B’fhéidir gurbh fhearr gan an stair ghránna a chur i bhfolach

Níl amhras ar bith le coicís anuas ach go bhfuil ceachtanna na staire ó thaobh an chiníochais agus agus an choilíneachais dá meabhrú dúinn go minic

B’fhéidir gurbh fhearr gan an stair ghránna a chur i bhfolach

Ag labhairt dó i bParlaimint na Breataine i 1948 rinne Príomh-Aire na Breataine Winston Churchill tagairt don mhéid a dúirt an fealsúnaí Spáinneach George Santanaya ag tús an chéid seo caite.

Those who fail to learn from history are condemned to repeat it” an leagan a bhí ag Churchill den bhreithiúnas a thug an fealsúnaí orthu siúd nach bhfoghlaimíonn ceachtanna na staire.

Níl amhras ar bith le coicís anuas ach go bhfuil ceachtanna na staire ó thaobh an chiníochais agus lámh láidir an chine ghil agus chumhachtaí móra an choilíneachais dá meabhrú dúinn go minic.

Tá díospóireacht tagtha as na hagóidí agus na léirsithe ar son an chomhionannais faoi na dealbha agus na leachtanna cuimhneacháin atá i ngach tír i gcuimhne ar phearsana mór le rá na staire.

Maidin inné tógadh dealbh Edward Colston as an abhainn in Bristol agus tá sé i gceist an dealbh a shocrú anois in iarsmalann sa gcathair.

Dá bhrí sin, ní bheidh Colston á ghlanadh as cuimhne mhuintir na cathrach; beidh sé á chur i bhfolach agus ní bheidh deis a rá go raibh baint go leor aige le forbairt na cathrach agus gur ar dhromanna sclábhaithe agus lena gcuid allais a tógadh í.

Anseo in Éirinn tá caint ar leacht cuimhneacháin do Christopher Columbus i nGaillimh agus dealbh do John Mitchell in Iúr Chinn Trá a thógáil anuas.

Thacaigh an bheirt acu leis an sclábhaíocht, deirtear linn.

Tá méara Londan Sadiq Kahn ag iarraidh go gcuirfí liosta diarsmaí le chéile ar chóir fáil réidh leo sa chathair sin mar go dtugann siad drochlaethanta an choilíneachais agus na himpireachta chun cuimhne.

Tá an díospóireacht chéanna faoi dhealbh don Tiarna Dundass i nDún Éideann.

Tá iarrachtaí ar bun sna Stáit Aontaithe le fada fáil réidh le haon rian de stair na tíre fad agus a bhaineann sí leis an sclábhaíocht. Teastaíonn uathu aon chuimhne de na Stáit ó dheas agus den sclábhaíocht a ghlanadh as cuimhne na tíre. Tá fiú Gone with the Wind bainte ag HBO dá seirbhís teilifíse mar go mbaineann sé le ciníochas agus sclábhaíocht.

Má chuireann muid na rudaí seo ar fad i bhfolach agus má chuireann muid taobh thiar de dhoirse dúnta iad an bhfuil muid ag  déanamh leas na ndaoine a dfhulaing?

An bhfuil muid ag foghlaim na gceachtanna is dual dúinn a fhoghlaim?

Nárbh fhearr i bhfad na dealbha seo a bheith ina sampla de na rudaí nár cheart a dhéanamh agus nár cheart a bheith ag tarlú sa saol?

Cuimhnímis gur beag stair atá á foghlaim anois ag daoine óga i gceachtar de na tíortha a bhfuil an díospóireacht seo iontu? An bhfuil an baol ann nach mbeidh acu le foghlaim uathu ach na claonta ciníocha seanbhunaithe?

Cén fáth nach mbaineann muid leas as na deiseanna seo le stair ghránna chruálach an domhain a chur i láthair agus a rá gur sampla í dúinne de na botúin a rinneadh san am a caitheadh agus gur mithid ceachtanna a fhoghlaim uathu?

Fág freagra ar 'B’fhéidir gurbh fhearr gan an stair ghránna a chur i bhfolach'

  • Poraic o'hEipicín

    Sár smaoineamh.

  • Pádraig

    Má bhíonn tú ag siúl thar dealbh do Oliver Cromwell gach lá atá tú ag obair i Westminster thall i London, cad atá ag dul isteach i do chuimhní? Cleacht nó pian? Is minic a bhí pian agamsa thar na blianta nuair a bhí mé ann, mar seas Cromwell do na droch rudaí ach fós tá sé suas ar “pedestal”. Caithfimid dealbh nua a thógaint.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máirín Ní Ghadhra, ‘B’fhéidir gurbh fhearr gan an stair ghránna a chur i bhfolach,’ tuairisc.ie, Dé hAoine, Meitheamh 12, 2020.

    Cad chuige do Mháirín Ní Ghadhra ‘Christopher Columbus’ a thabhairt ar fhear a bhfuil dealbh i gCathair na Gaillimhe de, más alt Gaeilge atá sí a scríobh? ‘Críostóir Colambas’ an leagan atá in téarma.ie air siúd. An raibh focal Béarla ag Colambas? Ar aon chuma, cén t ainm a bhí airsean ina theanga dhúchais, nó cén teanga, nó cé na teangacha, ba dhúchas dó?
    Scoláire teanga agus litríochta ba ea an tOllamh Estelle Iriziarry, ar Ollscoil Georgetown in Washington D. C., trócaire uirthi. Rinne sise amach sa bhliain 2009 gur de shliocht conversos ba ea Colambas, is é sin le rá, de shliocht Giúdach ón Leithinis Ibéarach a d’iompaigh ina gCríostaithe, má b’fhíor, ach ar lean cuid acu orthu ag cleachtadh an Ghiúdachais go príobháideach. Beireadh ar scata acu seo, agus tarraingíodh os comhair an Chúistiúin iad, agus nuair nach raibh siad sásta éirí as a bheith ag cleachtadh an Ghiúdachais, tugadh ar láimh don Stát iad, agus loisceadh ina mbeatha iad. De shliocht Giúdach ba ea San Treasa le hÍosa. Tharla sé ó uair go chéile sa Leithinis Ibéarach le linn do na Múraigh a bheith fós in uachtar, gur leis na Múraigh, agus nach leis na Críostaithe a thacaigh cuid de Ghiúdaigh na Leithinse. Ar éigean a chreidfí sa lá atá inniu ann go dtarlódh a leithéid. An bháúlacht úd ag Giúdaigh le Múraigh sa Leithinis Ibéarach, ba í ba bhun le cuid den drochamhras a bheith ag Críostaithe ar Ghiúdaigh ansiúd.
    Rinne an tOllamh Iriziarry amach gur ó Ríocht na hArgóine sa Spáinn ba ea Colambas, gurbh í an Chatalóinis an chéad teanga aige, agus go bhfuil an Laideanóis le brath ar an gCaistílis a bhíodh sé a scríobh. Teanga í an Laideanóis a bhíodh ag Giúdaigh na hIbéire le chéile eatarthu féin. Meascán de theangacha Laidineacha agus de theangacha Seimíteacha is ea í. Maireann sí sa Tuirc agus in Iosrael, agus in áiteanna eile. Is béas le cuid de na daoine Ladino a thabhairt uirthi, ach ní thaitníonn an téarma sin le cuid de lucht a labhartha. Cristòfor nó Cristòfol Colam atá as Catalóinis ar Chríostóir Colambas.
    I gcead do Mháirín, ní ‘botún’ ba ea díol agus ceannach daor. D’aon toisc a dhéantaí é. Bhí coinnealbhá le cur de réir na hEaglaise Caitlicí ar aon duine a dhéanfadh daor de dhaoine ar bhonn dhath a gcraicinn, ach lean díol agus ceannach daoine gorma ar aghaidh ar feadh na gcéadta bliain. Cheadaítí tráth daoir a dhéanamh de dhaoine a ndéanfaí príosúnaigh díobh le linn cogadh cóir, agus ráineodh gurbh in cuid den chúis ar lean barbarthacht na daoirseachta ar aghaidh ar feadh na gcéadta bliain sna tíortha ‘Caitliceacha’ féin –– mar gur meascadh an dá dhlí le chéile. Ar a shon sin is uile, cad a dhéanfadh Éire mura bhfuadófaí Pádraig Naofa, ón mBreatain Bheag? Ina dhaor a tugadh Pádraig go hÉirinnn i dtosach.
    Bean a fhaigheann ginmhilleadh dá deoin féin, agus an máinlia a dhéanann an ginmhilleadh, cuireann siad coinnealbhá orthu féin, más Caitlicigh iad; mar a dhéanann na polaiteoirí a vótálann leis sin, agus na gnáthshaoránaigh a vótálann leis chomh maith –– ach a gcuirtear an ginmhilleadh i gcrích de dheasca an vóta. Ach is léir nach bhfuil sé sin ag cur stop leis an nginmhilleadh go fiú sna tíortha a bhíodh ag ligean orthu féin, go dtí le déanaí, gur tíortha Caitliceacha iad, ach a oiread agus a chuir an coinnealbhá stop le díol agus ceannach daor, ar tharla dóibh a bheith gorm.
    Daoine ar imríodh ciníochas orthu féin, nó coilíniú ar a dtír, tarlaíonn sé go nglacann na daoine sin, gan fhios dóibh féin uaireanta, le slata tomhais lucht an chiníochais agus na gcoilínithe. Má chaitheann lucht na Gaeilge ainmneacha a thabhairt ar strainséirí, tugaimis na hainmneach oifgiúla Gaeilge ar na strainséirí sin, nuair nach bhfuilimid cinnte cé na hainmneacha a thabharfaidís féin orthu féin, dá mbeadh saoirse chóir acu chun a leithéid a dhéanamh.

  • Seáinín Mac Conraoi

    Ní chaillfí deiseanna drochshamplaí a fhoghlaim gan leaca cuimhneacháin nó dealbha de dhaoine brúidiúla in áiteanna lárnacha. Ní thógtar dealbha de Adolf Hitler ach ní dhéanfar dearmad air go deo.