B’fhéidir gur liosta amháin a theastaíonn – ceann faoi na rudaí deasa atá le déanamh

Tá mé a cheapadh go bhfuil mé ag éirí níos dearmadaí ná mar a bhíodh mé

B’fhéidir gur liosta amháin a theastaíonn – ceann faoi na rudaí deasa atá le déanamh

Dá mhéid blianta a charnaim os cionn a chéile is dearmadaí a éirím.

Bhuel, tá mé a cheapadh go bhfuil mé ag éirí níos dearmadaí ná mar a bhíodh mé. Ach níl mé in ann cuimhneamh go beacht an bhfuil nó nach bhfuil.

Ó ní de léim a tharlaíonn sé.

Ar dtús is rudaí beaga atá i gceist, leagainn síos mo mhála gualainne, abair, is ní bhínn in ann a rá cár leag mé é. Ansin, am eicínt i mo chuid tríochaidí chuaigh mé ar aghaidh go dtí dearmad a dhéanamh ar ainmneacha anseo is ansiúd. Nó d’fheicfinn duine is bheadh a fhios agam gur aithin mé é as áit eicínt ach ní fhéadfainn a rá cén áit ná cén t-ainm a bhí air.

Théis scaithimh ansin ní raibh mé in ann cuimhneamh ar éadan ná ar ainm go minic nuair a d’fheicfinn duine.

Tagann sé ar ais chugam scaití, b’fhéidir lá nó dhó tar éis dom an duine a fheiceáil. Beidh mé ag níocháin soithí, nó ag filleadh na n-éadaí, ‘Bernadette!’ a fhógraím, nó ‘Aaa, ag an gcamógaí a bhíodh sé!’

Ag na hamanna sin breathnaíonn na gasúir cam orm. ‘An bhfuil tú cinnte go bhfuil tú ok, Mamaí?’

‘Tá,’ a fhreagraím i gcónaí ach a gcuireann siad an cheist sin orm.

Seans gurb é an fáth atá leis ná go mbíonn níos mó rudaí cruinnithe agat i do chloigeann le himeacht na mblianta. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag fás aníos go mbíodh liosta ag imeacht i gcónaí ina phóca ag m’athair.

Ba é an chéad tagairt a chuala mé den liosta nuair a théadh sé go Gaillimh uair sa tseachtain leis an tsiopadóireacht a dhéanamh, turas a thógadh thart ar uair a’ chloig ann agus uair a’ chloig abhaile. Má bhí aon iarratas agat as Gaillimh d’fhéadfá é a iarraidh air agus mura raibh tú róshantach ar fad, thabharfadh sé abhaile chugat é. Chomh fada is go raibh sé ar an liosta.

Is é an t-iarratas céanna a bhíodh agamsa nach mór gach seachtain, an t-eagrán ba dheireanaí den iris Bunty. Irisleabhar do chailíní a bhí ann, seans gur cuimhin leat é má tógadh thú sna hochtóidí nó roimhe.

Chaithfinn faire ar nóiméad nuair nach mbeadh Daid ag obair nó ag caint le duine éigin eile agus ansin ceist thábhachtach na seachtaine a chur air. ’Ar chuma leat Bunty a chur ar an liosta, más é do thoil é?’

An dara céim den iarratas ná fanacht lena thaobh go dtí go bhfeicfinn an liosta ag teacht amach as a phóca agus é á scríobh síos air.  Dúirt sé liom le deireanas gur plean a bhí aige leis an Bunty muid a spreagadh chun léitheoireachta. D’oibrigh sé go maith mar phlean.

Níor thuig mé ag an am cén chaoi go bhféadfadh sé dearmad a dhéanamh ar rud chomh tábhachtach leis an mBunty mura mbeadh sé scríofa ar an liosta.

Anois, tá liostaí agam féin.

Liostaí ag teacht amach as mo chluasa. An iomarca liostaí atá agam agus seans gur ansin atá an fhadhb. B’fhéidir gur cheart dom lorg mo Dhaid a leanacht agus liosta beag a choinneáil i mo phóca do rudaí fíorthábhachtacha amháin.

B’fhéidir go mbainfidh mé triail as, liosta do leabhair nua, is scannáin mhaithe, is áiteanna deasa le cuairt a thabhairt orthu is bíodh an diabhal ag na liostaí eile.

Fág freagra ar 'B’fhéidir gur liosta amháin a theastaíonn – ceann faoi na rudaí deasa atá le déanamh'