B’fhéidir gur chóir do Boris Bán Johnson ceist a chur air féin, cad é a dhéanfadh Fionn Mac Cumhaill?

Tá dhá scéal as an Fhiannaíocht a mhíníonn ár gcás faoin am seo i bhfad níos fearr ná scéal ar bith as miotaseolaíocht na Gréige

B’fhéidir gur chóir do Boris Bán Johnson ceist a chur air féin, cad é a dhéanfadh Fionn Mac Cumhaill?

Seans mór gur chreid an Taoiseach Leo Varadkar go raibh sé thar a bheith cliste agus é ag spochadh as príomh-aire na Breataine, Boris Johnson, agus é ar cuairt i mBaile Átha Cliath le déanaí. Cúrsaí Breatimeachta a thug Johnson anonn go hÉirinn agus ní raibh drogall ar Varadkar sonc slítheánta a thabhairt d’Fhear Bhán na Breataine.

Rinne Varadkar, Ard-Leifteanant an Aontais, tagairt d’Earcail agus Aitéiné, beirt as miotaseolaíocht na Gréige, le buille beag éadrom a thabhairt do Johnson, ceannaire na ceannairce in éadan an Aontais. Seans mór, seans mór ar fad, nár thuig duine ar bith a bhí i láthair gur sonc a bhí ann. Ba chosúil gur tháinig Aitéiné i gcabhair ar Earcail agus é ag cur a shaothair mhóir de féin. Chuirfinn airgead air nár thuig iriseoirí na hÉireann an tagairt agus gur fágadh faoi urlabhraí rialtais gan ainm an tagairt  a mhíniú dóibh, hac ar hac. Bíodh geall go raibh mórán de lucht féachana na preasócáide ag tochas a gcinn agus ag cur ceist orthu féin: ‘Earcail? Cad é an bhaint atá ag Earcail Poirot, an bleachtaire is cáiliúla as an Bheilg, leis an Bhreatimeacht?’

(Mar a shéanfadh fear a scaoil broim i gcuideachta mheasúil, shéan an Rialtas ar ball gur ag déanamh ionsaí ar Johnson a bhí siad. Faraor, má chaithfidh tú an masla a mhíniú, ní masla é.)

Mar sin féin, níl a fhios agam cad chuige ar tharraing Varadkar scéal as miotaseolaíocht na Gréige aníos le cás an Bhreatimeachta a mhíniú. Tá dhá scéal as an Fhiannaíocht a mhíníonn ár gcás faoin am seo i bhfad níos fearr. Cuimhnigh, mar shampla, ar an Ghiolla Deacair agus mar a ghreamaíonn na Fianna dá chapall, duine ar dhuine. Ní thig leo tuirling de dhroim an chapaill agus imíonn an capall leis agus na vótóirí, mo leithscéal, na Fianna, greamaithe de ina n-ainneoin féin: “Níor fhéad duine dá raibh ar a mhuin tuirlingt.”

Sin samhail mhaith don Aontas Eorpach i gcomhthéacs na hÉireann agus na Breataine de. Níor chóir in am ar bith díospóireacht ar bith ar an Aontas a reáchtáil gan tagairt  dhéanamh don dá vóta a chaith vótóirí an Stáit in éadan chonarthaí Liospóin agus Nice. Thug na huaisle abhus, Fine Gael ina measc, thug siad ar na bómáin an dara vóta a chaitheamh go dtí gur vótáil siad mar ba chóir. Tá vótóirí na hÉireann greamaithe de chlibistín an Aontais ó shin agus beidh go deo nó níl cead ag Eorpach ar bith tuirlingt den chapall áirithe seo, is cosúil.

(Ar ndóigh, is é an difear is mó idir vótóirí na Breataine agus vótóirí sa Stát seo go bhfuil rún ag vótóirí na Breataine deireadh a chur lena n-aistear eich – fiú más gá dóibh an capall a scaoileadh.)

Ritheann an scéal Bruíon Chaorthainn leat fosta. Chuaigh pobal na Breataine isteach san áras álainn Eorpach ach níorbh fhada go bhfuair siad amach nárbh ionann fís agus fíor. Agus iad ag dul isteach, ní fhaca siad ‘a leithéid de bhruíon le deiseacht is le háilleacht riamh. Éadaí agus brait bhreátha ar cheithre taobhanna an tí. Bia sochaite ar bhoird órga ann’.

Nach cinnte go gcuirfeadh sé sin ceannáras an Aontais sa Bhruiséil i gcuimhne duit, na bratacha ar foluain taobh amuigh? Agus bia sochaite. Bhuel, is ionann sin agus deontas agus tuarastal ag uaisle an Aontais gan amhras.

Mar sin féin, níorbh fhada gur mhothaigh mórán de phobal na Breataine ‘an boladh bréan a bhí ag éirí as an tine in ionad an bholaidh bhreá a bhí aisti ag teacht isteach dóibh. Thug duine eile faoi deara mar a d’imigh na dathanna éagsúla a chonaic siad nuair a tháinig siad chun an tí ar dtús agus mar a d’athraigh an t-adhmad féin a bhí sna ballaí go dtí nach raibh ann ach slatacha crua righne caorthainn. Agus mar bharr ar an iomlán nach raibh ach aon doras amháin ar bhruíon a raibh seacht ndoirse uirthi ag teacht isteach dóibh … Thug siad iarraidh ar a gcuid arm, ach ní thiocfadh leo cor a chur díobh mar bhí siad greamaithe go daingean den talamh’.

Sea, is iomaí sin doras ar áras an Aontais agus tú ag teacht isteach ach níl ach an t-aon doras amháin ann le dul amach. An cúlstad é sin?

Níl a fhios agam an fiú do Johnson aird a thabhairt ar Earcail. Tá sé féin chomh fionn le Fionn féin. B’fhéidir gurbh fhearr dó ceist a chur air féin agus é ag plé le giollaí deacra agus éalú ón bhruíon chaorthainn: cad é a dhéanfadh Mac Cumhaill?

Fág freagra ar 'B’fhéidir gur chóir do Boris Bán Johnson ceist a chur air féin, cad é a dhéanfadh Fionn Mac Cumhaill?'

  • An Aimsir Chaite

    Ar fheabhas ar fad – idir ghreann agus ghaois sa mhéid seo. Léim gach a scríobhann Pól le háthas croí.

  • Mac an Bhacaigh

    “Glaine ár gcroí, neart ar ngéag agus beart de réir ár mbriathair.” Nach mairg nach ngabhfadh Boris chuige mana sin na Féinne! Agus an triú mír de, go háirithe!

  • MacAnRí

    Galánta..is doiligh aoir ghreannmhar thaircaisneach a chloí …bhí mé ag gáire ag léamh !! Iontach.

  • Eoin O Murchu

    Aontaím. Ceann dena píosa ab fhearr a leigh mé riamh.