus lucht oiliúna na gcluichí a thuigeann níos fearr ná aon duine againn an treo atá á thógaint. Is í an tseilbh agus cosaint na seilbhe a riarann agus a rialaíonn imirt an lae inniu.

‘Coinnibh an chaid ar ais nó ar éigean agus dein iarracht bearna a aimsiú trí dhearmad nó faillí ón bhfreasúra’ – sin é rosc na bua sa lá atá inniu ann. Tá scata i dtionscal na bpodchraoltaí agus na hiriseoireachta atá cruthaithe timpeall ar an gcluiche (iarimreoirí ar mo dhálta féin ina measc) ar an dtaobh céanna den ndíospóireacht toisc go bhfuil láimh sa roinnt acu ach tá cuid acu siúd féin ag éirí míshuaimhneach le treo na himeartha faoin dtráth seo.

Ar an dtaobh eile agus ar thuiscint eile ar fad, tá an lucht féachana a bhraitheann, ar chúiseanna éagsúla (costas, mealltacht, rialtacht agus caighdeán na gcluichí ina measc) scoite amach ón ngleo.

Comhrá a bhí agam féin i mBealach Féich Dé Domhnaigh le duine des na hiarimreoirí céanna, Máirtín Mac Aoidh, ó Dhún na nGall a spreag allagar na seachtaine seo uaim. Tá Mark McHugh, mac Mháirtín, ar an dtaobhlíne le Ros Comáin agus ag éirí go diail leis. Bhí an seana-leaid, áfach, ag cáiseamh na bpaistí móra fada imeartha nach dtarlaíonn aon ní lena linn. An bhreis is sé nóimeat seilbhe Ros Comáin an tseachtain roimis sin in aghaidh Átha Cliath an sampla mór is déanaí de sin. Bhí an bheirt againn ar aon fhocal faoin ngá atá le hathruithe i rialacha na gcluichí chun earra níos fearr a thabhairt don lucht féachana. An dá athrú is mó a bhí á mbrú againn, go laghdófaí líon na n-imreoirí ó chúig dhuine dhéag go trí dhuine dhéag agus go gcuirfí iachall ar gach foireann triúr nó ceathrar a fhágaint laistigh den líne 45 méadar i gcónaí. Bheimis ag cur is ag cúiteamh go maidin gheal fé rialacha na gcluichí ach níorbh é ár gcúram é bheith ag tincéireacht leis na rialacha agus ráinig go raibh cluiche réasúnta maith á imirt os ár gcomhair amach.

Cé go raibh taispeántas an lae ag Oisín Gallen agus roinnt ruathair mhaithe ó leithéidí Eoghan Bán Gallagher agus Daire Ó Baoill, ba léir go raibh imirt Dhún na nGall róbhriosc, ró-aonarach agus rómhaol chun aon díobháil cheart a dhéanamh. Ba léir leis, go dtógfaidh sé rud éigin speisialta chun rabhartaí Dhoire a mhaolú i mbliana.

Tá ceannairí i ngach aon líne ar fuaid na páirce acu – Chrissy McKaigue, Gareth McKinless, Conor Glass agus Brendan Rogers, Paul Cassidy agus Shane McGuigan. Tá cúl báire cliste acu, Odhran Lynch, agus tá duine de na cosantóirí is géire agus is tapúla sa chraobh acu, Conor McCluskey. Nuair a théann siad chun tosaigh, is go mall ar dtúis é agus ansan de phreib tar éis a dtomhas a fháil ar a bhfuil rompu, bíonn colúin reatha deas agus clé acu a chuirfeadh mearathal ar an gcosaint is eagraithe amuigh.

Sea, d’fhágas Bealach Féich tráthnóna Dé Domhnaigh agus scaoileas fén mBearnas Mór aduaidh le lón machnaimh. B’fhéidir nach bhfuil an cluiche chomh leamh is a taibhsítear dúinn uaireanta. B’fhéidir go bhfuil sméaróid éigin sa luaithreach i gcónaí do Dhún na nGall go bhféadfaí léas éigin dóchais a bhaint as roimh dheireadh na craoibhe agus b’fhéidir, thar aon ní eile, gurbh fhiú do shúil a choimeád ar Dhoire.    

Fág freagra ar 'B’fhéidir nach bhfuil an cluiche chomh leamh is a taibhsítear dúinn uaireanta…'

  • Eamonn Mac Niallais

    Deacair a rá caide atá i ndán don peil Ghaelach ach i mo bharúil féin, caithfear dul i ngleic leis an staid reatha. Tá sé níos mó cosúil le cispheil faoi láthair ach nach bhfuil aon ‘shot clock’ i gceist. Ní shílim go bhfuil sé taitneamhach don lucht féachana nó d’fhéadfá dul amach agus cupán tae a fháil fad agus atá an anonn agu anall ar siúl! Ní shilim go bhfuil sé tarraingteach ach an oiread do na himreoirí sciliúla/cruthaitheach agus ba sin na himreoirí ata muid uilig ag iarraidh bheith ag breathnú orthu agus ata muid ag iarraidh bheith ag mealladh i dtreo na peile Gaelaí. Níl aon locht agam ar na bainisteoirí/imreoirí mar is leir gurb é sin an stíl imeartha is éifeachtaí faoi mar a sheasann na rialacha faoi láthair. Ach caithfidh chuile spórt athrú le dul i ngleic le treoachtaí úra agus tá sé thar am don CLG feidhmiú.